Fáilte curtha ag an Aire McEntee roimh sheoladh thionscnamh na n-earraí cuimhneacháin comórtha céad bliain
- Foilsithe: 4 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 5 Meán Fómhair 2022
Buíochas gafa ag an Aire le pearsanra uile an Gharda Síochána – idir chomhaltaí reatha agus iarchomhaltaí – as a gcuid tiomantais do bheith ag freastal ar a bpobail
4 Lúnasa 2022
Chuaigh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, TD, i bpáirt le Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, inniu ag Stáisiún na nGardaí, Sráid Chaoimhín chun na chéad chinn de na hearraí cuimhneacháin comórtha céad bliain a bhronnadh ar phearsanra an Gharda Síochána atá ag obair i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Le linn na míosa atá romhainn, gheobhaidh comhaltaí agus baill foirne incháilithe reatha den Gharda Síochána boinn agus monaí faoi seach chun cothrom céad bliain an Gharda Síochána a chomóradh.
Beidh teastas buíochais, arna shíniú ag an Aire Dlí agus Cirt agus ag Coimisinéir an Gharda Síochána araon, á thabhairt amach in éineacht leis na hearraí cuimhneacháin seo.
Tá Gardaí atá ar scor leis na hearraí cuimhneacháin a fháil freisin, agus bronnfar boinn ar neasghaolta Gardaí a maraíodh i mbun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, agus ar bhaintreach mná/fir Garda ar scor a fuair bás. Ar an gcaoi chéanna, bronnfar monaí cuimhneacháin ar bhaill foirne an Gharda Síochána atá ar scor agus ar bhaintreach mná/fir baill foirne ar scor a fuair bás.
Tá bronnadh na n-earraí seo mar chuid de chlár tionscnamh náisiúnta níos leithne ón Roinn Dlí agus Cirt faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar bhunú an Gharda Síochána.
Is éard a dúirt an tAire McEntee ag an ócáid bhronnta inniu:
"Bliain ab ea 1922 a bhí suntasach go maith ó thaobh na n-imeachtaí foirmitheacha i stair an Stáit. Ba sa bhliain sin a bunaíodh seirbhís náisiúnta póilíneachta na tíre, An Garda Síochána, agus í anois forbartha ina heagraíocht a aithnímid sa lá atá inniu ann, 100 bliain ar aghaidh.
I m’Aire Dlí agus Cirt dom, is ábhar mórtais dom an obair ríthábhachtach a dtéann comhaltaí agus baill foirne an Gharda Síochána ina bun gach uile lá.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú buíochas a ghabháil libh, agus le bhur réamhtheachtaí, as an obair bhunriachtanach atá déanta agaibh, agus a dhéanfaidh sibh amach anseo, chun an tír seo a choinneáil slán.”
CRÍOCH.../