English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Cairt Custaiméirí


Leagtar amach sa chaibidil seo an leibhéal seirbhíse is féidir leat a bheith ag súil léi agus tú ag déileáil leis an roinn. Leagtar seo amach i mbealach níos mionsonraithe sa Phlean Gníomhaíochta Custaiméirí.


Gealltanais custaiméirí

An leibhéal seirbhíse is féidir leat a bheith ag súil léi nuair a dhéanann tú teagmháil leis an roinn nó nuair a thugann tú cuairt uirthi. Déanfaimid an méid seo a leanas:

  • caithfimid leat go cothrom agus go comhionann, de réir do riachtanas, le cúirtéis agus meas
  • cosnóimid d'fhaisnéis
  • cuirfimid faisnéis atá soiléir agus cothrom le dáta maidir lenár seirbhísí ar fad ar fáil
  • freagróimid fiosrúcháin go tráthúil
  • cinnteoimid go mbeidh ár seirbhísí ar fad go hiomlán inrochtana
  • cinnteoimid gur féidir le custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge amhlaidh a dhéanamh
  • cuirfimid faisnéis shoiléir ar fáil maidir lenár Item was unpublished or removed

An méid is féidir leat a bheith ag súil leis nuair a dhéanann tú teagmháil linn

Trí litir nó ríomhphost

Tabharfaimid admháil i leith do litreach nó do ríomhphoist faoi cheann 5 lá oibre agus cuirfimid freagra ar fáil faoi cheann 15 lá oibre.

Má scríobhann tú chugainn trí Ghaeilge, freagróimid thú trí Ghaeilge.

Trí theileafón

Freagróimid do ghlao go pras.

Cuirfidh ár mbaill foirne a n-ainm agus ainm an aonaid ghnó ina bhfuil siad ag obair in iúl duit.

Déileálfaimid le d'fhiosrúchán láithreach, agus mura féidir linn amhlaidh a dhéanamh, glaofaimid ar ais ort nó más féidir, iarrfaimid ort d'fhiosrúchán a sheoladh chugainn trí ríomhphost.

Más gá do ghlao a aistriú chuig rannóg eile, cuirfimid ainm na rannóige sin in iúl duit.

Ár suíomh gréasáin

Cinnteoimid go mbeidh ábhar ar ár suíomh gréasáin cothrom le dáta agus inrochtana.

Úsáidfimid teanga shoiléir, shimplí inár dteachtaireachtaí ar fad, a mhéid agus is féidir.

Cuirfimid faisnéis ar fáil i bhformáidí a fhreastalaíonn ar do riachtanais.

Cuairt a thabhairt ar an roinn

Cinnteoimid go mbeidh rochtain iomlán ag gach custaiméir ar ár n-oifigí poiblí agus go mbeidh caighdeáin sláinte agus sábháilteachta á gcomhlíonadh againn.

Cinnteoimid go ndéileálfar go pras le gach cuairteoir a bhfuil coinne acu.

Caithfear le gach cuairteoir le meas agus le cúirtéis.


Sonraí teagmhála

Tabhair cuairt ar an rannóg déan teagmháil linn dár suíomh gréasáin enterprise.gov.ie.

Glaoigh orainn ar (01) 631 2121 nó 0818 302 121.

Déan teagmháil le hoifigí agus gníomhaireachtaí na roinne go díreach.


Conas a dhéileálfaimid leat

Déanfaimid gach iarracht a chinntiú go bhfreastalaítear ar chustaiméirí a bhfuil riachtanais shonracha acu lenár soláthar seirbhíse.

Cinnteoimid gur féidir le custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge amhlaidh a dhéanamh.

Beidh friotal soiléir in úsáid againn agus má bhíonn orainn téarmaí teicniúla a úsáid míneofar iad.


Cabhraigh linn chun cabhrú leat

Ar mhaithe lenár seirbhís a fheabhsú, iarrfaimid ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • faisnéis ábhartha a bheith ullmhaithe agat
  • faisnéis iomlán agus chruinn a chur ar fáil
  • meas agus cúirtéis a léiriú dár bhfoireann

Conas tuairim nó moladh a chur isteach nó gearán a dhéanamh

Tugaimid luach do do thuairim agus fáiltímid roimh aiseolas faoi aon ghné dár seirbhís.

Más mian leat moladh nó tuairim a chur isteach nó gearán a dhéanamh faoi cháilíocht na seirbhíse do chustaiméirí a cuireadh ar fáil:

  • cuir tuairim in iúldéan gearán
  • glaoigh orainn ar (01) 631 2121 nó 0818 302 121 agus iarr an Oifigeach um Sheirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí
  • scríobh chuig an Aonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2

Déileálfaimid le do ghearán i gceart, go cothrom agus go neamhchlaonta. Tabharfaimid admháil i leith do ghearáin faoi cheann 5 lá oibre agus cuirfimid freagra ar fáil faoi cheann 15 lá oibre. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfimid in iúl duit cathain a eiseofar freagra iomlán.


Monatóireacht agus meastóireacht

Tá monatóireacht agus tomhas á dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht seirbhísí do chustaiméirí i gcomhréir leis an 12 Phrionsabal na Seirbhíse ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí (SAC), ár ngealltanais mar a leagtar amach iad inár bPlean Gníomhaíochta Custaiméirí agus líon na ngearán a fhaighimid.