Seolann an tAire Buttimer clár scileanna saoil a reáchtálfar i leabharlanna poiblí
- Foilsithe: 10 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Meán Fómhair 2025
- Seolann an tAire Jerry Buttimer clár scileanna saoil.
- Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú €200,000 ar fáil chun tacú leis an gclár.
- Comhpáirtíonn leabharlanna poiblí le hInniúlacht na hÉireann sna Meáin chun breis is 50 leabharlannaí a oiliúint mar Thacadóirí Inniúlachta sna Meáin.
- Meastar go bhfreastalóidh 18,000 duine ar bheagnach 900 imeacht atá beartaithe ar fud na tíre
Inniu, Dé Céadaoin, an 10 Meán Fómhair, sheol an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer clár scileanna saoil, a reáchtálfaidh gach seirbhís leabharlainne poiblí.
Is gealltanas lárnach i Straitéis na Leabharlanna Poiblí é clár scileanna saoil agus cuirfidh sé scileanna riachtanacha ar fáil do dhaoine sa saol nua-aimseartha. Beidh an clár ar fáil ar fud na 30 seirbhís leabharlainne údaráis áitiúil agus cuirfear tacaíocht ar fáil i sé phríomhréimse
- Scileanna Bunúsacha Digiteacha
- Tuiscint ar an Airgeadas
- Inniúlacht sna Meáin
- Scileanna Gnó agus Fostaíochta
- Feasacht Sláinte
- Stíleanna Maireachtála Inbhuanaitheacha agus Feasacht Timpeallachta
Tá maoiniú €200,000 á chur ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, trí Chiste na gCuntas Díomhaoin, chun tacú le beagnach 900 imeacht a bheidh ar siúl ar fud na tíre i mbliana, agus chun feasacht a ardú faoin gclár.
Ag labhairt ag seoladh chlár scileanna saoil in LexIcon i nDún Laoghaire, dúirt an tAire Buttimer:
“Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun clár scileanna saoil a sheoladh a chuirfear ar fáil trí na leabharlanna poiblí. Tá an clár seo mar chuid d’iarracht ar fud na tíre chun cabhrú leo siúd a bhfuil riachtanais litearthachta neamhchomhlíonta acu na scileanna a theastaíonn uathu a thógáil chun leas a bhaint as deiseanna nua.
Léiríonn an clár seo cad is féidir a bhaint amach nuair a oibrímid le chéile, trasna ár ranna, ár ngníomhaireachtaí agus ár n-údaráis áitiúla go léir, le sprioc chomhroinnte chun tacú le daoine ina saol laethúil.
Tá mo Roinnse, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, ár Leabharlannaithe Cathrach agus Contae, agus an Grúpa Oibre Scileanna Saoil tar éis clár a chruthú atá straitéiseach agus freagrúil araon do riachtanais áitiúla. Táim cinnte go leanfaidh an comhoibriú trasna earnálacha ag neartú sna blianta amach romhainn ionas gur féidir le leabharlanna leanúint de dhaoine a nascadh leis na tacaíochtaí cearta ag an am ceart.”
Déanfaidh an Grúpa Stiúrtha Náisiúnta um Scileanna Saoil maoirseacht ar fhorbairt leanúnach agus ar chur i bhfeidhm éifeachtach an chláir ar fud leabharlanna poiblí ar leibhéal náisiúnta. Áirítear ar an nGrúpa Stiúrtha Náisiúnta ionadaíocht ó na príomhpháirtithe leasmhara atá bainteach le comhordú agus seachadadh an chláir, lena n-áirítear ranna Rialtais éagsúla.
Dúirt Gillian Allen, Cathaoirleach Choiste Chlár Náisiúnta na Gníomhaireachta Rialtais Áitiúil agus Leabharlannaí Chontae Chill Dara:
“Mar áiteanna inar féidir le daoine teacht le chéile go sábháilte le foghlaim, fás agus rochtain a fháil ar acmhainní a thacaíonn lena bhforbairt phearsanta, tá ról lárnach ag leabharlanna laistigh dár bpobail. Gach lá, cuidímid le daoine scileanna a thógáil, bíodh sé ag foghlaim conas teicneolaíocht a úsáid, ag feabhsú ionchais fostaíochta, nó rochtain a fháil ar eolas sláinte iontaofa. Neartaíonn an clár scileanna saoil ról na leabharlann mar sheirbhísí tacaíochta riachtanacha, ag cabhrú le daoine céimeanna fiúntacha a ghlacadh i dtreo deiseanna nua. Tríd an gclár seo, agus le beagnach 900 imeacht ar fud na tíre, tá áthas ar Leabharlanna na hÉireann oibriú i gcomhar le gníomhaireachtaí rialtais agus comhpháirtíochta chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach duine ar scileanna a fhéadfaidh difríocht mhór a dhéanamh ina saolta.”
