English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Aighneachtaí á Lorg Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Dréachtscéim á Hullmhú

Consultation is closed

Is féidir scéim ghaeilge reatha na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a fháil ag: Sceim na Gaeilge.

Dréachtadh an scéim seo de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is é bunchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos fearr ar sheirbhísí poiblí trí ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaigdeán níos airde. Tá sé i gceist deireadh a chur leis an scéim ghaeilge seo i Meán Fómhair 2018. Tá sé i gceist ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta scéim nua Teanga a dhréachtadh de réir alt 15 den Acht sin. Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta anois ó pháirtithe leasmhara.

Ba chóir aighneachtaí a sheoladh chuig: gaeilge@dbei.gov.ie

In a mhalairt de chás, is féidir iad a sheoladh chuig: An t-Aonad Seirbhísí Custaiméirí (S.207), An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5in Dé hAoine, 22 Meitheamh 2018.

Cuirfear aighneachtaí a fhaightear ar láithreán gréasáin na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta.

Gheobhfar breis eolais maidir leis an Acht seo ar láithreán gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.