An Ghaeltacht
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2025
Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ag croílár pholasaí Gaeilge an Rialtais agus, mar sin, is príomhthosaíocht don Roinn é an straitéis a chur i bhfeidhm mar a bhaineann sí leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht.
Tá raon moltaí sa straitéis a bhaineann leis na naoi réimse atá leagtha amach inti: Oideachas; an Ghaeltacht; Idirghabháil Luath Teanga sa Teaghlach; Riarachán; Seirbhísí agus Pobail; na Meáin agus an Teicneolaíocht; Foclóirí; Reachtaíocht agus Stádas; Saol Eacnamaíoch agus Tionscnaimh Leathana.
Leagadh amach sa Plean Gniomhaiochta 2018-2022 na gníomhartha a bhí beartaithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ag na geallsealbhóirí eile go léir chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise sa tréimhse cúig-bhliana go 2022.
Ó Mheitheamh 2025 i leith, tá freagracht fhoriomlán ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta as cur i bhfeidhm na Straitéise a chomhordú.
Tugtar léargas thíos ar an mhéid atá déanta ag an Roinn féin ó thaobh an Straitéis a chur i bhfeidhm mar a bhaineann sí le tionscnaimh Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, laistigh inti agus go hidirnáisiúnta.
Naisc úsáideacha
An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga
Tuilleadh Eolais agus Ceisteanna
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Na Forbacha, Gaillimh, H91 KX39, Éire