Cuardaigh nó Íoslódáil an Clár Poiblí Carthanas
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Rochtain ar áis chun cuardach a dhéanamh ar an gclár poiblí carthanas nó chun an clár iomlán a íoslódáil mar scarbhileog Excel. Tá an t-eolas atá i gClár na nEagraíochtaí carthanas á sholáthar faoi láthair ag carthanais chláraithe, de bhun a n-oibleagáidí reachtúla faoin Acht Carthanas, 2009, agus ní dhéanann an Rialálaí Carthanas aon eagarthóireacht ar aon bhealach ar na sonraí. D'fhéadfadh go bhfuil earráidí ag tarlú nuair atá na sonraí á gcur isteach; faoin Acht Carthanas, 2009, áfach, ní féidir le carthanachtaí aon ráiteas bréagach nó míthreorach go feasach a sholáthar.