English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Nic an tSaoi fáilte roimh mhionsonraí faoi phleananna an Gharda Síochána i dtaobh leithroinnt €10 milliún le haghaidh ragoibre

Tá fáilte curtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi TD, roimh na mionsonraí a d’fhógair Angela Willis, Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, i dtaobh conas a úsáidfear an €10 milliún breise a leithroinneadh don Gharda Síochána chun póilíneacht ard-infheictheachta a neartú i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Is i rith na míosa seo caite a d’fhógair an tAire Nic an tSaoi an maoiniú breise le haghaidh ragobair an Gharda Síochána chun méadú a dhéanamh ar phóilíneacht ard-infheictheachta i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tá an tAire tiomanta i leith deimhin a dhéanamh de go mbíonn muintir Bhaile Átha Cliath a oibríonn agus a chónaíonn inár bpríomhchathair, agus go mbíonn daoine a thugann cuairt ar an gcathair, slán sábháilte agus go mothaíonn siad slán sábháilte. Tá láithreacht fheabhsaithe infheicthe póilíneachta ina gné lárnach de bhaint amach an chuspóra sin agus bíonn an tAire Nic an tSaoi i dteagmháil go tráthrialta leis an nGarda Síochána maidir leis an ábhar seo.

D’fháiltigh sí roimh na mionsonraí a chuir an Coimisinéir Cúnta Willis ar fáil inniu i dtaobh conas atá an €10 milliún breise á chaitheamh, agus i dtaobh conas a chaithfear é, chun póilíneacht chomhsheasmhach ard-infheictheachta a sholáthar sa phríomhchathair.

Áirítear an méid seo a leanas i measc na mionsonraí sin:

  • Úsáid mhéadaithe Aonad Náisiúnta Oird Phoiblí an Gharda Síochána i lár na cathrach agus €2m den €10 milliún curtha i leataobh le haghaidh acmhainneacht mhéadaithe i leith ord poiblí

Láithreacht fheabhsaithe infheicthe don Gharda Síochána i suíomhanna straitéiseacha i lár chathair Bhaile Átha Cliath

  • Gardaí faoi éide i lár na cathrach agus tacaíocht á cur ar fáil dóibh ag Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána, ag Marc-Aonad an Gharda Síochána, ag Aonad Gadhar an Gharda Síochána, ag Aonaid Réigiúnacha Freagartha Faoi Airm agus ag Aonaid Phóilíneachta Bóthair
  • Laethanta pleanáilte oibríochtaí ard-tionchair i lár na cathrach agus ar fud na rannán go léir i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath
  • Patróil ard-infheictheachta ar an líonra iompair agus gar do sheirbhísí iompair
  • Oibríocht fheabhsaithe ar son Saoránach, lena n-áirítear béim ar dhul i ngleic le déileáil i ndrugaí ar leibhéal sráide, ar iompar frithshóisialta agus ar urghabháil alcóil i lár na cathrach

Dúirt an tAire Nic an tSaoi an méid seo a leanas:

“I mo cháil mar Aire Dlí agus Cirt, tá mé tiomanta i leith deimhin a dhéanamh de go bhfuil na hacmhainní ag na Gardaí a bhfuil gá acu leo chun pobail níos láidre agus níos sábháilte a chur ar bun. >Cabhróidh an maoiniú breise seo le tiomantas na nGardaí i leith leanúint de phobail Bhaile Átha Cliath a chosaint agus cinnteoidh sé go bhfuil an chathair ina hionad shábháilte do dhaoine chun maireachtáil agus chun cónaí ann agus chun cuairt a thabhairt air.

“Is cúis áthais dom gurb amhlaidh, mar thoradh ar na pleananna atá curtha i bhfeidhm ag Coimisinéir an Gharda, ag an gCoimisinéir Cúnta Willis agus ag lucht bainistíochta an Gharda, go mbeidh póilíneacht ard-infheictheachta ann sa phríomhchathair chun tacú le sábháilteacht i mBaile Átha Cliath.

