‘Na scéalta is deacra’ – Seoladh feachtais múscailte feasachta nua ar fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe
- Foilsithe: 26 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Feabhra 2025
Tá Séamus Ó Ceallacháin TD, an tAire Dlí agus Cirt, ag seoladh feachtas cumhachtach nua inniu chun feasacht a mhúscailt ar fhoréigean baile agus gnéasach, agus díriú á leagan ar a thábhachtaí atá sé go n-inseodh íospartaigh agus marthanóirí a scéal.
Is é ‘Na Scéalta is Deacra’ an chéad fheachtas náisiúnta múscailte feasachta riamh de chuid Cuan, an Ghníomhaireacht um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe (FBGIB).
Tá sé mar aidhm leis an bhfeachtas, a bhfuil ‘Na scéalta is deacra a insint, is gá iad a insint’ mar shluán aige, léargas a thabhairt ar scéalta ar leith ar fhoréigean, agus aitheantas á thabhairt go bhfuil an iomarca scéalta den sórt sin ann, agus daoine a chumhachtú chun a scéal féin a insint.
Luaigh an tAire Ó Ceallacháin gur coireanna a dhéantar a thearcthuairisciú iad foréigean baile agus foréigean gnéasach agus go bhfuil obair shuntasach á déanamh chun an tuairisciú a mhéadú, lena n-áirítear trí fheachtais feasachta.
Dúirt an tAire freisin:
“Ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag íospartaigh an Fhoréigin Baile, Ghnéasaigh agus Inscnebhunaithe nach bhfuil siad ina n-aonar. Is ar fáil chun éisteacht agus chun cabhair a thabhairt a bhíonn an Garda Síochána, an tSeirbhís Chúirteanna agus seirbhísí eile, lena n-áirítear na tacaíochtaí ríthábhachtacha a soláthraíonn ár n-earnáil pobail, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus dheonach iad.
“Is tábhachtach atá scéal gach marthanóra, agus is é atá i gceist leis an bhfeachtas seo ná daoine a chumhachtú chun a scéal féin a insint agus chun an chéad chéim a thógáil i dtreo cabhair a fháil, ar céim í a bhíonn deacair ina lán cásanna.
“Trí Zero Tolerance, ár straitéis náisiúnta chun Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe a chomhrac, tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn ar na coireanna millteanacha sin a chomhrac agus ar chóras níos inrochtana agus níos dírithe ar íospartaigh a dhéanamh dár gcóras ceartais, agus leanann an obair sin ar aghaidh.
"Sílim gurb é an toradh a bheidh ar na scéalta deacra a insítear san fheachtas feasachta seo ná go ndíreofar intinn gach duine dínn a oibríonn sa réimse seo ar a thábhachtaí atá sé go n-éistfí le heispéiris na ndaoine a bhfuil an foréigean sin fulaingthe acu, go bhfoghlaimeofaí ó na heispéiris sin agus go bhfreagrófaí dóibh, agus tá rún daingean agam é sin a dhéanamh.”
Tá an feachtas dírithe ar dhá fhógra teilifíse, a dtugann an dá cheann díobh léargas ar an méid a chuimhníonn na marthanóirí ar an drochíde a d’fhulaing siad, mar aon le léargas ar conas a mhothaigh siad agus ar conas a mhothaíonn siad fós. Beidh tuilleadh scéalta ó fhir, ó mhná agus ón bpobal LADT+ le feiceáil i sócmhainní eile a chraolfar ar chainéil raidió agus dhigiteacha. Is scéalta iad sin lena mbaineann ciapadh, mí-úsáid, éigniú agus foréigean.
Cé go bhfuil sé deacair na scéalta a insint agus a chloisteáil, is é an rún atá taobh thiar den fheachtas ná daoine a spreagadh agus a chumhachtú chun teacht chun tosaigh. Chomh maith leis an tábhacht a bhaineann leis na scéalta sin a tharraingt anuas, iarrann an feachtas ar an bpobal ról gníomhach a ghlacadh i ndul i ngleic le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe agus tugann sé faisnéis faoi conas is féidir tacaíocht a thabhairt do dhaoine is íospartaigh nó is marthanóirí, faoi na comharthaí ar cheart súil a choinneáil amach dóibh, agus faoi conas is féidir leo a nguth a úsáid chun athruithe a bhaint amach.
