An Ceannasaí Beartais, Ceartas Sibhialta
- Foilsithe: 15 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Iúil 2023
Meitheal mhachnaimh na Roinne atá san fheidhm Bheartais. Oibríonn sí mar cheannaire smaointe, ag forbairt beartais fhadtéarmacha fhianaise-bhunaithe, trí thaighde agus anailís a dhéanamh ar fhaisnéis agus sonraí ón iliomad foinsí. Glacann sí dearcadh onnghníomhach straitéiseach maidir le ceapadh beartas agus iad a athbhreithniú, agus cuireann sí ar chumas na Roinne comhairle den chéad scoth a chur ar an Aire agus ar an Rialtas, ar mhaithe le leas fadtéarmach na saoránach go léir.