Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

Polasaí Daonchairdis Náisiúnta 2024-2028

Seoladh an Polasaí Daonchairdis Náisiúnta 2024-2028 ar an 13 Nollaig 2023.

Is é cuspóir an Polasaí seo ná tuiscint agus eolas a dhoimhniú, timpeallacht chumasaithe a chruthú agus dlús a chur le rannpháirtíocht leis an daonchairdeas in Éirinn, ar mhaithe le leas sóisialta.

Léiríonn an Polasaí seo go n-aithníonn an Rialtas an fiúntas a bhaineann le daonchairdeas agus freisin, is ráiteas rúin chun comhoibriú agus tacú le forbairt an daonchairdis chun a acmhainneacht le haghaidh leas an phobail a uasmhéadú atá sa bPolasaí.

Díríonn an Polasaí ar 5 Príomhchuspóir:

1. Cumarsáid agus Méadú Feasachta

2. Sonraí agus Taighde

3. Daonchairdeas a Spreagadh agus a Dhreasú

4. Comhpháirtíocht Rialtais agus Earnála

5. Neartú Inniúlachta

Tríd na cuspóirí seo, leagann an Polasaí amach 21 Gníomh thar tréimhse 5 bliana, 2024-2028, chun daonchairdeas a fhorbairt. Déanfar athbhreithniú cuimsitheach ar an bPolasaí tar éis 3 bliana, rud a éascóidh meastóireacht ar dhul chun cinn an Polasaí, chun gur féidir é a nuashonrú nuair is gá.

Is féidir an polasaí iomlán a fháil anseo:

Polasaí Daonchairdis Náisiúnta 2024-2028
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat