An tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI)
- Foilsithe: 9 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 22 Nollaig 2023
Is é an NSAI comhlacht caighdeáin oifigiúil na hÉireann a oibríonn faoin Acht fán Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (1996).
Is é an t-údarás deimhniúcháin náisiúnta do Mharcáil CE é agus soláthraíonn sé seirbhís deimhniúcháin chun a chumasú do ghnó a thaispeáint go gcomhlíonann earraí agus seirbhísí na hÉireann na caighdeáin is infheidhme.
Déanann an NSAI ionadaíocht ar Éirinn i gcomhlachtaí caighdeáin agus tomhais Eorpacha agus idirnáisiúnta. Is é aidhm na gníomhaíochta idirnáisiúnta seo oibriú le páirtithe leasmhara eile chun caighdeáin agus tomhais scríofa idirnáisiúnta comhsheasmhacha a fhorbairt, rud a chuideoidh le trádáil chothrom a chinntiú.
National Standards Authority of Ireland (NSAI)
Reachtaíocht ghaolmhar
Leis an Acht fán Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann 1996 bunaítear údarás caighdeáin náisiúnta na hÉireann mar chomhlacht reachtúil neamhspleách, chun feidhmeanna a bhaineann le sonraíochtaí caighdeánacha agus marcanna caighdeánacha le haghaidh tráchtearraí, próiseas agus cleachtas a aistriú ó Forfás chuig an údarás agus chun soláthar a dhéanamh d’ábhair ghaolmhara.