Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021- 2025

Leagtar amach fís fhadtéarmach don tsaorálaíocht agus do shaorálaithe in Éirinn sa Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta (2021-2025). De bharr go mbeidh gníomhartha le cur i bhfeidhm sna cúig bliana amach romhainn, leagadh amach treoir ghinearálta sa Straitéis do bheartas rialtais i ndáil leis na saorálaithe agus an timpeallacht saorálaíochta. Cuireann sí chomh maith leis an gcaidreamh agus comhpháirtíocht nua idir an Rialtas agus an earnáil saorálaíochta, agus cuireann sí léi, earnáil a bhfuil forbairt tagtha uirthi le linn ullmhú na straitéise.

Tá de chuspóir leis an Straitéis an fiúntas faoi leith atá leis an tsaorálaíocht i saol na hÉireann a admháil, a chothú agus a chur chun cinn. Tugann an Straitéis deis don Rialtas freisin an tábhacht atá leis an tsaorálaíocht do dhea-bhail an náisiúin a admháil, aisling aontaithe ardaidhme ina leith agus an modh ina dtabharfar sin i gcrích a leagan amach. Níor tharla aon tráth riamh go fóill a raibh tábhacht chomh mór leis an tsaorálaíocht don tsochaí is a tharla linn freagairt a thabhairt le roinnt míonna anuas ar phaindéim Covid-19.

D'oibrigh an Rialtas agus daoine ón earnáil forbartha pobail, forbartha áitiúla, pobail agus dheonach, gnó agus rialtais áitiúil go léir i gcomhar ar an straitéis. Straitéis uaillmhianach atá inti chun tacú leis an gcomhpháirtíocht agus leis an dícheall i gcomhar ag gach leibhéal agus idir na páirtithe leasmhara go léir. Tá cúig chuspóir ardleibhéil agus 56 gníomh ghaolmhar inti chun tacú le pobail, lena n-eagraíochtaí ionadaíocha agus leis an bpobal agus earnáil dheonach.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat