Oifigí agus Gníomhaireachtaí na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
- Foilsithe: 22 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2025
- An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC)
- An Chuirt Oibreachais
- An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
- Clárlann na gCumann Cairdiúil (RFS)
- Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil
- Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann
- Oifig Fiontair Áitiúil
- Fiontraíocht Éireann
- GFT Éireann
- Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí
- Údarás Forfheidhmithe Corparáideach (CEA)
- An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
- An tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI)
- Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA)
- Bord Um Réiteach Díobhálacha Pearsanta
- Idir-Thrádáil Éireann
- Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta Éireann (DCCI)
Maoiníonn an roinn roinnt comhlachtaí, go páirteach agus go hiomlán, chun a clár oibre a sheachadadh.
An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC)
Tá An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) freagrach as soláthar faisnéise, comhairle san ionad oibre, idirghabháil, comhréiteach, breithniú, iniúchadh agus forfheidhmiú maidir le cearta fostaíochta, cúrsaí comhionannais agus stádais chomhionanna agus caidrimh thionsclaíocha.
An Chuirt Oibreachais
Is féidir feidhmeanna na Chuirt Oibreachais a roinnt idir iad siúd a bhaineann le hábhair chaidrimh thionsclaíoch agus iad siúd a bhaineann le hachomhairc a chinneadh i gcúrsaí cearta fostaíochta.
An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
Is í An Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) an stór lárnach d’fhaisnéis reachtúil phoiblí ar chuideachtaí Éireannacha, ainmneacha gnó agus comhpháirtíochtaí teoranta.
Clárlann na gCumann Cairdiúil (RFS)
Is é Clárlann na gCumann Cairdiúil (RFS) an stór lárnach d’fhaisnéis reachtúil phoiblí do Chumainn Tionscail agus Choigiltis, do Chairde-Chumann agus do Cheardchumainn.
Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil
Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumainn Tionscail agus Soláthai
Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann
Tá Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann freagrach as cearta maoine intleachtúla (IP) lena n-áirítear paitinní, dearaí, trádmharcanna agus cóipcheart.
Oifig Fiontair Áitiúil
Chun do ghnó a thosú nó a fhás tabhair cuairt ar Oifig Fiontair Áitiúil
Fiontraíocht Éireann
Is é Fiontraíocht Éireann an ghníomhaireacht atá freagrach as forbairt agus fás fiontar Éireannach i margaí an domhain.
GFT Éireann
Is é GFT Éireann an phríomhghníomhaireacht atá freagrach as infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh go hÉirinn.
Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí
Tá dé-shainordú ag an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) maidir le dlí iomaíochta agus cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú in Éirinn.
Údarás Forfheidhmithe Corparáideach (CEA)
Is é misean an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach (CEA) an timpeallacht chomhlíonta do ghníomhaíocht chorparáideach i ngeilleagar na hÉireann a fheabhsú.
An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
Tá An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) freagrach as dlí sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre a fhorfheidhmiú, roinnt rialachán ceimiceán a chur i bhfeidhm, agus creidiúnú.
An tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI)
Is é an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) comhlacht caighdeáin oifigiúil na hÉireann a oibríonn faoin Acht fán Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (1996).
Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA)
Bunaíodh an Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA) de bhun fhorálacha Chuid 2 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003.
Bord Um Réiteach Díobhálacha Pearsanta
Is é ról an Bord Um Réiteach Díobhálacha Pearsanta ná socrú éileamh cúitimh maidir le díobhálacha pearsanta a bhaineann le timpiste mhótair, láthair oibre nó dliteanas poiblí a éascú trí idirghabháil agus/nó measúnú.
Idir-Thrádáil Éireann
Cuidíonn Idir-Thrádáil Éireann le FBManna ar fud an oileáin trí mhaoiniú praiticiúil gnó trasteorann, faisnéis, comhairle agus tacaíocht a thairiscint.
Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta Éireann (DCCI)
Is gníomhaireacht náisiúnta í Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta Éireann (DCCI) a thacaíonn le forbairt tráchtála an tionscail dearaidh agus ceardaíochta in Éirinn.