“Cé nach féidir leis an bpóilíneacht inti féin réiteach a chur ar fáil i leith cuid mhór de na nithe a rannchuidíonn le coiriúlacht nó le mothúchán neamhshábháilteachta i measc daoine, tá póilíneacht ard-infheictheachta thar a bheith tábhachtach i dtaca le gach duine a chónaíonn nó a oibríonn inár bpríomhchathair, nó a thugann cuairt uirthi, a chur ar a suaimhneas.

“Chomh maith leis sin, tá mé ag tnúth le tús a chur le Plean Sábháilteachta Pobail le haghaidh lárcheantar thuaidh chathair Bhaile Átha Cliath i rith na seachtainí atá díreach romhainn. Mar chuid den phlean sin, ar tharraing an Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail a bhunaigh mé féin suas é, aithnítear nach ar an nGarda Síochána amháin atá an fhreagracht i ndáil le sábháilteacht a mhéadú. Ina theannta sin, tá gá le hionchur suntasach ón bpobal áitiúil agus le seirbhísí eile Stáit amhail údaráis áitiúla, an réimse sláinte, an réimse oideachais agus réimsí eile.

“Ach is ag na pobail áitiúla atá an t-eolas is fearr i dtaobh conas sábháilteacht a mhéadú ina gcuid ceantar - agus sin an fáth go bhfuil ról lárnach ag an bpobal i dtarraingt suas na bpleananna seo.”

Tá Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobal Áitiúil Lárcheantar Thuaidh na Cathrach (CSPÁ-anna) ar cheann de thrí cinn de scéimeanna píolótacha atá bunaithe ag an Aire Nic an tSaoi roimh fhorbairt na gcomhpháirtíochtaí ar bhonn áitiúil an bhliain ceo chugainn. Tá CSPÁ Bhaile Átha Cliath chun a Phlean Sábháilteachta Pobail a fhoilsiú i rith na seachtainí atá díreach romhainn.

Ina theannta sin, dúirt an tAire Nic an tSaoi an méid seo a leanas:

“I rith na seachtainí atá díreach romhainn, fógróidh mé an babhta is déanaí deontas maoiniúcháin faoin gciste Nuálaíochta Sábháilteachta Pobal a bhunaigh mé féin chun fáltais bhradacha ón gcoireacht, ar fáltais iad a d’urghabh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla, a athinfheistiú i dtionscadail áitiúla d’fhonn sábháilteacht phobail a fheabhsú.”

Chomh maith leis sin, léiríonn Buiséad 2023 tiomantas an Rialtais i leith deimhin a dhéanamh de go bhfuil ár bpobail sábháilte agus go bhfuil na hacmhainní ag an nGarda Síochána a bhfuil gá acu leo chun bheith ag oibriú go héifeachtach. Leanann an buiséad a sholáthraíonn an Rialtas don Gharda Síochána de bheith ag méadú go leibhéil nach raibh ann riamh roimhe seo agus tá leithroinnt níos mó ná €2 bhilliún ann don bhliain 2023.

Dúirt an tAire Nic an tSaoi go bhfuil borradh faoi earcaíocht sa Gharda Síochána tar éis sos mar gheall ar phaindéim Covid agus tá ranganna nua ag tosú agus á dtabhairt chun críche gach trí mhí i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór.

Dúirt an tAire an méid seo a leanas:

“Is léir go bhfuil méadú leanúnach ag teacht ar an líon earcaithe sa Teampall Mór. Chuaigh 135 oiliúnaí isteach sa choláiste oiliúna i bhFeabhra agus chuaigh 154 oiliúnaí eile isteach ann i mí Bealtaine. Chuaigh rang eile ina raibh 174 oiliúnaí isteach sa choláiste ag deireadh mhí Iúil, agus ba é sin an rang ba mhó ó bhí aimsir Covid ann rud a chuir leis an mborradh faoi chúrsaí earcaíochta.

