Freastalóidh 1500 saoránach nua ar Shearmanas Saoránachta Bhaile Átha Cliath agus iad i láthair go pearsanta den chéad uair ó 2018
- Foilsithe: 10 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 13 Márta 2023
Cuirfidh an tAire Dlí agus Cirt TD Simon Harris agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O'Gorman fáilte roimh thart ar 1500 saoránach nua Éireannach ag Searmanas Saoránachta Bhaile Átha Cliath agus iad i láthair go pearsanta den chéad uair le breis agus ceithre bliana.
Beidh na Searmanais á reáchtáil inniu i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i nDroichead na Dothra agus bronnfar saoránacht Éireannach ar iarratasóirí ó bhreis agus 100 tír ar fud an domhain. Labhróidh an tAire Harris ag an gcéad searmanas agus labhróidh an tAire O'Gorman ag an dara searmanas.
Agus é ag labhairt roimh an gcéad searmanas inniu, dúirt an tAire Harris,
"Is pribhléid ar leith é freastal ar shearmanas an lae inniu agus fáilte a chur roimh shaoránaigh nua chun na tíre. Nuair a thugtar saoránacht Éireannach do dhuine, ciallaíonn sé sin go bhfuil na cearta agus na pribhléidí céanna aige is atá ag aon Éireannach eile. Beidh sé i dteideal pas Éireannach a fháil, beidh sé in ann vóta a chaitheamh i reifrinn agus beidh sé in ann seasamh d'oifig phoiblí. Is cearta iad sin a athróidh saol duine agus tá súil agam go mbainfidh ár saoránaigh tairbhe astu.
Cuireann searmanais an lae inniu béim ar na buntáistí a bhaineann le hinimirce chun na tíre seo; ní hamháin go mbíonn róil thábhachtacha ag daoine a bhogann anseo ó thar lear i réimsí a bhaineann le lucht oibre agus an geilleagar ach cuireann siad leis an gcultúr freisin agus bíonn ról tábhachtach acu sa phobal áitiúil. Sílim gur gá cuimhneamh air sin ar laethanta amhail an lá inniu agus ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a rinne ár saoránaigh don tír cheana féin."
Cé gur chuir ionaid i mBaile Átha Cliath, amhail Músaem EPIC agus Páirc an Chrócaigh, Searmanais Saoránachta fhíorúla i láthair le linn phaindéim Covid-19, is inniu an chéad uair a reáchtálfar searmanais agus daoine i láthair go pearsanta i mBaile Átha Cliath ó reáchtáladh searmanas sa Cheoláras Náisiúnta i Meán Fómhair 2018.
Lean an tAire Harris air agus dúirt sé,
"Tá an-áthas orm searmanais i bpearsa a bheith ar ais sa phríomhchathair tar éis sos fada. Cé go raibh na searmanais fhíorúla uathúil agus riachtanach le linn na paindéime, nuair a fheictear líon mór saoránaigh nua ag teacht le chéile agus ag ceiliúradh, níl a shárú ann! Tá mé dóchasach go bhfeicfimid níos mó Searmanais Saoránachta á reáchtáil i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile ar fud na tíre sna míonna agus sna blianta amach romhainn."
Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, TD Roderic O'Gorman, a bheidh i láthair ag dara searmanas an lae inniu,
"Is mór an onóir dom bualadh leis na saoránaigh nua inniu agus comhghairdeas a dhéanamh leo agus iad ag fáil saoránacht Éireannach. Ní thomhaistear saibhreas ár náisiúin sa rachmas, ach sna daoine, san éagsúlacht, sna cosúlachtaí agus sa saol roinnte anseo ar an oileán. Déanaim comhghairdeas leis na saoránaigh nua agus iad ag tabhairt faoi na chéad chéimeanna eile den saol in Éirinn."
Is é an t-Oifigeach Ceannais do na searmanais, an Breitheamh Paddy McMahon atá ar scor, agus tabharfaidh sé Dearbhú Dílseachta don náisiún agus tairiseachta don Stát.
Thug na saoránaigh nua faoi dhlí an Stáit a urramú go dílis freisin agus léireofar meas ar a luachanna daonlathacha.