Osclaíonn Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, an Ciste um Shábháilteacht Pobail 2025 le haghaidh iarratas
- Foilsithe: 7 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’oscail Séamus Ó Ceallacháin TD, an tAire Dlí agus Cirt, inniu an glao cistiúcháin náisiúnta don Chiste um Shábháilteacht Pobail 2025 le linn dó cuairt a thabhairt ar Stáisiún Gardaí Bhaile Munna agus ar Bhord Forfheidhmithe Bhaile Munna i mBaile Átha Cliath.
A bhuí leis an gciste bliantúil, is féidir na fáltais ó choireacht a n-urghabhann an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) agus an Garda Síochána iad a dhíriú ar thionscadail áitiúla chun tacú le sábháilteacht pobail agus chun í a fheabhsú.
I mbliana, tá €4 mhilliún ar fáil, atá dhá oiread an leithdháilte bunaidh €2 mhilliún a bhí ann nuair a osclaíodh an ciste le haghaidh iarratas den chéad uair sa bhliain 2022, agus tá na deontais sa raon idir €20,000 agus €150,000.
Beidh an glao don Chiste um Shábháilteacht Pobail ar oscailt ar feadh sé seachtaine ón lá inniu, an Luan an 7 Aibreán, agus é ag dúnadh Dé hAoine an 16 Bealtaine.
Ag labhairt dó inniu i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath, dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Cuid thábhachtach den chuspóir foriomlán atá agam pobail níos láidre agus níos sábháilte a thógáil is ea an Ciste um Shábháilteacht Pobail. Tógann sé an t-airgead a urghabhtar ó choirpigh agus cuireann sé ar ais é go díreach isteach i dtionscnaimh sábháilteachta pobail.
“Tríd an airgead sin a infheistiú isteach sna pobail, soláthraítear nasc inláimhsithe díreach idir forfheidhmiú an dlí agus pobail atá níos láidre agus níos sábháilte a thógáil.
“Thug an ciste tacaíocht sna blianta roimhe seo do thionscadail thar a bheith tábhachtach atá ag déanamh difear mór i bpobail. Faoi Bhuiséad 2025, mhéadaigh an Rialtas an cistiú go €4 mhilliún.”
Is í an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, ar oifig nuabhunaithe laistigh den Roinn Dlí agus Cirt í, a bhainisteoidh an Ciste um Shábháilteacht Pobail.
Leis an gCiste:
• is féidir na fáltais ó choireacht a dhíriú ar thionscadail chun tacú le sábháilteacht pobail agus chun í a fheabhsú
• cinntítear go mbeidh rochtain ar an gcistiú a theastaíonn uathu ag na tograí is cuí chun sábháilteacht pobail a fheabhsú
• is féidir an dea-chleachtas maidir le sábháilteacht pobail agus le ceartas óige a chomhroinnt le comhpháirtíochtaí agus pobail eile ar fud na tíre de réir mar a fhorbraítear tograí nua
• baintear leas as a rathúla a bhíonn an Garda Síochána agus an Biúró um Shócmhainní Coiriúla maidir leis na fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil a urghabháil
Maidir leis na tionscadail a bhain leas roimhe seo as an gcistiú, thacaigh siad le tionscnaimh:
• a laghdaíonn an eagla roimh choireacht agus a fheabhsaíonn sábháilteacht pobail agus an méid a bhraitheann pobail go bhfuil siad sábháilte
• a thacaíonn le pobail shábháilte athléimneacha a chruthú
• a laghdaíonn an t-athchiontú
• a athstiúrann daoine aonair leochaileacha amach ó ghabháil d’iompraíocht choiriúil.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:
“Leis an gCiste um Shábháilteacht Pobail, tugtar spreagadh agus tacaíocht do mhodhanna nua a fhorbairt chun sábháilteacht pobail a fheabhsú agus a threisiú, ar modhanna iad a thagann ó na daoine sin a oibríonn inár bpobail agus a bhfuil an tuiscint is fearr acu ar na riachtanais ina gceantar féin.
“Tá rannpháirtíocht an phobail ina cuid ríthábhachtach dá chinntiú go mbraitheann daoine go bhfuil siad sábháilte agus cosanta agus molaim do ghrúpaí incháilithe a bhfuil togra acu chun tacú le sábháilteacht ina gceantar agus chun í a fheabhsú iarratas a dhéanamh.”
Sa bhliain 2024, leithdháileadh breis agus €3 mhilliún ar thionscadail ar fud na tíre. I measc na dtéamaí ó iarratasóirí rathúla na bliana 2024 bhí tionscadail a bhí dírithe ar aghaidh a thabhairt ar iompraíocht fhrithshóisialta, ar fhoréigean baile, ar imeaglú a bhaineann le drugaí, ar eisiamh sóisialta, ar chláir óige, agus ar thacaíocht do dhaoine tar éis dóibh teacht amach as príosún. Dhírigh an-chuid de na tionscadail ar oideachas, ar spórt, ar áineas agus ar idirghníomhú sóisialta chun aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar ábhair imní sábháilteachta i bpobail.
Nótaí
Tá deontais sa raon idir €20,000 agus €150,000.
Iarrtar iarratais ó thionscnaimh sábháilteachta pobail, ó ghrúpaí atá comhchistithe le húdaráis áitiúla, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó eagraíochtaí pobail a oibríonn ar shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht pobail agus le ceartas óige.
Glacfar le hiarratais ó eagraíochtaí aonair, agus ó chuibhreannais lena mbaineann dhá eagraíocht nó níos mó i gcás gur eagraíocht phobail, eagraíocht neamhbhrabúis, fiontar sóisialta nó eagraíocht chosúil ar a bhfuil sainchúram a bhaineann le sábháilteacht pobail agus/nó le ceartas óige é an príomhpháirtí. Tabharfar aird ar leith ar iarratais a bhfuil cineálacha nuálacha cur chuige i gceist leo.
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais faoi 5 pm Dé hAoine an 16 Bealtaine chuig CommunitySafetyFund@justice.ie
Tá an doiciméadacht tacaíochta, lena n-áirítear an Fhoirm Iarratais agus an Doiciméad Treorach, ar fáil thíos.
Doiciméid Íoslódáil