English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Plean Ceartais 2023 foilsithe ag an Aire Harris agus ag an Aire Browne

• Tugtar achoimre ar níos mó ná 140 beart ceannlíne i bPlean Ceartais 2023 chun pobail atá níos láidre agus níos sábháilte a fhorbairt

• Bearta nuashonraithe sa phlean i réimsí amhail póilíneacht, iompar frithshóisialta, FBGIB, dlí sibhialta, inimirce agus dlí teaghlaigh

• Cuireann an plean leis an obair atá curtha i gcrích cheana féin nó curtha chun cinn faoi Phleananna Ceartais 2021 agus 2022 a bhí ann roimhe seo

Tá Plean Ceartais 2023 foilsithe inniu ag an Aire Dlí agus Cirt Simon Harris agus ag an Aire Stáit James Browne, ina dtugtar achoimre ar níos mó ná 140 beart chun pobail níos láidre agus níos sábháilte a fhorbairt.

Is féidir an Plean, a cuireadh faoi bhráid an Rialtais le déanaí, a léamh anseo.

Is é Plean Ceartais 2023 an tríú ceann i sraith de phleananna bliantúla, a chuireann leis an obair atá tugtha chun críche cheana féin faoi Phleananna Ceartais 2021 agus 2022 a d’fhoilsigh an tAire McEntee. Tá cuspóirí agus bearta sna Pleananna Ceartais bliantúla chun na spriocanna straitéiseacha a bhaint amach atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise 2021-2023 na Roinne Dlí agus Cirt atá dírithe ar Éire atá sábháilte, cóir agus uilechuimsitheach a chinntiú.

Lena chinntiú go mbeidh dul chun cinn maidir le bearta a chur i bhfeidhm faoin bPlean Ceartais intomhaiste agus trédhearcach, tá an Roinn tiomanta do dhá thuarascáil a fhoilsiú ar dhul chun cinn in aghaidh an Phlean gach bliain, i lár na bliana agus ag deireadh na bliana.

Mar aon leis na Pleananna roimhe seo, tá na bearta atá i bPlean Ceartais 2023 rangaithe laistigh de chúig sprioc straitéiseacha uileghabhálacha:

1. Dul i ngleic le coireacht, feabhas a chur ar shlándáil náisiúnta agus póilíneacht a athrú ó bhonn.

Ar na bearta atá faoin sprioc seo tá:

• Tacú leis an mBille cinniúnach um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht an Phobail trí Thithe an Oireachtas go dtí go n-achtófar é

• Athbhreithniú a dhéanamh ar na cumhachtaí atá ar fáil don Gharda Síochána maidir le hord poiblí agus iompar frithshóisialta lena n-áirítear éifeachtacht na n-orduithe um iompar frithshóisialta

• Feabhas a chur ar Thionscadal Greentown chun an nasc a bhriseadh idir na leanaí is mó atá i mbaol a bheith earcaithe ag grúpaí coireachta eagraithe

• An phianbhreith uasta maidir le hionsaí a dhéanamh ar oifigeach síochánta a mhéadú go 12 bhliain chun cuidiú leis na Gardaí a chosaint

• A chinntiú go mbeidh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla fós ina cheannaire domhanda maidir le gnóthachain a fuarthas ar dhrochbhealaí a ghabháil trína chumhachtaí leis an mBille um Fháltais ó Choireacht a Leasú, 2023, a neartú agus a thabhairt cothrom le dáta

• Tacú le reachtaíocht chun pianbhreitheanna maidir le hionsaí is cúis le díobháil a dhéanamh agus comhcheilg um dhúnmharú a mhéadú chomh maith le cionta aonair stalcaireachta agus tachta neamh-mharfaigh a chruthú

• Níos mó infheistíochta a dhéanamh sa Gharda Síochána chun earcaíocht a chur chun cinn, stáisiúin nua agus bonneagar a mhaoiniú amhail an t-eitleán nua Gardaí

• Tacú leis an mBille maidir le Feistí Taifeadta a achtú chun foráil a dhéanamh do cheamaraí coirp a rolladh amach ar fud na tíre

