English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Dlí agus Cirt Eiléana Nic an tSaoi gairm iarratais maidir leis an gCiste um Shábháilteacht Pobail 2024

Chuir an tAire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi, tús le gairm iarratais maidir leis an gCiste um Shábháilteacht Pobail 2024 inniu. Is ciste seo a cuireadh ar bun d'fhonn luach an fháltais ó choiriúlacht, tar éis don Bhiúró Sócmhainní Coiriúla é a aisghabháil, a infheistiú arís go díreach sa phobal trí thionscnaimh a thacaíonn agus a fheabhsaíonn sábháilteacht an phobail.

€3.75 milliún atá ar fáil do thionscnaimh áitiúla agus leanfaidh an ghairm iarratais ón 30 Bealtaine go dtí an 26 Iúil 2024.

D'fhógair an tAire an ghairm iarratais agus cuairt á thabhairt aici ar Céim ar Chéim in Acadamh Óige Mhaigh Rois ar bronnadh deontas ón gciste air sa bhliain 2023.

An Ciste um Shábháilteacht Pobail

• Dírítear an fáltas ó choiriúlacht ar ais go díreach ar thionscnaimh pobail trína bhfóntar do shábháilteacht an phobail;

• Spreagtar tionscnaimh atá dírithe ar shábháilteacht an phobail arna leagan amach ag na daoine is fearr a thuigeann riachtanais áitiúla maidir le sábháilteacht an phobail;

• Fóntar do scaipeadh an tsárchleachtais faoi shábháilteacht an phobail agus faoi chúrsaí ceartais maidir leis an óige ar eagraíochtaí comhpháirtíochta eile agus ar dhreamanna i bpobail eile de réir mar a bhíonn tograí nua á dtabhairt chun cinn;

• Léirítear agus dírítear aird ar a fheabhas a éiríonn leis an nGarda Síochána agus leis an mBiúró Sócmhainní Coiriúla an fáltas ó choiriúlacht a aisghabháil.

D'fhéadfadh gníomhaíochtaí a bheith san áireamh atá dírithe:

• ar a dhul i ngleic le coiriúlacht nó ar an eagla go dtarlódh coiriúlacht; feabhas a chur ar shábháilteacht an phobail agus ar bhraith an phobail go bhfuiltear sábháilte;

• ar fhreastal do phobal atá sábháilte buanseasmhach a chruthú;

• ar a mhinice a tharlaíonn athchiontóireacht a mhaolú;

• ar dhaoine a bheadh i mbaol a chur i dtreo bhealach a leasa seachas páirt a ghlacadh i gcoiriúlacht.

Is féidir, i mbliana, le tionscadail ar tugadh cistíocht ina leith faoi bhabhtaí roimhe seo den Scéim um Shábháilteacht Pobail cur isteach ar chistíocht in athuair ar choinníoll gur féidir dea-thorthaí tréana ar an obair go dtí seo a léiriú mar chuid den phróiseas iarratais.

Ag labhairt don Aire Nic an tSaoi in Acadamh Óige Mhaigh Rois, dúirt sí mar seo a leanas:

“Tá buntábhacht agamsa lena chinntiú go mbíonn daoine sábháilte agus go n-airíonn siad sábháilte ina bpobail féin ionas gur féidir leis an bpobal sna pobail éagsúla dul ar aghaidh agus a theacht faoi bhláth. Tá níos mó i gceist le sábháilteacht an phobail ná bearta sofheicthe póilíneachta den seanchineál. Tá cur chuige ar fud an rialtais uile de dhíth mar atá go n-oibreodh na daoine sin is fearr a thuigeann sruthanna, buntáistí agus deacrachtaí ina gcomharsanacht féin le chéile ar mhaithe le pobal níos dlúithe agus níos sábháilte a chothú.

“Is ábhar ríméid agam an ghairm iarratais a fhógairt maidir le Ciste um Shábháilteacht Pobail na bliana seo. Tá seo ar cheann de na tionscnaimh a cuireadh ar bun le haird a tharraingt ar an tábhacht atá le grúpaí áitiúla a chothaíonn na daoine ina dtimpeall agus a fheabhsaíonn an saol atá acu. Tá ciste na bliana seo ardaithe go dtí €3.75 milliún agus is cinnte gurb é seo an úsáid is fearr a bhainfí as airgead a eascraíonn ón bhfáltas mar gheall ar choiriúlacht.

“Nuair a thugaimse cuairt ar eagraíochtaí a bhain tairbhe cheana féin ón gciste, mar shampla Céim ar Chéim anseo i Maigh Rois, bíonn deimhniú agus dearbhú i gcónaí ar an tábhacht atá le rannpháirtíocht an phobail agus le hoibriú le chéile maidir le feabhas a chur ar chaighdeán an tsaoil agus ar shábháilteacht an phobail i gcomharsanachtaí áitiúla. I ndáil leis an tionscadal seo Céim ar Chéim, tá CSLDÓ Luimnigh, REPPP (Ollscoil Luimnigh), an Garda Síochána, BOO Luimnigh agus an Chláir, seirbhísí Promhaidh agus ionadaithe Óige ag obair in éineacht ar mhaithe le sábháilteacht an phobail a neartú trí dhaoine a bheadh i mbaol ciontóireachta a chur ar bhealach a leasa ionas gur fearr an saol a bhíonn rompu.

