Comhghairdeas déanta ag an Aire McEntee le 102 Comhalta nua an Gharda Síochána ag Searmanas Cáilithe sa Teampall Mór
- Foilsithe: 19 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2022
Mná iad 37% de na comhaltaí nua agus taobh amuigh den Stát a rugadh 15% de na comhaltaí nua*
D’fhreastail an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, TD, ar shearmanas cáilithe inniu i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór chun fáilte a chur roimh 102 comhalta nua-fhianaithe an Gharda Síochána.
Tá a gcuid oiliúna tugtha chun críche anois ag na comhaltaí Gardaí nua agus tá siad le cur ar dualgas i Rannáin den Gharda Síochána ar fud na tíre.
Dúirt an tAire McEntee:
“Tá ríméad orm go bhfuil mé ábalta a bheith anseo ar an láthair inniu chun bualadh leis na comhaltaí is nuaí sa Gharda Síochána. Tá a fhios agam nach raibh an cinneadh a rinne na hearcaigh nua dul sa Gharda Síochána éasca le déanamh agus léiríonn sé an dúthracht mhór do sheirbhís phoiblí atá iontu nach bhfuil meas i ndáiríre ach ag beagán daoine uirthi.
Is ábhar speisialta é go bhfuil na comhaltaí nua seo ag dul isteach sa Gharda Síochána an bhliain chéanna a bhfuil comóradh céad bliain an Gharda Síochána ar siúl. Beidh ról tábhachtach ag na comhaltaí seo chun na céad bliain eile seo atá roimh an eagraíocht a mhúnlú. Guím gach rath orthu ina ngairm ríthábhachtach a choinníonn gach duine againn sábháilte.”
Is é an grúpa seo an 27ú grúpa faoi oiliúint a chuir tús lena chuid oiliúna faoin gclár nua BA i bPóilíneacht Fheidhmeach.
Chuir na hearcaigh nua tús le hoiliúint ar líne i Meán Fómhair 2021 ar feadh trí seachtaine agus chaith siad seachtain amháin dianoiliúna i gColáiste an Gharda an Síochána i nDeireadh Fómhair 2021.
Le fianaithe an lae inniu san áireamh, is ionann líon iomlán chomhaltaí an Gharda Síochána anois agus tuairim is 14,396, ardú suntasach ó 12,943 comhalta den Gharda Síochána a bhí ann sa bhliain 2016. Astu sin a thug fianú inniu, is mná iad 38 comhalta (37%) agus ba taobh amuigh den Stát a rugadh 16 comhalta (15%).
Dúirt an tAire chomh maith:
“Ba mhaith liom an Coimisinéir Drew Harris agus eagraíocht níos leithne an Gharda Síochána a mholadh as na hiarrachtaí móra atá á ndéanamh acu le héagsúlacht i measc comhaltaí a spreagadh.
Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfeicfeadh gach duine i sochaí na hÉireann daoine as a bpobal féin ar dualgas leis an nGarda Síochána - Ba mhaith liom fáilte go háirithe a chur roimh an 38 bean a thug fianú inniu chomh maith leis an 16 Garda nua a rugadh taobh amuigh den Stát, lena n-áirítear an Pholainn, an Bhrasaíl, an Úcráin agus an Liotuáin chomh maith le tíortha eile.
Bhí mé sásta freisin an spéis mhór a bhí ag daoine dul sa Gharda Síochána i bhfianaise an fheachtais earcaíochta is déanaí a fheiceáil, ar mná tuairim is 40% de na hiarratasóirí agus ardú suntasach freisin ar líon na ndaoine ó chúlraí mionlaigh a rinne iarratas lena n-áirítear daoine ón Lucht Siúil, Éireannaigh Dhubha agus Éireannaigh Áiseacha.”
Léiríonn Buiséad 2022 tiomantas an Rialtais do chinntiú go mbeidh ár bpobail sábháilte agus go mbeidh na hacmhainní atá de dhíth ar an nGarda Síochána aige chun feidhmiú go héifeachtach. Tá an buiséad a thugann an Rialtas do Choimisinéir na nGardaí fós ag ardú go dtí leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus tá breis is €2 billiún leithdháilte ar an eagraíocht don bhliain 2022.