Straitéis nua chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach
- Foilsithe: 7 Iúil 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 4 Iúil 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 15 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Iúil 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Tá straitéis nua á forbairt ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn.
Beidh an straitéis nua ag iarraidh cur le struchtúir, éachtaí agus cuspóirí Pobail Inbhuanaithe, Uilechuimsitheacha agus Chumhachtaithe agus nuair a bheidh sí forbartha, rithfidh sí don tréimhse 2026 – 2030. Leagfaidh an straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn amach fís fhadtéarmach dár bpobail in Éirinn. Leagfaidh sí amach freisin treo ginearálta taistil do bheartas an rialtais i ndáil le forbairt phobail, forbairt áitiúil agus na hearnálacha pobail agus deonacha don deich mbliana atá romhainn.
Anois an t-am do dhaoine sa straitéis phobail agus dheonach a dtuairim a chur in iúl trí chomhairliúchán le páirtithe leasmhara. Tá an comhairliúchán beo ar líne anois agus beidh sé oscailte go dtí an 15 Lúnasa 2025.
Comhairliúchán seachtrach
Chun féachaint ar an gcomhairliúchán cliceáil ar an gcnaipe thíos.