Fógraíonn an tAire Dlí agus Cirt Eiléana Nic an tSaoi agus an tAire Stáit Séamus de Brún Tionscadail Nua Athstiúrtha Óige
- Foilsithe: 23 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Fógraíodh Tionscadail Nua Athstiúrtha Óige i Muineachán, Cill Mhantáin, Corcaigh agus Maigh Eo
- Is sprioc thábhachtach í sin maidir leis an tiomantas chun an tseirbhís YDP a chur ar fáil do gach duine óg a dteastaíonn sí uaidh.
Dheimhnigh an tAire Dlí agus Cirt Eiléana Nic an tSaoi TD agus an tAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt James Browne TD inniu gur roghnaíodh ceithre Thionscadal nua Athstiúrtha Óige chun maoiniú a fháil.
Oibríonn Tionscadail Athstiúrtha Óige (TAÓnna) le daoine óga atá i mbaol dul iompú ar an gcoireacht agus ar iompar frithshóisialta chun iad a atreorú ó iompar coiriúil i dtreo saol níos fearr.
Is príomhthacaíocht é don Gharda Síochána in oibriú Chlár reachtúil na nGardaí um Atreorú na nÓg faoi Acht na Leanaí 2001.
Tá méadú suntasach tagtha ar mhaoiniú do Thionscadail Athsiúrtha Óige agus do bhearta eile um Cheartas i leith an Aosa Óig le blianta beaga anuas, ó €18 milliún in 2020 go dtí leithdháileadh iomlán de bheagán os cionn €30 milliún i mBuiséad 2023 – méadú 67% le trí bliana.
Roghnaíodh na ceithre iarratas ar éirigh leo sna ceantair - Muineachán, Cill Mhantáin, Corcaigh agus Maigh Eo – le haghaidh TAÓnna nua tar éis próiseas oscailte iarratais agus breithmheasa. Gheobhaidh siad maoiniú €1.5 milliún ar a laghad i mbliana.
Anois tar éis fhógairt na TAÓnna nua, tá an Rialtas níos gaire dá sprioc maidir le clúdach iomlán náisiúnta a bheith aige ar TAÓnna, rud a chinnteoidh go mbeidh seirbhís ar fáil do gach duine óg a dteastaíonn sí uaidh.
Tá dhá TAÓ eile ag teastáil chun feidhmiú céimneach náisiúnta a bhaint amach, agus táthar ag súil go bhfógrófar iad sin sna míonna amach romhainn.
Tá 106 TAÓ ar fud an Stáit faoi láthair agus beidh 110 ann leis na ceithre cinn bhreise sin.
Ina measc seo tá ocht dTionscadal Athstiúrtha Óige a chlúdaíonn limistéar Lár Chathair Bhaile Átha Cliath a oibríonn leo siúd idir 12-17 mbliana d'aois agus 8-11 bliana d'aois, chomh maith le tacaíochtaí teaghlaigh a chur ar fáil. Tá maoiniú iomlán os cionn €3.2 milliún faighte ag na hocht dtionscadal seo i mbliana.
Agus í i mbun cainte inniu, dúirt an tAire Nic an tSaoi:
Tá mé tiomanta do phobail láidre agus shábháilte a fhorbairt agus, cé go bhfuil póilíneacht ard-infheictheachta tábhachtach, tá a fhios agam nach féidir an sprioc sin a bhaint amach trí phóilíneacht amháin.
Ní mór dúinn breathnú freisin ar réitigh níos leithne chun a chinntiú gur áiteanna sábháilte iad ár bpobail ionas go mbeidh daoine in ann cónaí, obair agus a dteaghlach a thógáil iontu.
Trí thorthaí a fheabhsú do dhaoine óga atá i mbaol iompú ar shaol na coiriúlachta, is féidir linn difríocht bhuan a dhéanamh do chaighdeán na beatha, ní hamháin do dhaoine óga, ach don phobal ar fad.
Úsáidtear an taighde is fearr atá ar fáil agus fianaise shaineolach a bhaineann le daoine óga a choinneáil ar shiúl ón gcoiriúlacht chun an maoiniú a chuirimid ar fáil d'atreorú na n-óg a threorú i gcónaí.
Tá sárobair á déanamh ag mo chomhghleacaí, an tAire de Brún, chun an Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig a chur i bhfeidhm agus táimid araon meáite ar chlúdach iomlán náisiúnta a fheiceáil do TAÓnna sna míonna amach romhainn.
Tugadh fógra an lae inniu i ndiaidh don Aire de Brún Céad Tuarascáil Mheastóireachta TAÓ i mí an Mheithimh a fhoilsiú. Tugadh aird sa tuarascáil ar an obair dhearfach leanúnach atá á déanamh ag TAÓnna, lena n-áirítear na leibhéil arda rannpháirtíochta agus an tionchar thar a bheith dearfach atá acu ar fhormhór na ndaoine óga a úsáideann a gcuid seirbhísí.
Léirigh an mheastóireacht nach raibh an bhaint chéanna ag daoine óga a bhí páirteach in TAÓnna le hiompar coiriúil ná frithshóisialta, go raibh scileanna féinmhuiníne agus cumarsáide feabhsaithe acu, go raibh siad níos sona, agus gur tháinig feabhas iomlán ar an dóchas.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi freisin:
Léirítear sa tuarascáil mheastóireachta gur lú an bhaint a bhíonn ag daoine óga le coiriúlacht agus le hiompar frithshóisialta mar thoradh ar idirghabhálacha ár TAÓnna agus go bhfuil siad níos dóchasaí faoina dtodhchaí.