2. Rochtain ar cheartas a fheabhsú agus an córas cúirteanna a nuachóiriú.

Ar na bearta atá faoin sprioc seo tá:

• Córas ceartais teaghlaigh den chéad scoth a fhorbairt ina mbeidh riachtanais na n-úsáideoirí i gcroílár na cinnteoireachta tríd an mBille Cúirteanna Teaghlaigh a achtú agus tríd an Straitéis Ceartais Teaghlaigh a chur i bhfeidhm

• Tacú le bunú an Údaráis Rialála Cearrbhachais

• Oideachas gairmiúil dlí a athchóiriú trí mhaoirseacht neamhspleách a thabhairt isteach den chéad uair; deireadh a chur leis na bacainní atá ann le bheith i d’aturnae nó abhcóide; tacú leis an mBille um Cheapacháin Bhreithiúnacha a Bhunú, lena bhforáiltear an t-athchóiriú is mó ar an gcaoi a gceaptar breithiúna le breis agus 25 bliain

• Rochtain ar cheartas a fheabhsú trí líon na mbreithiúna a mhéadú go 24 agus athchóiriú a dhéanamh ar mar a fheidhmíonn na cúirteanna

• Dlíthe um Chlúmhilleadh na hÉireann a athchóiriú agus a nuachóiriú

• Tacú le hachtú an Bhille um Alcól a Dhíol chun córas ceadúnaithe seanchaite na hÉireann a athchóiriú

• An Chúirt Phleanála agus Chomhshaoil a bhunú chun an soláthar tithíochta a fheabhsú agus chun cuidiú leis an gcomhshaol a chosaint

• Rialacháin nua prótacail réamhghníomhaíochta a thabhairt isteach (faillí chliniciúla) sa chur i bhfeidhm chun réiteach luath díospóidí a chothú

• An tAcht um Dhliteanas Áititheoirí a leasú chun foráil a dhéanamh d’athruithe i leith Dualgas Cúraim mar chuid de Phlean an Rialtais chun an costas árachais a laghdú

3. Sábháilteacht pobail a neartú, athchiontú a laghdú, tacú le híospartaigh agus troid i gcoinne foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe.

Ar na bearta atá faoin sprioc seo tá:

• Leanúint den straitéis Zero Tolerance a chur i bhfeidhm, an tríú straitéis náisiúnta le dul i ngleic le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe

• Obair a dhéanamh chun deireadh a chur leis na bacainní dlí a chuireann cosc ar íospartaigh an fhoréigin baile fanacht ina dtithe agus scrúdú a dhéanamh ar mar is féidir leis an nGarda Síochána orduithe aistrithe a eisiúint chun ciontóirí a thógáil amach as an teach i gcásanna ardriosca

• Plean Gnímh nua maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a fhoilsiú

• Tacú le reachtaíocht lena chinntiú gur féidir fianaise teistiméireachta maidir le pianbhreitheanna do thrialacha cionta gnéasacha a thástáil agus gur féidir finnéithe carachtair a chroscheistiú

• Ullmhú do rolladh amach náisiúnta na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail nua ar fud na tíre sa bhliain 2024

• Tascfhórsa a bhunú chun oideachas agus uasoiliúint a fheabhsú ar fud an chórais ceartais choiriúil, ag tosú le hoideachas príosúin Déanfaidh an tascfhórsa saincheisteanna ceartais i leith an aosa óig a mheas freisin, clár oibre a aontú agus beidh an Roinn Dlí agus Cirt agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ina gcomhchathaoirligh ag leibhéal Aireachta ar an tascfhórsa

4. Córas cóir inimirce don ré dhigiteach a chur ar fáil.

Ar na bearta atá faoin sprioc seo tá:

• An méadú 25 faoin gcéad sna hiarratais inimirce a choinneáil chomh maith le haschuir don Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta a mhéadú faoi 25 faoin gcéad sa bhliain 2023.

• A chinntiú go mbeidh córas um Chosaint Idirnáisiúnta atá cóir agus cothrom bunaithe ar rialacha ann trí na nithe seo a leanas:

• A chinntiú go mbeidh cinneadh céadchéime laistigh de 3 mhí ag cásanna luathaithe/tosaíochta um Chosaint Idirnáisiúnta

• Bearta breise a aithint ar féidir a chur i bhfeidhm chun cosc taistil a chur (ag obair le páirtithe leasmhara ábhartha) ar na daoine sin nach bhfuil cead acu teacht isteach go hÉirinn

• Acmhainní Breise a fháil chun tacú le feabhsuithe próisis an OCI

5. Borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin gclaochlú digiteach agus faoin athrú aeráide ar fud na hearnála dlí agus cirt

• Déanfaidh an Roinn Plean Gnímh maidir le Taisteal níos Cliste a ullmhú agus a chur i bhfeidhm chun daoine a spreagadh gan carr a úsáid mar an príomh-mhodh taistil

Is éard a dúirt an tAire Harris agus é ag seoladh Phlean Ceartais 2023 inniu:

“Leagtar amach i bPlean Ceartais 2023 clár oibre suntasach atá le tabhairt faoi ag an Roinn Dlí agus Cirt i mbliana.

Is é an plean sin an tríú bliain agus an bliain dheireanach freisin chun na tosaíochtaí a bhaint amach atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise 2021-2023, a d’fhoilsigh comhghleacaí liom, an tAire Helen McEntee, ar dtús i bhFeabhra na bliana 2021.

Tá líon uaillmhianach bearta sa Phlean seo atá le baint amach le linn na bliana de réir mar a leanann muid orainn ag obair chun pobail atá níos láidre agus níos sábháilte a fhorbairt a dhéanfaidh difríocht cheart do mhuintir na hÉireann sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon.

Beidh sé ina phríomhthosaíocht leanúint de thacaíocht a thabhairt don Gharda Síochána chun na pobail a chosaint ó choireacht trí níos mó acmhainní agus seirbhís Gardaí níos éagsúla a chur ar fáil. Déanfaidh muid infheistíocht in earcaíocht, oiliúint agus teicneolaíocht agus cuirfidh muid reachtaíocht nua chun cinn chun cuidiú leis an nGarda Síochána de réir mar a dhéanann siad an post ríthábhachtach atá acu chun muid a chosaint.

Beidh mé féin agus an tAire McEntee i gceannas ar an straitéis Zero Tolerance a chur i bhfeidhm, an tríú straitéis náisiúnta maidir le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe ar fud an Rialtais agus oibreoidh muid ar fud na sochaí ionas nach mbeidh leithscéal ar bith ann maidir leis an bhforéigean agus drochíde uafásach seo.

Is forleathan agus uaillmhianach iad na bearta atá leagtha amach sa Phlean seo i bhfianaise an dul chun cinn atá feicthe againn faoin dá Phlean Ceartais roimhe seo. Tá mé muiníneach go bhfuil an Roinn in ann na spriocanna atá leagtha amach sa phlean a bhaint amach.”

Is éard a dúirt an tAire Stáit James Browne freisin:

“Rinneadh dul chun cinn suntasach le Plean Ceartais 2022 ar fud an chórais ceartais agus baineadh amach go háirithe ceann de na príomhthosaíochtaí a bhí agam, agus ba é sin an Bille um Rialáil Cearrbhachais, 2022, a fhoilsiú.

Faoi mar a gealladh i gClár an Rialtais, is clochmhíle cheart é an Bille seo agus is reachtaíocht é a bhfuiltear ag fanacht léi le fada. Is Bille agus athchóiriú tábhachtach agus riachtanach é atá leagtha amach chun tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann le cearrbhachas go freagrach in Éirinn sa 21ú haois.

Is éard is príomhchuspóir an Bhille ná creat a chur i láthair le haghaidh córas láidir ceadúnaithe agus rialála d’earnáil an chearrbhachais in Éirinn. Tugtar gealltanas i bPlean Ceartais 2023 an Bille seo a thabhairt tríd an Oireachtas chun bunú Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann a cheadú.

