Fáilte curtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, roimh thrí fhoilseachán thábhachtacha don Gharda Síochána
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Meitheamh 2023
Plean Póilíneachta 2022 agus Ráiteas Straitéise 2022-24 foilsithe ag an nGarda Síochána agus Tosaíochtaí Póilíneachta do 2022 – 2024 eisithe ag an Údarás Póilíneachta
Béim curtha ar phóilíneacht phobail sa Phlean Póilíneachta nua
9 Meitheamh 2022
Tá fáilte curtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, TD, roimh thrí fhoilseachán thábhachtacha don Gharda Síochána inniu:
- Plean Póilíneachta an Gharda Síochána 2022
- Ráiteas Straitéise an Gharda Síochána 2022-2024
- Tosaíochtaí Póilíneachta 2022 – 2024
Dúirt an tAire:
Ba mhaith liom moladh a thabhairt do chomhaltaí agus d’fhoireann an Gharda Síochána agus an Údaráis Póilíneachta as an obair chrua a rinne siad agus a bhfuil foilsiú na dtrí dhoiciméad thábhachtacha pleanála seo inniu mar thoradh uirthi.
I mbliana táthar ag comóradh 100 bliain den Gharda Síochána, agus is tráth ríthábhachtach é seo don phóilíneacht sa tír seo agus muid ag obair le chéile chun na moltaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn a chur chun feidhme.
Léiríonn na tosaíochtaí a ndéantar achoimre orthu sna foilseacháin seo béim, a bhfuil fáilte roimpi, ar dhaoine, más faoi íospartaigh na coireachta, daoine leochaileacha nó daoine aosta atáimid ag labhairt, nó faoi aon duine a mbíonn cúnamh an Gharda Síochána ag teastáil uathu ó am go ham gan amhras, bíodh siad ar an eolas faoi nó ná bíodh.
Tá sé seo lárnach sa bhéim roinnte a chuirimid ar ‘shábháilteacht phobail’, ar coincheap é a théann níos faide ná mo Roinn agus an Garda Síochána amháin ach ar bunchloch é den fhís chomhchoiteann do sheirbhís póilíneachta a bhfuil luach ag daoine ar an tseirbhís phoiblí a chuireann sí ar fáil.”
Tá an Rialtas tiomanta do thacú le hobair an Gharda Síochána. Tá an maoiniú a thugann an Rialtas do Choimisinéir an Gharda Síochána fós ag ardú go dtí leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus tá breis is €2 billiún leithdháilte air i mbliana. Áirítear air seo soláthar €147 milliún do Chlár TFC agus Tógála agus d’infheistíocht leanúnach san fhlít Iompair, rud a chiallaíonn go mbeidh tuilleadh póilíneachta ard-infheiceachta i mbailte agus i gcathracha na hÉireann.
Tá sé i gceist leis an infheistíocht leanúnach seo a chinntiú go bhfuil flít nua-aimseartha, éifeachtach agus oiriúnach don chuspóir ag an nGarda Síochána agus go bhfuil Gardaí ábalta a bheith ag taisteal go héasca, a bheith le feiceáil agus a bheith freagrúil ar na bóithre agus sa phobal chun coireacht a chosc agus dul i ngleic léi.
Nótaí d'Eagarthóirí
Leis na Tosaíochtaí Póilíneachta deimhnítear na nithe ar mian leis an Údarás Póilíneachta go dtabharfadh An Garda Síochána an méid is mó airde orthu in aon tréimhse ar leith.
Leis na tosaíochtaí sin cuidítear le Coimisinéir an Gharda Síochána réimsí a aithint a mbíonn sé ag teastáil uathu béim bhreise a chur orthu agus/nó infheistíochtaí a dhéanamh in acmhainní chun feabhas a chur ar an tseirbhís a sholáthraítear don phobal agus ar bharr feabhais eagraíocht an Gharda Síochána.
Is féidir rochtain a fháil ar Phlean Póilíneachta an Gharda Síochána (2022) agus ar Ráiteas Straitéise (2022-24) anseo - https://www.garda.ie/ga/fuinn/ar-ranna/oifig-cumarsaide-corparaideach/nuacht-agus-meain/riteas-straitise-an-gharda-sochna-2022-2024.html
Is féidir rochtain a fháil ar Thosaíochtaí Póilíneachta an Údaráis Póilíneachta (2022-2024) anseo - https://www.policingauthority.ie/ga/news/policing-authority-publishes-policing-priorities-for-the-garda-siochana
Déantar na doiciméid a fhoilsítear inniu a fhoilsiú faoi Ailt 20, 21 agus 22 d’Acht an Gharda Síochána 2005.