Nótaí don Eagarthóir:
Clár na Scileanna Saoil
Is tionscnamh náisiúnta é an clár scileanna saoil ina ndírítear ar scileanna riachtanacha a thabhairt do dhaoine aonair sa saol nua-aimseartha. Ar fáil ar fud na 30 seirbhís leabharlainne údaráis áitiúil in Éirinn, cuirfidh an clár tacaíocht ar fáil i sé phríomhréimse:
- Scileanna Bunúsacha Digiteacha
- Tuiscint ar an Airgeadas
- Inniúlacht sna Meáin
- Scileanna Gnó agus Fostaíochta
- Feasacht Sláinte
- Stíleanna Maireachtála Inbhuanaitheacha agus Feasacht Timpeallacht
Is é príomhchuspóir an chláir rochtain chothrom a sholáthar, ar fud na seirbhísí leabharlainne uile, ar acmhainní, ceardlanna agus oiliúint a chothaíonn foghlaim ar feadh an tsaoil, forbairt phearsanta agus rannpháirtíocht phobail. Táthar ag súil go mbeidh beagnach 900 imeacht ar siúl i leabharlanna poiblí le linn 2025.
Tiocfaidh an clár leis na príomhstraitéisí náisiúnta seo a leanas freisin:
- Straitéis Litearthachta do Dhaoine Fásta
- Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2025, Rialtas na hÉireann
- An Straitéis Náisiúnta Scileanna 2025, An Roinn Oideachais agus Scileanna
- An Straitéis Náisiúnta Inniúlachta san Airgeadais 2025-2029, An Roinn Airgeadais
- Treoir Cuimsithe Digiteach na hÉireann, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (2023).
- Bealaí chun na hOibre 2021-2025, An Roinn Coimirce Sóisialaí
- Breisoideachas agus Oiliúnt Amach Anseo: Ag Athrú na Foghlama 2020-2024, SOLAS
- Creat Éire Shláintiúil 2013-2025, An Roinn Sláinte
An Straitéis Leabharlanna Poiblí
D’fhoilsigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Cumann Bainistíochta na gContaetha agus na gCathracha, agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil an Straitéis Leabharlanna Poiblí i mí Iúil 2023. Leagtar amach inti 66 ghníomh a dearadh chun leabharlanna poiblí a chlaochlú ina moil shóisialta agus oideachais ilchuspóireacha. Dírithe ar dhaoine, spásanna, agus naisc, cuireann údaráis áitiúla an straitéis i bhfeidhm le tacaíocht ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Comhlíonann seoladh an lae inniu Gníomh 20 sa Straitéis a gheallann go bhforbrófar clár náisiúnta acmhainní agus gníomhaíochtaí scileanna saoil a bheidh ar fáil i ngach údarás leabharlainne.
Seo a leanas gníomhartha eile sa Straitéis atá ábhartha don chlár scileanna saoil:
- Gníomh 9: Oibreoimid leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta; SOLAS; an Ghníomhaireacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh; Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann agus páirtithe leasmhara eile chun an straitéis Litearthachta d'Aosaigh a chur i bhfeidhm trí ghníomhaíochtaí leabharlainne.
- Gníomh 21: Oibreoimid leis an Roinn Oideachais; an Roinn Airgeadais; an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta; an Roinn Sláinte; an Roinn Coimirce Sóisialaí; Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais; Inniúlacht na hÉireann sna Meáin; agus gach gníomhaireacht ábhartha eile chun tacú le scileanna saoil agus leanúint de sholáthar clár, teicneolaíochta agus áiseanna sonracha d'úsáideoirí leabharlainne faoi mhíbhuntáiste agus imeallaithe.
- Gníomh 41: Forbrófar agus cuirfear i bhfeidhm clár náisiúnta nua inniúlachta sna meáin do bhaill foirne agus d'úsáideoirí.