English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

An tAire Stáit le freagracht as Athchóiriú an Dlí agus Ceartas i leith an Aosa Óig

Baineann na feidhmeanna reachtúla atá le tarmligean leis na réimsí reachtaíochta seo a leanas:

  • na hAchtanna um Gheallchur, 1931 go 2015
  • Achtanna na nArm Tine, 1925 go 2009
  • Cuid III d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990 (Uimh. 12 de 1990)
  • na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 2019

I dteannta na bhfeidhmeanna reachtúla sin, gabhfaidh an tAire Stáit an fhreagracht ó lá go lá air féin as na nithe seo a leanas:

  • bainistiú an chláir reachtaíochta chun bearta AE a thrasuí agus formhaoirsiú polaitiúil a sholáthar ar bhainistiú imeachtaí sáraithe
  • ceadúnúchán a athchóiriú agus cearrbhachas in Éirinn a rialáil, lena n-áirítear údarás nua neamhspleách rialála cearrbhachais a bhunú
  • nithe a bhaineann leis an gCeartas i leith an Aosa Óig a thagann faoi fhreagracht na Roinne Dlí agus Cirt, lena n-áirítear Straitéis um an gCeartas i leith an Aosa Óig a fhorbairt i gcomhar leis an Aire Dlí agus Cirt
  • fóram speisialta saineolaithe a bhunú ar iompar frithshóisialta, a mbeidh an tAire Stáit ina Chathaoirleach air
  • nithe a bhaineann le hobair an Fhóraim Náisiúnta ar Shábháilteacht Tuaithe
  • freagrachtaí parlaiminteacha i ndáil leis na saincheisteanna sin, lena n-áirítear Ceisteanna Parlaiminteacha agus díospóireachtaí atrátha

I gcomhréir leis an Acht Airí agus Rúnaithe, tá na cumhachtaí tarmligthe, agus na dualgais tharmligthe, infheidhmithe agus inchomhlíonta ag an Aire Stáit ina n-ainm féin ach sin faoi réir mhaoirseacht agus rialú ginearálta an Aire, agus coinníonn an tAire an chumhacht chun na cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, agus leanann freagracht de bheith ar an Aire do Dháil Éireann agus mar bhall den Rialtas as na cumhachtaí agus na feidhmeanna reachtúla tarmligthe a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

Holders