Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin foilsithe ag an Aire Buttimer
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2025
- €44.8 milliún caite in 2024 chun dul i ngleic le míbhuntáiste
Inniu (26ú Meitheamh 2025) d’fhoilsigh an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Jerry Buttimer Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin.
Is féidir airgead i gCiste na gCuntas Díomhaoin a úsáid chun maoiniú a thabhairt i gcomhair beart lena dtugtar aghaidh ar mhíbhuntáiste eacnamaíoch, sóisialta nó oideachasúil, agus chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Sonraítear i dTuarascáil Bhliantúil 2024 gurbh ionann caiteachas ar bhearta Cuntas Díomhaoin i rith na bliana agus €44.8 milliún ar fud 12 Roinn Rialtais.
Tá trí chás-staidéar ar bhearta lenar tacaíodh in 2024 san áireamh sa tuarascáil;
Rothaíocht Éireann – Tionscadal na Rothar Sléibhe Oiriúnaitheach (aMTB) – Trí Chiste na gCuntas Díomhaoin, cheannaigh Rothaíocht Éireann 5 aMTB. Cuireadh na rothair seo le chéile ar Champas Spórt Éireann le cuidiú ó dheonaithe ar lánchumas in éineacht le húsáideoirí cathaoir rothaí ar mhian leo páirt a ghlacadh. Tugann na rothair seo an deis d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí chun freastal ar ionaid chonaire agus traenáil a fháil ar gach leibhéal.
- The Great Care Cooperative (GCC) – Fuair Rethink Ireland maoiniú trí Chiste na gCuntas Díomhaoin i gcomhair “The Great Care Cooperative” (GCC). Is fiontar sóisialta seachbhrabúsach é an GCC a bhfuil mar aidhm acu sár-chúram agus sár-phostanna a chur ar fáil agus úsáid á baint as creat comhionannais. Tacaíonn siad le mná imeallaithe atá ag obair san earnáil cúraim chun rochtain a fháil ar fhostaíocht fhiúntach trí chomh-úinéirí a dhéanamh dóibh. Trí mhúnla GCC cuirtear cúramóirí i róil cheannaireachta agus chinnteoireachta. Infheistíonn siad an brabús go léir ar ais i bpá, pinsin agus oiliúint na bhfostaithe, rud a chuireann feabhas díreach ar chúram do dhaoine scothaosta.
- An Scéim um Oibrithe Forbartha Pobail Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh (ECDW) – Forbraíodh an scéim ECDW chun dul i ngleic leis an neamhionannas oideachais a bhíonn á fhulaingt ag an Lucht Siúil agus na Romaigh, go háirithe maidir le freastal, rannpháirtíocht, agus daltaí a choinneáil ar scoil, agus chun dul i ngleic le héifeachtaí agus iarmhairtí phaindéim Covid-19 mar a bhaineann siad le páistí agus daoine óga ón Lucht Siúil agus ó na Romaigh sa chóras oideachas.
Baineadh úsáid as maoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine chun ECDWanna tiomanta a fhostú, a oibríonn i gcomhar le pobail Lucht Siúil agus Romach áitiúla, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, agus soláthraithe seirbhísí ar bith eile ar féidir leo cuidiú le feabhas a chur ar thorthaí oideachasúla páistí agus daoine óga ó phobail an Lucht Siúil agus na Romach. In 2024, bhí 12 ECDW ag obair in 10 n-áit ar fud an Stáit, le mórchuid na n-oibrithe seo ag teacht ón Lucht Siúil.
Agus an Tuarascáil Bhliantúil á foilsiú aige inniu, dúirt an tAire Buttimer:
“Is cúis áthais dom Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin a fhoilsiú, ina léirítear gur cuireadh breis agus €44 milliún ar fáil in 2024 chun dul i ngleic le míbhuntáiste fud fad na hÉireann. Rinneadh an 51 beart a bhí sa tuarascáil a chur i bhfeidhm ar fud an Rialtais agus chuaigh siad i ngleic le raon leathan ceisteanna cosúil le cláir a chur ar fáil chun tacú le páistí agus daoine óga; daoine faoi mhíchumas; cúramóirí; agus grúpaí imeallaithe ar nós phobail an Lucht Siúil agus na Romach.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Is mór an difear a dhéanann maoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine do dhaoine aonair agus do phobail fud fad na tíre. Tá sé ag cuidiú le daoine leochaileacha, ag tacú le hionchuimsiú sóisialta, agus ag neartú ár bpobal. Tá sé ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol daoine agus beidh tionchar dearfach fadtéarmach i gceist leis.”
