Fógraíonn Jim O’Callaghan, an tAire Dlí agus Cirt, Feachtas Earcaíochta na bliana 2025 chuig an nGarda Síochána
- Foilsithe: 28 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Feabhra 2025
D’fhógair Jim O’Callaghan TD, an tAire Dlí agus Cirt nuacheaptha, feachtas earcaíochta na bliana 2025 chuig an nGarda Síochána inniu, rud a osclófar le haghaidh iarratais a fháil an 6 Feabhra.
Ag labhairt dó le linn a chuairte ar Stáisiún Gardaí an Bhaile Ghaelaigh inniu, dúirt an tAire O’Callaghan go bhfuil ríméad air gur ceapadh é mar Aire Dlí agus Cirt agus leag sé béim ar a thiomantas do thacú le hearcaíocht chuig an nGarda Síochána.
A bhuí leis an tsuim is mó ná €2.48 billiún a soláthraíodh i mBuiséad 2025, tacófar le comhaltaí nua den Gharda Síochána, baill foirne nua den Gharda Síochána agus Cúltacaí nua den Gharda Síochána a earcú. I gClár an Rialtais, gealltar freisin go dtabharfar cistiú chun 5,000 Garda nua ar a laghad a earcú sna cúig bliana atá le teacht.
Ag fógairt fheachtas earcaíochta na bliana 2025 chuig an nGarda Síochána dó, dúirt an tAire O’Callaghan:
“Tá ríméad orm gur ceapadh mé mar Aire Dlí agus Cirt. Tosaíocht ar leith atá agam – agus bunsprioc inghnóthaithe i gClár an Rialtais uainn – is ea cur le méid an Gharda Síochána chun go mbeimid in ann níos mó gardaí a chur ar an talamh inár bpobail.
“Go bunúsach, rud a ndíreoidh mé air mar Aire is ea feabhas a chur ar an acmhainn atá againn chun Gardaí a earcú agus chun oiliúint a chur orthu go héifeachtach. Cuimsítear i gClár an Rialtais bearta éagsúla chun cabhrú linn an sprioc sin a bhaint amach.
“Is é sin an fáth arb é an chéad fhógra uaim mar Aire ná an fógra seo i dtaobh feachtas earcaíochta nua chuig an nGarda Síochána a bheith á sheoladh an tseachtain seo chugainn.
“Osclófar an feachtas earcaíochta nua seo an 6 Feabhra agus beidh sé ar oscailt le haghaidh iarratais a fháil ar feadh trí seachtaine. Mar a deirtear sa sluán, ‘is post é gur fiú a dhéanamh’, agus tá súil agam go smaoineoidh a oiread daoine agus is féidir ar na deiseanna atá ag gabháil le gairm sa Gharda Síochána agus go gcuimhneoidh siad ar iarratas a dhéanamh.”
Cuireadh dlús le hearcaíocht isteach sa Gharda Síochána tar éis dhúnadh éigeantach Choláiste an Gharda Síochána le linn na paindéime. Tugadh freagairt láidir d’fheachtas earcaíochta na bliana 2024 chuig an nGarda Síochána. Fuarthas 6,400 iarratas, beagnach, ar tháinig trian amháin díobh ó dhaoine idir 35 bliana d’aois agus 49 mbliana d’aois. Ba í sin an chéad uair riamh a bhí daoine a bhí os cionn 35 bliana d’aois in ann iarratas a dhéanamh.
I gClár an Rialtais, tugtar breac-chuntas ar roinnt beart a bhfuil mar aidhm leo an Garda Síochána a neartú, acmhainní na heagraíochta a mhéadú, agus tacaíocht a nuachóiriú chun dul i ngleic leis an gcoireacht. Áirítear leo sin earcaíocht chuig an nGarda Síochána agus próisis oiliúna an Gharda Síochána a athchóiriú chun an acmhainn a mhéadú; scrúdú a dhéanamh ar chlár iontrála luathaithe do chéimithe a thabhairt isteach sa Gharda Síochána; agus Plean Caipitil nua ón nGarda Síochána a chur chun feidhme chun stáisiúin Gardaí a bheidh nua-aimseartha agus dea-fheistithe a sholáthar ar fud na tíre.
Luaigh an tAire O’Callaghan freisin na bearta a rinneadh le déanaí chun dlús a chur leis an earcaíocht isteach sa Gharda Síochána:
“Le blianta beaga anuas, méadaíodh an liúntas do Ghardaí faoi oiliúint go €354, agus is réimse é sin a bhfuilim le súil a chaitheamh air an athuair i gcomhthéacs Chlár an Rialtais. Méadaíodh an uasaois iontrála ó 35 bliana d’aois go 50 bliain d’aois freisin, agus méadaíodh an aois éigeantach scoir go 62 bhliain d’aois – ceapaim go bhfeicfimid go mbeidh tionchar éigin ag na hathruithe sin i mbliana.
“Táim ag súil le hobair le Coimisinéir an Gharda Síochána agus le mo Roinn féin chun seirbhís póilíneachta níos mó agus níos láidre a choimeádann gach duine dínn sábháilte a fhás.”
Is féidir le hiarrthóirí ionchasacha cuairt a thabhairt ar publicjobs.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.