Measúnú Comhionannais agus Cearta Daonna
- Foilsithe: 10 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ullmhaítear an Measúnú seo i gcomhréir le Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014.
Tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta tiomanta do chultúr cuimsithe, cothromais agus measa a spreagadh i leith gach ball foirne agus custaiméir de chuid na roinne. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeadh gach ball foirne cumhachtaithe chun barr a gcumais a bhaint amach, agus go mbeadh rochtain ar sheirbhísí, ar dheiseanna agus ar fhorbairt gairme ar fáil ar chomhchéim do chách.
Faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014 tá oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí comhionannas a chur chun cinn, leithcheal a chosc agus cearta daonna a mball foirne agus a n-úsáideoirí seirbhíse a chosaint. Tugtar Dualgas na hEarnála Poiblí ar an oibleagáid seo.
Chun an dualgas seo a chomhlíonadh, ní mór do chomhlachtaí poiblí:
- measúnú a dhéanamh ar na ceisteanna cearta daonna agus comhionannais a gcreideann siad go bhfuil baint acu lena bhfeidhmeanna
- aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin agus cur síos a thabhairt faoin gcaoi atá beartaithe acu dul i ngleic leis na ceisteanna sin ina bplean straitéiseach
- tuairisc a dhéanamh ar fhorbairtí agus ar dhul chun cinn sa tuarascáil bhliantúil
Is í an chéad chéim do chomhlachtaí poiblí lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin dualgas measúnú a dhéanamh ar aon cheisteanna cearta daonna agus comhionannais do dhaoine a mbaineann úsáid as a seirbhís agus dá mball foirne. Ullmhaítear an measúnú seo i gcomhréir le hAlt 42 den Acht 2014 agus cuirtear na ceisteanna comhionannais agus cearta daonna a bhfuil baint acu le baill foirne agus le húsáideoirí seirbhíse na roinne agus a hoifigí san áireamh leis.