Oifig Fiontair Áitiúil
- Foilsithe: 9 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 22 Nollaig 2023
Chun do ghnó a thosú nó a fhás tabhair cuairt ar d’Oifig Fiontair Áitiúil.
Is í d’Oifig Fiontair Áitiúil do chéad ionad freastail chun cabhrú leat do ghnó a thosú, a fhás agus a fhorbairt.
Tá foirne praiticiúla saineolaithe ag an 31 Oifig Fiontair Áitiúla atá lonnaithe in Údaráis Áitiúla ar fud na tíre chun comhairle agus faisnéis ábhartha a sholáthar duit. Is bealach í d’Oifig Fiontair Áitiúil do raon leathan tacaíochtaí rialtais agus neamhrialtasacha atá ar fáil chun cabhrú le do ghnó forbairt.
Féadann d’Oifig Fiontair Áitiúil cláir mheantóireachta agus oiliúna a thairiscint chun cabhrú leat scileanna gnó ríthábhachtacha a fhorbairt. D’fhéadfá a bheith incháilithe do raon tacaíochtaí deontais, idir indéantacht agus forbairt ghnó.