“Is mian liom buíochas a ghlacadh leis na daoine ar fad ar fud na tíre a shaothraíonn go dúthrachtach ar mhaithe le feabhas a chur ar a gcomharsanacht féin agus ar shaol na ndaoine sna comharsanachtaí sin. Táim ag tnúth le toradh na hoibre a dhéantar faoin gCiste um Shábháilteacht Pobail a fheiceáil ar an láthair - is é saothrú seasta na n-iarratasóirí a n-éiríonn leo deontas a fháil faoin scéim is cúis i gcónaí leis an dea-thoradh.”

Dúirt an tAire Stáit maidir le cúrsaí Ceartais i leith an Aosa Óig, Séamus de Brún:

“Tugadh deontais ón gCiste um Shábháilteacht Pobail le blianta beaga anuas do thionscadail áirithe a fheidhmíonn ar mhaithe le feabhas a chur ar an saol do dhaoine óga agus don phobal sna comharsanachtaí, trí na hógánaigh a chur ar mhalairt slí seachas coiriúlacht agus iompar frithshóisialta. Is iad na daoine óga dlúth agus inneach an phobail san am atá romhainn agus tá an Rialtas seo tugtha go hiomlán do thorthaí níos fearr a chruthú do dhaoine óga agus do threisiú le seirbhísí ceartais don aos óg ar gach bealach is féidir. Tá €33 milliún de chistíocht curtha i leith bhearta athstiúrtha do dhaoine óga cheana féin i mbliana ach cuirtear modh eile sa bhreis air sin ar fáil leis an gCiste seo trínar féidir le grúpaí cistí tábhachtacha a thapú maidir le togra dá gcuid a d'fheabhsódh sábháilteacht an phobail. Mholfainn don uile ghrúpa lena mbainfeadh smaoineamh ar iarratas a chur isteach roimh an 26 Iúil agus ba bhreá liom dá gcuirfeadh.” ”

Idir €20,000 agus €150,000 a bheidh deontas de ghnáth. Is féidir an cheist maidir le deontas níos lú ná sin nó níos mó ná sin a mheas de réir thuillteanais an cháis ach is ar bhonn eisceachta a dhéanfaí sin.

Beidh fáilte roimh iarratais maidir le tionscnaimh ar mhaithe le sábháilteacht an phobail nó ó ghrúpaí a ndéanann údaráis áitiúla cómhaoiniú orthu, eagraíochtaí neamhrialtais agus eagraíochtaí pobail atá ag obair ar nithe a bhaineann le sábháilteacht an phobail agus le cúrsaí ceartais leith an aosa óig. Beidh glacadh le hiarratais ó eagraíochtaí faoi leith, nó ó chuibhreannais ina mbeadh dhá eagraíocht, nó líon eagraíochtaí níos mó ná sin, agus inar eagraíocht pobail, eagraíocht neamhbhrabúis, fiontar sóisialta nó eagraíocht eile den chineál sin an príomhpháirtí, agus feidhmeanna acu a bhaineann le sábháilteacht an phobail agus le cúrsaí ceartais i leith an aosa óig. Tabharfar aird faoi leith ar iarratais lena mbaineann cur chuige den nuáil.

• Ní mór foirmeacha iarratais, arna líonadh isteach go hiomlán, a sheoladh ar ais faoin 26 Iúil 2024.

• Tá breis eolais ar fáil ar láithreán gréasáin Gov.ie.

CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir:

• Fógraíodh an Ciste i mí Aibreán 2021 agus cuireadh €2 milliún ar fáil sa bhliain 2022 maidir le 22 tionscadal. €3 milliún a cuireadh ar fáil maidir le 30 tionscadal sa bhliain 2023.

• Faoi Bhuiséad 2024, tá €3.75 milliún á chur ar fáil don Chiste um Shábháilteacht Pobail 2024.

• Áirítear ar na dreamanna atá incháilithe maidir le hiarratas a dhéanamh leis an gCiste um Shábháilteacht Pobail:

o Tionscnaimh maidir le sábháilteacht pobail atá ar bun cheana féin;

o Eagraíochtaí Neamhrialtais agus eagraíochtaí pobail atá ag obair ar réimsí a bhaineann le sábháilteacht an phobail agus le cúrsaí ceartais i leith an aosa óig;

o Eagraíochtaí faoi leith, nó cuibhreannais lena mbaineann dhá eagraíocht nó níos mó agus inar eagraíocht pobail, eagraíocht neamhbhrabúis, fiontar sóisialta nó eagraíocht eile den chineál sin an príomhpháirtí, agus feidhmeanna acu a bhaineann le sábháilteacht an phobail agus le cúrsaí ceartais i leith an aosa óig.

• Níl duine aonair, gnólacht den earnáil phríobháideach, ná eagraíocht nach bhfuil bunaithe in Éirinn nó nach bhfuil ar an bhfód cheana féin in Éirinn inghlactha maidir le hiarratas a dhéanamh faoin scéim cistíochta seo