English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Próiseas Tarrthála Riaracháin le haghaidh Cuideachtaí Beaga

Forálann Acht na gCuideachtaí (An Próiseas Tarrthála le haghaidh Cuideachtaí Beaga agus Micreachuideachtaí), 2021, a thosaigh an 8 Nollaig 2021, do phróiseas tarrthála tiomnaithe do chuideachtaí beaga agus do mhicreachuideachtaí, is é sin ‘Próiseas Tarrthála Riaracháin le haghaidh Cuideachtaí Beaga (SCARP/PTRCB)’.

Ligeann SCARP/PTRCB do chuideachtaí atá inmharthana go bunúsach a bhfuil fadhbanna airgeadais sealadacha acu athstruchtúrú a dhéanamh le comhaontú na gcreidiúnaithe. Is iad stiúrthóirí na cuideachta lena mbaineann a thionscnaíonn é agus bíonn baint theoranta aige leis an gcúirt sa chás go mbíonn ról gníomhach ag creidiúnaithe agus go mbíonn siad sásta le plean tarrthála. Is ionann an próiseas agus gnéithe den scrúdaitheoireacht ach le próiseas riaracháin simplithe a d’fhéadfadh é a dhéanamh níos gasta agus níos saoire araon.

Soláthraíonn SCARP/PTRCB líne tharrthála éifeachtach do chuideachtaí beaga agus do mhicreachuideachtaí inmharthana a rachadh faoi leachtú murach sin, rud a chiallaíonn go gcoinnítear poist agus go ndéantar luach iomlán do chreidiúnaithe a uasmhéadú.

Critéir incháilitheachta

Chun leas a bhaint as SCARP/PTRCB, ní mór do chuideachta na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

Ní mór don chuideachta a bheith ina cuideachta bheag nó ina micreachuideachta mar atá sainmhínithe in Acht na gCuideachtaí 2014. Is éard is cuideachta bheag nó micreachuideachta ann ná ceann a chomhlíonann dhá cheann de na trí choinníoll seo a leanas:

a) Níl níos mó ná 50 fostaí ag an gcuideachta

b) Ní féidir lena láimhdeachas a bheith os cionn €15 mhilliún

c) Ní féidir leis an gclár comhardaithe a bheith os cionn €7.5 mhilliún

Níl an chuideachta, nó is dócha nach mbeidh an chuideachta, in ann a fiacha a íoc.

Ní fhéadfaidh an chuideachta a bheith faoi leachtú.

Níor cheart go mbeadh scrúdaitheoir nó comhairleoir próisis ceaptha ag an gcuideachta sna 5 bliana roimhe sin.

Má tá glacadóir ceaptha don chuideachta, níl an chuideachta incháilithe ach amháin má tá an glacadóir sin ceaptha ar feadh tréimhse níos lú ná 3 lá oibre.

Chun leas a bhaint as SCARP/PTRCB, ní mór do chuideachta a bheith inmharthana go bunúsach freisin agus a bheith in ann na deacrachtaí atá aici faoi láthair a réiteach trí thrádáil. Is é measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht na cuideachta an chéad chinneadh a chaithfidh an Comhairleoir Próisis a dhéanamh nuair a cheapann Stiúrthóirí na cuideachta ar dtús iad.

Tá lámhleabhar faisnéise a thugann eolas soiléir agus inrochtana ar SCARP/PTRCB ar fáil thíos. Cuirtear tuilleadh eolais ar fáil faoin gcreat reachtach freisin.

Small Company Administrative Rescue Process
Amharc amharc
Companies Act 2014 (Fees) (No 2) Regulations 2021 (SI No 674 of 2021)
Amharc amharc
Companies Act 2014 (Prescribed Form and Notice) Regulations 2021 (SI No 675 of 2021)
Amharc amharc
Companies Act 2014 (Section 897 Order) 2021 (SI No 676 of 2021)
Amharc amharc