English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar phlean gníomhaíochta na hÉireann maidir le cómhargáil a chur chun cinn

Consultation is open

Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo ná tuairimí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara ábhartha maidir le hábhar féideartha phlean gníomhaíochta náisiúnta na hÉireann agus conas is féidir le hÉirinn cómhargáil a mhéadú agus a chur chun cinn de réir a chéile.


Cúlra

Bhí sé mar bheartas comhsheasmhach ag rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile cómhargáil a chur chun cinn trí chreat institiúideach a fhorbairt a thacaíonn le córas deonach caidrimh thionsclaíoch atá bunaithe ar shaoirse conartha agus saoirse comhlachais. Sainmhíníonn an tAcht Caidrimh Thionscail 2015 ‘cómhargáil’ mar rud a chuimsíonn gealltanais nó idirbheartaíocht deonach idir aon fhostóir nó eagraíocht fostóirí ar thaobh amháin agus ceardchumann oibrithe nó comhlacht eiscthe ar an taobh eile, agus é mar chuspóir teacht ar chomhaontú maidir le coinníollacha oibre nó téarmaí fostaíochta, nó neamhfhostaithe, oibrithe.

Foilsíodh an Treoir maidir le Pá Íosta Leordhóthanach san Aontas Eorpach ar an 19 Deireadh Fómhair 2022 agus trasuíodh í in Éirinn faoin 15 Samhain 2024. Tá sé mar aidhm ag an Treoir a chinntiú go bhfuil oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh cosanta ag pá íosta leordhóthanach a cheadaíonn slí bheatha mhaith cibé áit a n-oibríonn siad.

Tá sé mar aidhm ag Airteagal 4 den Treoir cómhargáil ar phá a chur chun cinn i ngach Ballstát. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta an méid seo a leanas:

  • forbairt agus neartú chumas na gcomhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn chun dul i mbun cómhargála maidir le socrú pá, go háirithe ar leibhéal earnála nó tras-tionscail
  • idirbheartaíocht chuiditheach, fhiúntach agus eolach a spreagadh maidir le pá idir na comhpháirtithe sóisialta, ar bhonn comhionann, i gcás ina mbeidh rochtain ag an dá pháirtí ar fhaisnéis iomchuí chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le cómhargáil ar shocrú pá
  • bearta a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, chun feidhmiú an chirt chun cómhargála maidir le socrú pá a chosaint agus chun oibrithe agus ionadaithe ceardchumann a chosaint ar ghníomhartha a dhéanann idirdhealú ina gcoinne I leith a bhfostaíochta ar an bhforas go bhfuil siad rannpháirteach nó gur mian leo a bheith rannpháirteach i gcómhargáil maidir le socrú pá
  • chun cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn, bearta a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, chun ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí atá rannpháirteach nó ar mian leo páirt a ghlacadh i gcómhargáil a chosaint ar aon ghníomhartha trasnaíochta ag a chéile nó gníomhairí nó comhaltaí a chéile ina mbunú, ina bhfeidhmiú nó ina riarachán

Ina theannta sin, déanfaidh gach Ballstát ina bhfuil an ráta cumhdaigh cómhargála níos lú ná tairseach de 80% (mar atá i dtromlach na mBallstát, lena n-áirítear Éire) foráil do ‘chreat coinníollacha cumasúcháin’ le haghaidh cómhargála agus bunóidh sé plean gníomhaíochta freisin faoi dheireadh 2025 chun cómhargáil a chur chun cinn. Déanfar an plean gníomhaíochta a athbhreithniú gach cúig bliana ar a laghad. Is faoi na ballstáit go hiomlán atá dearadh chreat na gcoinníollacha cumasúcháin agus ábhar an phlean gníomhaíochta i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.


Comhairliúchán

Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo ná tuairimí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara ábhartha maidir le hábhar féideartha phlean gníomhaíochta náisiúnta na hÉireann agus conas is féidir le hÉirinn cómhargáil a mhéadú agus a chur chun cinn de réir a chéile. Ba cheart aon bhearta atá le cur san áireamh sa phlean gníomhaíochta a bheith I gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta chun an ráta cumhdaigh cómhargála a mhéadú.

