Feachtas na bliana 2022 don phost Earcach Oifigigh Príosúin i Seirbhís Phríosúin na hÉireann seolta an Aire McEntee
- Foilsithe: 15 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 20 Iúil 2022
15 Iúil 2022
Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD, roimh thús a bheith le feachtas 2022 don phost Earcach Oifigigh Príosúin i Seirbhís Phríosúin na hÉireann. Molann an tAire McEntee do dhaoine, go háirithe dóibh siúd a bhaineann le grúpa mionlaigh agus pobail nua na hÉireann, Seirbhís Phríosúin na hÉireann a mheas mar ghairm.
Tá an comórtas á reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí thar ceann Sheirbhís Phríosúin na hÉireann. Tá súil ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann 144 Earcach Oifigigh Príosúin a earcú sa bhliain 2022 chomh maith le 200 oifigeach eile sa bhliain 2023.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee:
Tá ríméad orm go bhfuil comórtas an Earcaigh Oifigigh Príosúin don bhliain 2022 anois oscailte, post a thabharfaidh deis do dhaoine páirt a ghlacadh sna seirbhísí líne tosaigh. Is ról an-dúshlánach agus tairbheach é ról an Oifigigh Príosúin. Breathnóidh príosúnaigh ort mar na daoine a bhfuil an teacht is éasca orthu i saol s’acu, mar dhaoine a bhfuil údarás acu agus mar dhaoine a bhfuil tú in ann foghlaim uathu freisin. Beidh an deis agat cuidiú le príosúnaigh breathnú ar an am a chaith siad faoi choimeád mar dheis an saol s’acu a athrú chun feabhais agus mar thús úr. Agus tú i d’Oifigeach Príosúin beidh ról níos oiriúnaí agat chun taithí cheartaitheach a chur ar fáil agus chun dea-iompar a léiriú.”
Ba ag tús na bliana 2019 a reáchtáladh an comórtas earcaíochta deireanach agus bhí na ranganna fós ar siúl le linn na paindéime. Tá comórtas an Earcaigh Oifigigh Príosúin don bhliain 2022 oscailte go dtí Déardaoin an 4 Lúnasa 2022 ag 3pm.
Dúirt Caron McCaffrey, Ard-Stiúrthóir Sheirbhís Phríosúin na hÉireann an méid seo a leanas freisin,
Tá an-fháilte curtha roimh chomórtas an Earcaigh Oifigigh Príosúin don bhliain 2022 agus léiríonn sé tiomantas s’againne don fhórsa saothair a mhéadú. Is féidir le ról na nOifigeach Príosúin a bheith dúshlánach agus tairbheach araon agus cuirfidh an oiliúint a dhéanann muid tuiscint níos fearr ar fáil do na hiarratasóirí maidir leis an ról casta a bheidh roimh an oifigeach príosúin, ról a mbíonn coimeád sábháilte agus slán a sholáthar chomh maith le cúram agus athshlánú na bpríosúnach ag baint leis.”
Is féidir teacht ar eolas faoin gcomórtas trí chuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí ag https://www.publicjobs.ie/en/.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Maidir le Post an Earcaigh Oifigigh Príosúin
Is é Earcach Oifigigh Príosúin an leibhéal iontrála chuig an tSeirbhís agus tá sé molta painéal a bhunú chun na folúntais a thiocfaidh chun cinn i Seirbhís Phríosúin na hÉireann a líonadh.
Líonfar na folúntais ag leibhéal an Earcaigh Oifigigh Príosúin ar dtús. Nuair a éiríonn leis an Earcach Oifigigh Príosúin 3 bliana de sheirbhís a chríochnú lena n-áirítear promhadh agus Ardteastas i gCúram Caomhnóireachta, ceapfar an tEarcach Oifigigh Príosúin ina Oifigeach Príosúin aitheanta.
Feidhmíonn príosúin 24 uair sa lá, seacht lá sa tseachtain. Mar thoradh air sin, beidh ar Earcaigh Oifigigh Príosúin 2,035 uair bunúsacha a oibriú sa bhliain bunaithe ar ghnáth-uainchlár de 39 uair sa tseachtain, agus beidh orthu sealanna a oibriú lena n-áirítear dualgais san oíche gach dara deireadh seachtaine, roinnt laethanta saoire poiblí agus séasúir cheiliúrtha eile. Beidh ar Earcaigh Oifigigh Príosúin Uaireanta Breise a oibriú freisin sa bhreis ar uaireanta bunúsacha atá ar an uainchlár suas go dtí 360 uair sa bhliain.
