English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ordú ón Ard-Chúirt faighte ag an Aire McEntee ina n-éileofar sonraí a choimeád le haghaidh shlándáil an Stáit

Tá ordú ón Ard-Chúirt faighte ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee TD lena n-éileofar ar sholáthróirí seirbhíse teileachumarsáide sonraí áirithe a choimeád - lena n-áirítear sonraí úsáideora, tráchta agus suímh - ar feadh tréimhse 12 mhí chun críche slándáil an Stáit a chosaint.

Tháinig an tAcht Cumarsáide (Sonraí a Choimeád) (Leasú), 2022, i bhfeidhm inné, an 26 Meitheamh 2023.

Is athchóiriú ollmhór é ar chreat dlí an Stáit lena rialaítear sonraí teileachumarsáide a choimeád agus rochtain ar na sonraí sin - an tAcht Cumarsáide (Sonraí a Choimeád), 2011.

Faoi alt 3A den chreat nua, ní cheadaítear sonraí a choimeád go ginearálta agus go neamhshrianta ach amháin chun slándáil an Stáit a chosaint, agus sa chás go bhfuil ordú déanta ag breitheamh ainmnithe den Ard-Chúirt.

Sa chás gur deimhin leis an Aire Dlí agus Cirt go bhfuil bagairt thromchúiseach fhíor, láithreach nó amach anseo ann ar shlándáil an Stáit, féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte.

Fuair an tAire McEntee ordú ón Ard-Chúirt inné de bhun alt 3A lena n-éileofar ar sholáthróirí seirbhíse sonraí áirithe a choimeád (lena n-áirítear sonraí úsáideora, tráchta agus suímh - ar a dtugtar “sonraí Sceideal 2”) ar feadh tréimhse 12 mhí chun críche slándáil an Stáit a chosaint.

Mar a éilítear, rinne an tAire McEntee, sula ndearna sí an t-iarratas, measúnú ar an mbagairt i leith shlándáil an Stáit agus thug sí aird ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht maidir le sonraí Sceideal 2 a choimeád agus cuirtear san áireamh an tionchar a bheadh ag coimeád mar sin ar chearta bunúsacha daoine aonair. Chuaigh an tAire i gcomhairle le Coimisinéir na nGardaí sula ndearna sí an t-iarratas.

Rinneadh an t-iarratas, mar a éilítear in alt 3A(3) ar bhonn ex parte agus éisteadh é i gcúirt iata.

Foráiltear le halt 3A(3) gur féidir leis an mbreitheamh ainmnithe ordú mar sin a dhéanamh “only if satisfied that the making of such an order is necessary for, and proportionate to, the purposes for which the application was made”.

Dúirt an tAire McEntee:

“Rinne mé iarratas ar ordú i ndiaidh dom measúnú a dhéanamh ar an mbagairt i leith shlándáil an Stáit agus i ndiaidh dom a bheith sásta go bhfuil bagairt thromchúiseach agus fhíor ann, láithreach nó go mbeidh bagairt ar shlándáil an Stáit amach seo agus gur dócha go leanfaidh bagairt den chineál sin ar aghaidh go ceann 12 mhí ar a laghad.

“Agus sin á dhéanamh agam, thug mé aird ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht maidir leis na sonraí lena mbaineann a choimeád agus chuir mé san áireamh an tionchar atá aige sin ar chearta bunúsacha daoine aonair de réir mar is gá.”

“Forbraíodh an tAcht 2022 i bhfianaise rialuithe tábhachtacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa réimse sin agus léirítear cásdlí na Cúirte sin leis na forálacha faoina ndearna mé an t-iarratas ar an ordú seo.”

Tá teacht ar shonraí coimeádta faoi réir cosaintí dochta dá bhforáiltear faoi Acht 2011 (arna leasú) lena n-áirítear an ceanglas nua d’údarú breithiúnach.

Shínigh an tAire na Rialacháin Chumarsáide (Sonraí a Choimeád) (Slándáil Sonraí), 2023, an 26 Meitheamh.

Tá siad i bhfeidhm ón dáta sin. Is éard is cuspóir leis na Rialacháin sin ná tréimhse ama a fhorordú agus a mbeidh ar sholáthróirí seirbhíse teileachumarsáide aon sonraí atá coimeádta nó caomhnaithe acu faoin Acht 2011 (arna leasú) a scriosadh ina dhiaidh.

Foráiltear leis na Rialacháin nach mór d’aon sonraí atá coimeádta a scriosadh laistigh de thréimhse 1 mhí amháin tar éis don tréimhse coimeádta dlí a bheith imithe in éag, mura raibh teacht orthu ar bhonn atá ceadaithe faoin Acht.

Críoch

Nótaí d'eagarthóirí

Fógrófar ordú alt 3A go poiblí de réir mar a cheanglaítear le halt 3A(6) den Acht 2011 arna leasú.

Foráiltear le halt 3A(6) go ndéanfaidh an tAire, sa chás go ndéanann breitheamh ábhartha ordú, socrú gan mhoill chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) an t-ordú a fhógairt go poiblí sna meáin náisiúnta

(b) an t-ordú a chur in iúl, a mhéid is indéanta, do sholáthróirí seirbhíse, agus

(c) fógra maidir le déanamh an ordaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.