Leanfaimid orainn ag breathnú ar bhealaí ar féidir linn tacú le daoine óga atá i mbaol trí idirghabhálacha atreoraithe óige. Sa bhabhta maoinithe is déanaí do TAÓnna, iarradh moltaí go sonrach maidir leis na bealaí chun idirghníomhú níos fearr a dhéanamh leis an gcohórt atá 'níos deacra a bhaint amach', lena n-áirítear a chinntiú go mbíonn idirghníomhaíocht ann ag an deireadh seachtaine.
Beidh oibrithe atá tiomnaithe do thacaíocht teaghlaigh san áireamh sna hiarratais a roghnófar agus cuirfear cláir éagsúla agus cúnamh le haghaidh tacaíocht teaghlaigh ar fáil."
Dúirt an tAire de Brún:
Is céim thábhachtach eile é roghnú na dtionscadal nua seo i dtreo thiomantas na Straitéise um Cheartas i leith an Aosa Óig chun seirbhísí TAÓ a bheith ar fáil i ngach réimse ar fud an Stáit. Bhí an t-ádh orm go raibh mé in ann cuairt a thabhairt ar TAÓnna ar fud na tíre agus chonaic mé an tionchar dearfach atá acu ar dhaoine óga agus ar phobail áitiúla, rud a léiríodh sa mheastóireacht TAÓ le déanaí.
Ní bhaineann idirghabhálacha ceartais óige le daoine óga ag seachaint pionóis ná iarmhairtí. Tá siad ann chun a aithint go bhfuil tacaíocht agus treoir ag teastáil ó dhaoine óga a théann ar seachrán chun iad a chur ar ais ar an mbóthar ceart.
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo siúd go léir a bhí páirteach sna ceithre thionscadal ar éirigh leo. Gheofar a dhá oiread i ngach euro a infheistímid i dtodhchaí ár leanaí agus, nuair a bheidh siad ag feidhmiú, cuirfidh na Tionscadail nua Athstiúrtha Óige seo an luath-idirghabháil agus tacaíocht ar fáil atá ag teastáil a chuirfidh daoine óga atá i mbaol ar bhealach a leasa."
Nótaí don Eagarthóir
Sa Ghlao ar Thograí i mí na Samhna 2022, cuireadh fáilte roimh thograí ó eagraíochtaí seirbhísí Pobail agus óige chun Tionscadail nua Athstiúrtha Óige (TAÓnna) a bhunú i ndeisceart Mhuineacháin, i gClár Chlainne Mhuiris, i gContae Mhaigh Eo, i nDeisceart agus in Iarthar Chontae Chill Mhantáin agus in Iarthar Chorcaí.
Is tionscnaimh phobalbhunaithe, ilghníomhaireachta, a chuireann cosc ar choireacht óige iad TAÓnna a fhéachann go príomha le daoine óga a bhíonn páirteach in hiompar coiriúil/frithshóisialta, nó a bhfuil baol ann go n-iompóidh siad ar iompar coiriúil/frithshóisialta, a atreorú ón gcóras ceartais choiriúil trí ghníomhaíochtaí oiriúnacha a chur ar fáil chun forbairt phearsanta a éascú, freagracht shibhialta a chur chun cinn agus ionchais infhostaitheachta fadtéarmaí a fheabhsú.
Is príomhthacaíocht iad na cláir seo don Gharda Síochána in dtaobh Chlár reachtúil na nGardaí um Atreorú na nÓg a fheidhmiú faoi Acht na Leanaí 2001.
Tá na tionscadail dírithe go príomha ar dhaoine óga idir 12-17 mbliana d'aois atá "i mbaol" i bpobail inar sainaithníodh riachtanas ar leith agus ina bhfuil an baol go mbeidh teagmháil acu leis an gcóras ceartais nó go bhfanfaidh siad laistigh de.
Trí na nithe sin a dhéanamh, cuireann na tionscadail feabhas ar chaighdeán na beatha laistigh de phobail agus feabhsaítear caidreamh an Gharda Síochána agus an Chomhphobail.
Tá 106 TAÓ ar fud an Stáit faoi láthair. Beidh 110 ann leis na 4 thionscadal rathúla a roghnaíodh.
Chomh maith leis na ceithre TAÓ nua, tá an Roinn Dlí agus Cirt i mbun cainteanna le comhghleacaithe i ngníomhaireachtaí agus ranna eile maidir le cur chuige a thriail i dtaca le coimisiúnú comhtháite, agus cur i bhfeidhm an phrionsabail "no wrong door".
San iomlán, sainaithníodh sé réimse chun an próiseas comhoibríoch a threorú agus aithníodh dhá réimse díobh seo do TAÓnna nua. Tá comhairliúcháin faoi lán seoil maidir leis na TAÓnna seo a bhunú agus cuirfear glao ar léirithe spéise amach i Ráithe 1 2024.
I mBuiséad 2023, leithdháileadh maoiniú breise €2.5 milliún ar sheirbhísí ceartais i leith an aosa óig, rud a mhéadaigh an leithdháileadh buiséid iomlán do na TAÓnna agus do thionscadail eile ceartais i leith an aosa óig go dtí díreach os cionn €30 milliún. Cuirfear an maoiniú seo ar fáil le cúnamh ón taighde is fearr atá ar fáil agus fianaise shaineolach chun daoine óga a choinneáil ar shiúl ón gcoireacht.