An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
- Foilsithe: 20 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 10 Meitheamh 2021
Réamhrá
Tionscnamh rialtais atá sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) le seachadadh a dhéanamh ar leathanbhanda ardluais do gach áitreabh in Éirinn.
Bainfear é sin amach trí infheistíocht ó chuideachtaí teileachumarsáide agus idirghabháil stáit le rochtain ar leathanbhanda ardluais a thabhairt chuig ceantair nach bhfuil infheistíocht thráchtála cinnte.
Is tionscnamh atá ann idir an [link broken]Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD).
Daoine a bhainfidh leas as an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda
Trí infheistíocht leanúnach tráchtála, baineann an lucht cónaithe i bhformhór ár gcathracha agus ár mbailte tairbhe as leathanbhanda ardluais. Tá na ceantair nach bhfuil cumhdaithe ag infheistíocht tráchtála, ceantair thuaithe go háirithe, ina sprioc d’idirghabháil stáit – an Plean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP).
Déantar iarracht leis an bplean nasc leathanbhanda ardluais a chinntiú do:
- thart ar 540,000 seoladh poist
- 990,000 saoránach (21% den daonra náisiúnta)
- 381,000 comhalta den fhórsa saothair (21% den iomlán náisiúnta)
- 52,057 feirm (61% den iomlán náisiúnta d’fheirmeacha)
- 47,096 Fiontar Beag agus Meánmhéide
- 437 scoil (13% den iomlán)
- 310 páirc ghnó (4% den iomlán náisiúnta)
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, nó dá mba mhaith leat a sheiceáil an bhfuil d’áitreabh lonnaithe sa cheantar idirghabhála, is féidir leat cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda . Le d’áitreabh a aimsiú ar an mapa, cuir isteach d’Éirchód nó cuir do sheoladh isteach sa bhosca cuardaigh. Faigh d’Éirchód anseo Faigh d’Éirchód .
Ról na Roinne
Is é ról na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail a chinntiú nach bhfuil aon bhacainní ann ó thaobh an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a leathadh amach agus cúnamh a thabhairt freisin le ceantair thosaíochta don leathadh amach a aithint.
Déantar é sin trí dhíospóireacht leis na páirtithe leasmhara go léir, ar nós ranna rialtais eile. D’fhéadfadh sé go n-áireodh sé freisin, oibritheoirí teileachumarsáide, grúpaí deonacha agus pobail, comhlachtaí ionadaíochta, údaráis acadúla agus údaráis áitiúla, go háirithe, Oifigigh Leathanbhanda údaráis áitiúil.
Le faisnéis níos mionsonraithe a fháil maidir le ról na roinne i leathanbhanda tuaithe, tionscnaimh fón póca agus tionscnaimh digiteacha, féach, le do thoil, ar na doiciméid seo a leanas:
Infheistíocht Leathanbhanda Tuaithe
Scéimeanna agus Tionscnaimh Digiteacha
Grúpa Forfheidhmithe an Tascfhórsa Fón Póca agus Leathanbhanda