An Ceannasaí Rialachais don Cheartas Sibhialta
- Foilsithe: 15 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is í an fheidhm Rialachais an fheidhm formhaoirseachta do na Comhlachtaí Ceartais Shibhialta atá faoi choimirce na Roinne. Ag obair go comhoibríoch di, cinntíonn an fheidhm go mbíonn straitéis shoiléir ag na Comhlachtaí, go gcomhlíonann siad caighdeáin chomhaontaithe feidhmíochta, trédhearcachta agus rialachais, agus go mbainistíonn siad a n-acmhainní go cuí. Tacaíonn an fheidhm Rialachais le Comhlachtaí neamhspleácha chun feidhmiú go héifeachtach agus cur chuige comhsheasmhach a ghlacadh atá bunaithe ar chaighdeáin aitheanta, ar caighdeáin iad is féidir a chur in oiriúint do gach Comhlacht de réir mar is cuí, chun soiléire, cothroime agus cuntasacht a chinntiú.