Is féidir le hobair an Earcaigh Oifigigh Príosúin a bheith casta agus deacair, ach is féidir leis a bheith éagsúil, dúshlánach agus an-tairbheach. Tá muid ag cuardach daoine aonair a bhfuil sé de chumas iontu príosúnaigh a thuiscint agus caidreamh a bhunú leo, gairmiúlacht, caoinfhulaingt agus daonnacht a léiriú, agus a bheith ábalta iompar dearfach sóisialta a léiriú. Ba cheart go mbeidís ábalta smaoineamh ar an toirt ó thaobh dul i ngleic le cúrsaí a bhfuil slándáil agus smacht ag teastáil uathu.
Tá an t-eolas maidir leis na hinniúlachtaí atá ag teastáil ó Earcach Oifigigh Príosúin leagtha amach in Aguisín 2. Áirítear orthu sin:
- Daoine eile a Stiúradh
- Tacú le Daoine eile
- Dúthracht
- Teacht Aniar
- Inoiriúnaitheacht
- Láimhseáil Eolais agus Cumarsáid
Riachtanais cháilitheachta
Chun bheith incháilithe do roghnú an Earcaigh Oifigigh Príosúin, ní mór d’iarratasóir na riachtanais uile seo a leanas a chomhlíonadh ar an dáta deiridh an 4 Lúnasa 2022.
(a) Aois
A bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad i.e., ní mór gur rugadh iad ar an 4 Lúnasa 2004 nó roimh an dáta sin;
(b) Cáilíochtaí Oideachais
Ní mór d’iarratasóirí:
(i) grád D3 ar a laghad (O6 ó 2017) ag an nGnáthleibhéal, nó C3 (F5 ó 2017) ag an mbonnleibhéal i gcúig ábhar* ar a laghad a bheith faighte acu san Ardteistiméireacht Bhunaithe; nó
(ii) Mórdhámhachtain Leibhéal 5** (120 creidiúint) ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) a bheith faighte acu; nó
(iii) cáilíocht aitheanta (ag Leibhéal 5 nó níos mó) a bheith faighte acu, atá mar an gcéanna leis na cinn thuas ó thaobh an leibhéil agus an méid foghlama araon faoi mar atá socraithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI)
I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí a mheas gur ionann Pas san Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Ardteistiméireacht.
- Is féidir Pas nó níos fearr ná sin san ábhar Nascmhodúl a chomhaireamh mar ábhar amháin.
**Beidh 120 Creidiúint ag mórdhámhachtain Fetac Leibhéal 5 nó Leibhéal 6 (Tabhair ar aird nach bhfuil i dteastas ar bith eile a bhfuil uimhir níos ísle aige ach Miondámhachtain agus níl sé leordhóthanach chun cáilitheacht a shocrú).
Nóta: D’fhéadfadh meascán de dhá shuí scrúdaithe nó níos mó a bheith ceadaithe chun cáilitheacht a shocrú.
Pá agus Tuarastal Liúntas
Ón 1 Feabhra 2022 amach, baineann an scála tuarastail seo a leanas le hEarcaigh Oifigigh Príosúin:
PPC €31,337.00 €32,545.00 €35,379.00
An Gnáth-Uasmhéid
Beidh cead isteach ag íosphointe an scála.
Tuillfidh obair Dé Sathairn, Dé Domhnaigh, saoirí poiblí agus oícheanta íocaíochtaí arda. Gheobhaidh Earcaigh Oifigigh Príosúin liúntais eile e.g., Liúntas Oibriúcháin (8% den tuarastal bliantúil). Leis an 360 uair sa bhreis a chuirtear i leataobh, tuillfear tuilleadh íocaíochtaí arda.
Soláthraítear sa Chóras Uaireanta sa Bhreis do thinrimh bhreise ón bhfoireann. Is éard atá i gceist ná suas go dtí 360 uair an duine ar a mhéad in aghaidh na bliana. (Faoin gcóras sin d’fhéadfaí líon uaireanta níos ísle a chur i leataobh, i.e., 240 uair, 112 uair, nó gan aon uaireanta.)
An Dáta Deiridh
Is é Déardaoin 3pm an 4 Lúnasa 2022 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Moltar iarratas a dhéanamh ar an bpost i bhfad roimh an dáta deiridh ar fhaitíos go mbeadh aon deacrachtaí agat. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta deiridh.