Comhairliúchán poiblí maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2411 i dtaca le tásca geografacha a chosaint do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha
- Foilsithe: 5 Aibreán 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 5 Aibreán 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 17 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Tá tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus na ngeallsealbhóirí á lorg ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin i dtaca le tásca geografacha a chosaint do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.
Tháinig an rialachán i bhfeidhm ar an 16 Samhain 2023 agus tá dhá bhliain ag Éirinn chun an rialachán a chur chun feidhme agus creat dlíthiúil a chur i bhfeidhm i dtaca le tásca geografacha (TG) a chosaint do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.
Leagtar síos leis an reachtaíocht ceart nua maoine intleachtúla chun tásca geografacha a chosaint do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus comhlánóidh sí an córas cosanta tásc geografach atá ann cheana do tháirgí talmhaíochta atá i bhfeidhm le blianta fada.
Leagtar amach sa pháipéar comhairliúcháin phoiblí seo:
- cúlra Rialachán an AE maidir le cosaint TG do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha
- forbhreathnú ar phríomhghnéithe an chórais nua cosanta TG
- ceisteanna sonracha chun bonn eolais a chur faoin obair atá le déanamh ag an roinn maidir leis an gcaoi ar chóir d'Éirinn an rialachán a chur i bhfeidhm
Aighneachtaí
Iarrtar ar fhreagróirí a gcuid aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost chuig trademarks@enterprise.gov.ie agus na freagraí a struchtúrú de réir na dteideal mar atá leagtha amach sa doiciméad comhairliúcháin.
Dáta deiridh
Is é 5pm an 17 Bealtaine 2024 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.