Dúirt an Dr Stephanie O’Keeffe, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Cuan:
“Tá taithí íospartaigh agus mharthanóirí an fhoréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe i gcroílár na luachanna a thugaimid dár gcuid oibre in Cuan. Sin é an fáth ar cheapamar gur cheart an t-eispéireas sin a thabhairt i lár an aonaigh leis an gcéad fheachtas feasachta poiblí riamh de chuid ár nGníomhaireachta.
“Is í teachtaireacht uileghabhálach an fheachtais ná gur rud coitianta i sochaí na hÉireann é Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe, ach cuirtear i bhfolach é nó déantar neamhaird de ina lán cásanna.
“Leis an bhfeachtas seo, tá sé de rún againn feasacht a mhúscailt ar fhoréigean baile agus gnéasach laistigh dár sochaí, agus íospartaigh agus marthanóirí a spreagadh gan fulaingt ina dtost agus chun a aithint gur féidir leo a gcumhacht a fháil ar ais trína scéal féin a insint.”
Beidh an feachtas ar siúl ar an teilifís, ar stáisiúin náisiúnta agus áitiúla raidió, sa phreas, sna meáin dhigiteacha agus shóisialta, i bpictiúrlanna agus ar chláir fógraí agus scáileáin dhigiteacha ar fud na hÉireann ón 27 Feabhra i leith.
Is féidir suíomh Gréasáin an fheachtais dar teideal ‘Na Scéalta is Deacra’ a aimsiú ag Item was unpublished or removed
Críoch...///
Nótaí d’eagarthóirí:
Seoladh ‘Na Scéalta is Deacra’
Tá an feachtas dar teideal ‘Na Scéalta is Deacra’ á sheoladh inniu – Dé Céadaoin an 26 Feabhra 2025 – ag Séamus Ó Ceallacháin TD, an tAire Dlí agus Cirt, agus ag an Dr Stephanie O’Keeffe, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Cuan, ag ócáid taispeána agus plé in Institiúid Scannán na hÉireann, Sráid an Iústásaigh, Baile Átha Cliath.
Le linn an tseolta, craolfar an chéad léiriú ar dhá fhógra teilifíse ionraice an fheachtais, a scannánaíodh ar an láthair i mBaile Átha Cliath.
Le linn an tseolta freisin, beidh comhrá cois tine á óstáil ag Ciara Doherty, craoltóir, mar aon le Nicola Hanney, údar agus marthanóir an fhoréigin baile agus an rialaithe chomhéignigh, agus Ciara Mangan, marthanóir an éignithe agus na mí-úsáide san ionad oibre agus bunaitheoir na heagraíochta darb ainm ‘Beyond Surviving’. Ag déanamh machnamh dóibh ar chásanna ficseanaithe scéalaíochta marthanóirí an fheachtais, fiosrófar sa phlé an próiseas fíorshaoil a ndeachaigh Nicola agus Ciara (Mangan) tríd agus iad ag insint a scéalta féin, agus na rudaí a thug spreagadh dóibh chun é sin a dhéanamh.
Comhdóidh Leon Farrell ó Photocall Ireland íomhánna ón ócáid seolta chuig deasca nuachta.
Is féidir sócmhainní an fheachtais, lena n-áirítear naisc chuig na fógraí teilifíse agus raidió, a rochtain ag na naisc thíos.
Feachtas ‘Na Scéalta is Deacra’ – sócmhainní
Beidh an feachtas ar siúl ar an teilifís, ar an raidió, sna meáin dhigiteacha, i bpictiúrlanna agus ar ardáin fógraíochta amuigh ón 27 Feabhra go dtí an 9 Aibreán 2025.
I measc na sócmhainní tá dhá fhógra teilifíse 30 soicind i mBéarla agus i nGaeilge a chraolfar ar gach mórchainéal teilifíse.