“Fianaíodh 100 Garda nua i mbliana cheana féin; beidh 470 duine eile i mbun oiliúint ghníomhach - agus tá dhá rang eile le tosú sa Teampall Mór i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag. Agus tá mé ag tnúth le freastal ar bhronnadh na ndintiúirí ar bhaill an chéad ranga eile freisin i mí Dheireadh Fómhair, chomh maith lena bheith ag obair in éineacht le comhghleacaithe sa Rialtas chun a chinntiú go gcoimeádtar an phíblíne thréan earcaithe seo ar bun.

“I gcomhar leis an Aire Stáit, Séamus de Brún, tá mé tiomanta i leith an líon Clár Athstiúrtha Óige a leathnú tuilleadh ar fud na tíre mar gur cláir iad trína ndéantar obair fhíorthábhachtach.”

Tríd an Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig 2021-2027 tá leathnú á dhéanamh ag an Roinn Dlí agus Cirt, agus tá méadú á dhéanamh aici, ar na seirbhísí a sholáthraíonn an líonra Tionscadal Athstiúrtha Óige ar fud an Stáit.

Dá bharr sin, táthar ag díriú ar chláir maidir le hIdirghabháil Luath agus Tacaíocht Teaghlaigh do leanaí atá i mbaol agus, chomh maith leis sin, ar rochtain ar Sheirbhísí cuí Oideachais, Oiliúna agus Óige.

Tá ocht gcinn de Thionscadail Athstiúrtha Óige á maoiniú ag an Roinn Dlí agus Cirt faoi láthair ar tionscadail iad a bhaineann le limistéar Lár Chathair Bhaile Átha Cliath (go háirithe Baile Átha Cliath 1, 7 agus 8) agus tá sí tiomanta i leith méadú a dhéanamh ar an líon TAÓnna ar fud na tíre.

Tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt le haghaidh Tionscadail Athstiúrtha Óige agus tá cómhaoiniú á chur ar fáil ag Clár ESF+ Chiste Sóisialta na hEorpa.

Nótaí don Eagarthóir:

Tá dlíthe nua diana á dtabhairt isteach ag an Aire Nic an tSaoi freisin lena chinntiú go mbíonn fíor-ról ag pobail i dtaca lena gceantair a dhéanamh níos sábháilte.

I measc na ndlíthe nua sin áirítear an méid seo a leanas:

  • An phianbhreith mar gheall ar ionsaí is cúis le díobháil a mhéadú ó chúig bliana go deich mbliana
  • Méadú ó phríosúnacht deich mbliana go príosúnacht saoil a dhéanamh ar an bpianbhreith uasta mar gheall ar comhcheilg chun dúnmharú a dhéanamh
  • Méadú ó sheacht mbliana go 12 bhliain a dhéanamh ar an bpianbhreith uasta mar gheall ar ionsaí a dhéanamh ar Gharda agus ar oibrithe éigeandála

Chomh maith leis sin, le linn di a bheith ag caint ag an searmanas bronnta dintiúirí is déanaí sa Teampall Mór an mhí seo caite, leag an tAire Nic an tSaoi amach a cuid tosaíochtaí maidir le reachtaíocht i rith an chéad seisiúin Dála eile san Fhómhar chun a clár oibre beartais a chur i gcrích, is é sin, pobail níos láidre agus níos sábháilte a chur ar bun.

I measc na dtosaíochtaí sin, áirítear an méid seo a leanas:

  • Le héifeacht ó dháta luath an bhliain seo chugainn, corpcheamaraí a chur á n-úsáid ag comhaltaí den Gharda Síochána, rud nach mór an Bille um Fheistí Taifeadta a achtú ina leith.
  • Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail a chur i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta le héifeacht ó dháta i samhradh na bliana seo chugainn, rud nach mór an Bille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail a achtú ina leith
  • An Ghníomhaireacht nua reachtúil um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe a bhunú faoi mhí Eanáir mar chuid thábhachtach den phlean maidir le Neamhfhulaingt, rud nach mór reachtaíocht a achtú ina leith ar mhaithe leis an ngníomhaireacht a bhunú