Sainmhínítear cómhargáil sa Treoir mar “gach idirbheartaíocht a tharlaíonn de réir an dlí agus cleachtais náisiúnta i ngach ballstát idir fostóir, grúpa fostóirí nó eagraíocht fostóirí amháin nó níos mó ar thaobh amháin, agus ceardchumann amháin nó níos mó ar an taobh eile chun coinníollacha oibre agus téarmaí fostaíochta a chinneadh.”

Tá moltaí faighte ag an roinn cheana féin maidir le cuimsiú féideartha i bplean gníomhaíochta na hÉireann. Áirítear orthu sin na moltaí a d’eascair as an Tuarascáil Deiridh ó Ghrúpa Ardleibhéil LEEF maidir le Comhmhargáil. Bunaíodh an Grúpa Oibre Ardleibhéil i mí an Mhárta 2021 chun athbhreithniú a dhéanamh ar thírdhreach na cómhargála in Éirinn agus chun moltaí a dhéanamh maidir le feabhsú.


Nóta cúlra ar íospairt agus cosaintí maidir le dífhostú éagórach

Faoi Alt 8 den Acht Caidrimh Thionscail 2004, tá sé mídhleathach íospairt a dhéanamh ar fhostaí mar gheall ar an bhfostaí a bheith nó gan a bheith ina chomhalta de cheardchumann nó de chomhlacht eiscthe nó mar gheall ar an bhfostaí a bheith nó gan a bheith ag gabháil d’aon ghníomhaíochtaí thar ceann ceardchumainn nó comhlachta eiscthe. Faoi Alt 9 den Acht, féadfaidh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) a ordú gur cheart deireadh a chur leis an iompar is ábhar don ghearán agus dámhachtain cúitimh nach mó ná luach saothair 2 bhliain a dhéanamh.

Tagraíonn Cód Cleachtais maidir le hÍospairt 2015 WRC d’íospairt a eascraíonn as ballraíocht nó neamhchomhaltas, gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht an fhostaí de cheardchumann.

Faoi Alt 6(2)(a) den Acht um Dhífhostú Éagórach 1977, arna leasú, measfar dífhostú fostaí a bheith éagórach má eascraíonn sé go hiomlán nó go príomha as comhaltas nó comhaltas beartaithe an fhostaí de cheardchumann nó gabháil do ghníomhaíochtaí ceardchumainn, cibé acu laistigh de thréimhsí ceadaithe le linn oibre nó lasmuigh den obair.

Leagtar amach sa Chód Cleachtais maidir le Dualgais agus Freagrachtaí Ionadaithe Fostaithe 1993 (faoi Alt 42 den Acht Caidrimh Thionscail 1990) treoir d’fhostóirí, d’fhostaithe agus do cheardchumainn maidir le dualgais agus freagrachtaí ionadaithe fostaithe, agus an chosaint agus na háiseanna ba cheart a thabhairt dóibh d’fhonn cur ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach agus cuiditheach.


Ceisteanna agus aighneachtaí comhairliúcháin

Iarrtar ar fhreagróirí a n-aighneachtaí a dhéanamh ar an bhfoirm seo a leanas:

Comhairliúchán poiblí ar phlean gníomhaíochta na hÉireann chun cómhargáil a chur chun cinn.

Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná deireadh an lae Dé Luain, 12 Bealtaine 2025.


Foilseachán na n-aighneachtaí agus Saoráil Faisnéise

Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo leis na caighdeáin um shlándáil agus rúndachta is airde agus ar bhealach atá i gcomhréir dhlúth leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2018. Mar sin féin, tabhair faoi deara an méid seo a leanas:

  • féadfar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm aighneachta a roinnt le ranna rialtais agus le heagraíochtaí Stáit ábhartha le linn an phróisis athbhreithnithe
  • féadfaidh an roinn toradh na n-athbhreithnithe agus na n-aighneachtaí a fhaightear faoin gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin
  • toisc go bhfuil faisnéis a fhaigheann an roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, féadfar an fhaisnéis sin a mheas le haghaidh scaoileadh féideartha faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
  • más mian leat faisnéis a chur isteach a mheasann tú a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de, pearsanta nó rúnda, sainaithin an fhaisnéis sin i d’aighneacht agus tabhair cúiseanna lena mheas go bhfuil sé íogair

Cosaint Sonraí agus Saoráil Faisnéise

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra Príobháideachta um Chosaint Sonraí na roinne atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú do chuid faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat do chearta a fheidhmiú faoi dhlíthe cosanta sonraí.

Comhairliúchán seachtrach

To view the consultation click the button below.