Beidh ceithre fhógra raidió ag gabháil leis an bhfeachtas, lena n-áireofar fógra amháin ar Fhoréigean Baile in aghaidh mná, fógra amháin ar Fhoréigean Gnéasach in aghaidh mná, fógra amháin ar Fhoréigean Baile in aghaidh fir agus fógra amháin ar Fhoréigean Gnéasach in aghaidh fir. Úsáidfear leagan Gaeilge de cheann amháin de na fógraí raidió san fheachtas.
Is féidir suíomh Gréasáin an fheachtais dar teideal ‘Na Scéalta is Deacra’ a aimsiú ag Item was unpublished or removed Is é atá sa suíomh Gréasáin ná mol faisnéise tábhachtaí a sheachadtar ar bhealach comhbhách atruach lena n-aithnítear cé chomh deacair agus a bhíonn sé d’íospartaigh agus do mharthanóirí in amanna chun an chéad chéim sin a ghlacadh chun cabhair a iarraidh. Tá faisnéis ann freisin faoi na rudaí is féidir leis an bpobal i gcoitinne a dhéanamh chun cur leis an neamhfhulaingt ar fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe agus faoi na rudaí atá á ndéanamh ag an Rialtas agus ag Cuan chun an sprioc sin a bhaint amach.
Is féidir na sócmhainní uile atá le húsáid sa chlúdach a rochtain anseo:
Leaganacha Teilifíse
Scéal Emer 30” - https://youtu.be/7zwrcKYX9dI
Scéal Emer 30" – Le fotheidil - https://youtu.be/KGU6o6CyLb8
Scéal Orla 30" - https://youtu.be/sP-y_ipq_io
Scéal Orla 30" – Le fotheidil - https://youtu.be/W1pvtmrtQW8
Scéal Emer 30" (as Gaeilge) - https://youtu.be/T3LdyAtJ5S0
Scéal Emer 30” (as Gaeilge) – Le fotheidil - https://youtu.be/N0GWBMF-_nM
Scéal Orla 30" (as Gaeilge) - https://youtu.be/heF2T4ClkPM
Scéal Orla 30" (as Gaeilge) – Le fotheidil - https://youtu.be/NWQ7fr2RNz0
Leaganacha Meán Sóisialta
Scéal Emer 15" - https://youtu.be/Q9Z1amkYvNU
Scéal Emer 15" – Le fotheidil -https://youtu.be/GBcZufXJFg8 https://youtu.be/GBcZufXJFg8
Scéal Emer 15" – Leagan Gaeilge - https://youtu.be/8sftM9KlccU
Scéal Emer 15" – Leagan Gaeilge – Le fotheidil -https://youtu.be/_NWKH1JtZ2s
Scéal Orla 15" - https://youtu.be/E3UiluUYAuU
Scéal Orla 15" – Le fotheidil - https://youtu.be/HYgq4QYwFJI
Scéal Orla 15" – Leagan Gaeilge - https://youtu.be/sgZiWuwhTEw
Scéal Orla 15" – Leagan Gaeilge - Le fotheidil https://youtu.be/QqaKt-yRcTU
Seinnliostaí Físe
Seinnliosta Leaganacha Teilifíse - https://www.youtube.com/playlist?list=PL47i6qOAEbHgDzzANDgXgf4294o3bRdkE
Seinnliosta Meán Sóisialta - https://www.youtube.com/playlist?list=PL47i6qOAEbHgh_DssGhmOKZCSzaSxjWXt
Sócmhainní Fuaime
'Now they Know' – Foréigean Gnéasach in aghaidh Mná - https://on.soundcloud.com/7ceVjB2hHhaVaTd27
'The Free Woman' – Foréigean Baile in aghaidh Mná - https://on.soundcloud.com/4SE1srpHRdNr7nBH6
'He Can't Stop Me' – Foréigean Baile in aghaidh Fear LADT - https://on.soundcloud.com/pe1GJKB3SWq5SzNx5
'I am Still a Man' – Foréigean Baile in aghaidh Fir - https://on.soundcloud.com/FrgmWrqHQhAWg77r7
Seinnliosta Fuaime
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Cuan, lena n-áirítear an Plean Corparáideach 2025-2027 uaidh a seoladh i mí na Samhna 2024, a aimsiú ag www.gov.ie/cuan.