Ainm Nua - An Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Meitheamh 2025
Ón 2 Meitheamh, 2025, tá feidhmeanna na Gaeltachta aistrithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anonn chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Tabharfar an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail feasta.
Leanfaidh an Roinn le forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus tacú le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann, na ceantair Ghaeltachta ina measc.
Níl aon athrú ar ár gcuid oifigí ná uimhreacha fóin leis an gCeannoifig i Trinity Point i mBaile Átha Cliath, agus oifigí i mBéal an Átha i Maigh Eo. Beidh oifigí ag an Roinn anois freisin sna Forbacha i nGaillimh agus i nGaoth Dobhair i nDún na nGall.
Tá uasdátú déanta ar na seoltaí ríomhphoist chun ainm nua na Roinne a léiriú.
I gcás fiosruithe ginearálta, déan teagmháil le: info@drcdg.gov.ie
Maidir le fiosruithe a bhaineann leis na meáin, déan teagmháil le: press.office@drcdg.gov.ie