Leanfaidh mé de thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh an Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig a chur chun cinn, lena gcuirtear creat forbartha ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin leanúnacha chomh maith le saincheisteanna nua atá ag teacht chun cinn i réimse an cheartais i leith an aosa óig. Ar cheann de na hathruithe móra atá sa Straitéis sin tá sainordú nua leathnaithe do na Tionscadail Athstiúrtha Óige (TAÓnna) ar fud an Stáit.

Tá 106 TAÓ i bhfeidhm faoi láthair agus tá sé d’aidhm ag Plean Ceartais na bliana seo, faoin Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig, seirbhísí athstiúrtha óige a chur ar fáil ina n-iomláine ar bhonn geografach ar fud an Stáit faoi dheireadh na bliana 2023. Táim díograiseach go háirithe faoi thionscadail nua a bhunú, rud a dhéanfaidh ceiliúradh suntasach ar an gcuspóir sin a bhaint amach.”

Ar na bearta eile i bPlean Ceartais 2023 atá le cur i bhfeidhm ag an Aire Harris agus ag an Aire Stáit James Browne beidh:

- Tacú leis an mBille um Rialáil Cearrbhachais, 2022 a chur trí Thithe an Oireachtais agus é a achtú d’fhonn bunú Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann a cheadú.

- An Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig a chur i bhfeidhm tuilleadh lena gcuirtear creat forbartha ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin leanúnacha chomh maith le saincheisteanna nua atá ag teacht chun cinn i réimse an cheartais i leith an aosa óig lena n-áirítear sainordú nua leathnaithe do na Tionscadail Athstiúrtha Óige (TAÓnna) chun seirbhísí athstiúrtha óige a chur ar fáil ina n-iomláine ar bhonn geografach ar fud an Stáit faoi dheireadh na bliana 2023.

- An reachtaíocht náisiúnta slándála a choinneáil faoi athbhreithniú; bearta a neartú chun aghaidh a thabhairt ar sceimhlitheoireacht trí ghníomh baile agus trí chomhoibriú idirnáisiúnta, trí reachtaíocht a dhréachtú chun na dlíthe maidir le cibearchoireacht a neartú agus trí reachtaíocht a chur chun cinn chun déileáil le sonraí a choinneáil chun críoch forfheidhmithe choiriúil.

- Meicníocht Náisiúnta Atreorúcháin athbhreithnithe a chur i bhfeidhm d’íospartaigh gáinneála agus Plean nua Náisiúnta Gnímh a fhoilsiú chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar dhaoine

- Scéim Ghinearálta den Bhille um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil a fhoilsiú chun an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil a nuachóiriú agus an riarachán a aistriú chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

- Plean feabhsuithe seirbhísí a thabhairt chun tosaigh don tseirbhís chorónach chun an nuálaíocht a chur chun cinn; seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú agus idirghníomhaíocht le seirbhísí paiteolaíochta ar fud na tíre a fheabhsú.

- Leanúint d’aghaidh a thabhairt ar chostas an árachais, tá na treoirlínte maidir le gortuithe pearsanta ag déanamh difríochta chun an leibhéal dámhachtainí maidir le gortuithe pearsanta a laghdú, déanfar moltaí maidir leis an dualgas cúraim agus foilseoidh muid taighde freisin chun aghaidh a thabhairt ar na costais dlí.

- An dréacht-reachtaíocht a chur chun cinn chun Seirbhís Phríosúin na hÉireann a chur ar bhonn reachtúil.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach dtugann na clocha míle agus na héachtaí a léiríodh ón mbliain 2022, chomh maith leis na bearta agus cuspóirí don bhliain amach romhainn, ach léargas ar an gclár suntasach oibre atá á chur i gcrích ag an Roinn Dlí agus Cirt agus ar fud na hearnála ina bhfuil 29 comhlacht agus gníomhaireacht.

Pléitear sa phlean den chuid is mó le tionscnaimh reachtaíochta agus beartais agus cuirfear na bearta sin i gcrích chomh maith le hobair leathan, shuntasach agus luachmhar laethúil na foirne uile ar fud na Roinne a chuireann seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil do dhaoine den phobal agus do ghníomhaireachtaí in earnáil an cheartais.

CRÍOCH