Tagann an reachtaíocht nua um choireacht fuatha i bhfeidhm
- Foilsithe: 31 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Shínigh Eiléana Nic an tSaoi TD, an tAire Dlí agus Cirt, an t-ordú chun a chinntiú go dtiocfaidh an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Fuatha), 2024, i bhfeidhm inniu (an Mháirt an 31 Nollaig).
Leis an reachtaíocht nua, foráiltear do phianbhreitheanna príosúin níos faide as coireanna áirithe, i gcás go gcruthaítear gur spreagadh na coireanna sin le fuath nó i gcás go dtaispeántar fuath. Mar shampla, cinntítear leis an reachtaíocht go ngearrfar pianbhreitheanna príosúin níos faide as ionsaí mar gheall ar fhuath nó as damáiste do mhaoin mar gheall ar fhuath. I gcás nach gcruthaítear fuath, féadfar duine a chúiseamh fós as ionsaí nó as damáiste do mhaoin.
Agus í ag síniú an ordaithe um thosach feidhme don Acht, dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“Táimid meáite ar dheireadh a chur le coireanna atá spreagtha ag fuath agus táimid meáite ar phobail leochaileacha a chosaint.
“Leis an reachtaíocht seo, cuirtear in iúl go soiléir dóibh sin a spriocdhíríonn ar íospartaigh mar gheall ar an gceangal atá acu le saintréith féiniúlachta ar leith go n-ionchúiseofar iad as coireacht fuatha.
“Go dtí seo, bhí Éire ar cheann de dhornán beag tíortha den Aontas Eorpach nach bhfuil cionta sonracha coireachta fuatha leagtha amach sa dlí acu. Tá sé sin amhlaidh d’ainneoin na fírice go dtaifeadann an Garda Síochána coireanna áirithe mar choireanna fuatha agus gur tháinig méadú 7.5 faoin gcéad ar an líon coireanna fuatha a taifeadadh sa bhliain 2023 agus gur tháinig méadú 29 faoin gcéad ar an líon a taifeadadh sa bhliain roimhe.
“Leis an reachtaíocht seo, líontar bearna shoiléir inár gcuid dlíthe agus tá an pobal i bhfách go mór léi. Tá ríméad orm mo lámh a chur leis an ordú chun an reachtaíocht a thosú ina hiomláine.”
Leis an reachtaíocht, cosnófar daoine a spriocdhírítear orthu mar gheall ar shaintréithe áirithe féiniúlachta, eadhon: cine; dath; náisiúntacht; reiligiún; bunús náisiúnta nó eitneach; sliocht; míchumas; inscne; saintréithe gnéis; agus claonadh gnéasach. Leis an Acht, cruthaítear cineálacha géaraithe nua de chionta áirithe atá ann cheana, i.e., cionta fuatha, i gcás go bhfuil siad mar gheall ar fhuath do cheann amháin nó níos mó de na saintréithe cosanta sin.
Fuair Éire cáineadh ó Chomhairle na hEorpa agus ó chomhlachtaí idirnáisiúnta eile um chearta an duine, a tharraing aird go dtí seo ar an bhfíric nach raibh aon fhoráil shonrach ná reachtúil ann sa tír seo do chionta atá mar gheall ar fhuath.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi ina dhiaidh sin:
“Tháinig forbairt na reachtaíochta sna sála ar phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin phoiblí lenar áiríodh suirbhéanna, comhairliúchán agus caidreamh le daoine a bhfuil taithí fíorshaoil acu ar thionchar na fuathchainte agus na coireachta fuatha.
“Taispeántar sa taighde gurb amhlaidh, maidir le híospartaigh na coireachta atá spreagtha ag fuath, a fhulaingíonn siad níos mó crá ná mar a fhulaingíonn íospartaigh na gcineálacha eile coireachta, agus iad thíos le torthaí meabhairshláinte agus sláinte fisiciúla atá níos measa.”
Is coireanna ar leith faoin Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989, iad gríosú chun fuatha agus fuathchaint agus tá an tAcht sin i bhfeidhm fós.
Críoch