Dúirt an tAire Calleary:
“Fáiltím roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin ina leagtar amach conas ar cuireadh maoiniú d’os cionn €44 milliún ar fáil an bhliain seo caite. Laistigh den Roinn, baineadh úsáid as €11.64 milliún i gcomhar beart cosúil leis an Scéim Rabhaidh do Sheanóirí, Fiontar Sóisialta, Bearta Spriocdhírithe d’Ionchuimsiú Sóisialta agus Tacaíochtaí do Leabharlanna. Níorbh fhéidir na tacaíochtaí seo a chur ar fáil gan Chiste na gCuntas Díomhaoin agus is cabhair mhór é chun tacú le hionchuimsiú sóisialta i bpobail in gach cearn den tír.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Ba ionann an caiteachas iomlán ó Chiste na gCuntas Díomhaoin in 2024 agus €44.8m i gcomhair 51 beart ar fud 12 Roinn. Tugtar eolas faoi na bearta seo sa Tuarascáil Bhliantúil in éineacht le trí chás-staidéar ar mhaoiniú do bhearta/tionscadail in 2024.
Rinneadh caiteachas ar fud raon Ranna, lenar tugadh maoiniú do bhearta chun tacú le páistí agus daoine óga; príosúnaigh; cúramóirí; íospartaigh choire; easpa dídine; agus grúpaí imeallaithe cosúil le pobail an Lucht Siúil agus Romach.
Sna hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, in éineacht leis an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, cuirtear creat ar fáil i gcomhair riarachán cuntas neamhéilithe in institiúidí creidmheasa (i.e. bancanna, cumainn foirgníochta agus An Post) agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.
Is é príomhchuspóir na reachtaíochta ná sealbhóirí cuntas nó sealbhóirí polasaithe a thabhairt ar ais le chéile lena n-airgead in institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais, agus ina leith seo, ceanglaítear ar na forais seo céimeanna a ghlacadh chun úinéirí na gcuntas díomhaoin agus na bpolasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.
Mar sin féin, ionas gur féidir úsáid a bhaint as an airgead nár úsáideadh, tugadh scéim isteach leis an reachtaíocht lenar féidir úsáid a bhaint as maoiniú nár dócha go n-éileofar ar ais é ó na cuntais dhíomhaoine agus na polasaithe neamhéilithe, ar mhaithe le bearta chun tacú le:
- forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
- forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
- daoine faoi mhíchumas.
Tábla Achomair Thuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin
Tugtar achoimre sa tábla a leanas ar na bearta agus an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2024 do gach Roinn Rialtais ábhartha. Tá na sonraí go léir le fáil sa Tuarascáil Bhliantúil í féin.
Uimh. |
Roinn Rialtais |
Beart |
Dáilte ó CCD in 2024 |
1 |
R/Forbartha Tuaithe & Pobail |
Beart Fiontair Shóisialta |
2,000,000 |
2 |
R/Forbartha Tuaithe & Pobail |
Scéim Rabhaidh do Sheanóirí |
2,700,000 |
3 |
R/Forbartha Tuaithe & Pobail |
Ionchuimsiú Sóisialta Spriocdhírithe |
878,497 |
4 |
R/Forbartha Tuaithe & Pobail |
Ballraíocht i Leabharlanna a chur chun cinn i measc Grúpaí faoi Mhíbhuntáiste |
560,780 |
5 |
R/Forbartha Tuaithe & Pobail |
Rethink Ireland |
5,500,000 |
6 |
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta |
Tithíocht ar dTús |
3,000,000 |
7 |
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta |
Loistín do Bhaill an Lucht Siúil |
419,942 |
8 |
An Roinn Dlí agus Cirt |
Plean Cur chun Feidhme Dhroichead Átha, Bliain 3 |
145,284 |
9 |
An Roinn Dlí agus Cirt |
Seirbhísí Ceartais d’Óige agus Pobail |
4,159,734 |
10 |
An Roinn Dlí agus Cirt |
Feachtais Feasachta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscne-Bhunaithe, agus Cearta Íospartach |
1,132,963 |
11 |
An Roinn Dlí agus Cirt |
Eagraíochtaí Pobail - Earnáil an Cheartais Choiriúil |
357,000 |
12 |
An Roinn Dlí agus Cirt |
An tSeirbhís Phromhaidh: Maoiniú d’Fhiontar Sóisialta, Babhta a Trí de KickStart: Múnla maoinithe leathnaithe
|
21,250 |
13 |
An Roinn Dlí agus Cirt |
An tSeirbhís Phromhaidh: Babhta a Ceathair de Chiste KickStart |
81,250 |
14 |
An Roinn Dlí agus Cirt |
Clár Toilithe don earnáil Breisoideachais agus Oilúna |
189,000 |
15 |
An Roinn Dlí agus Cirt |
Sláinte Pobal-Bhunaithe sa Chóras Dlí agus Cirt |
385,909 |
16 |
An Roinn Coimirce Sóisialaí |
Beart um Chúramóirí Teaghlaigh - Tacaíocht do Chúramóirí Teaghlaigh lena n-áirítear Cúramóirí Óga & Iar-Chúramóirí chun rochtain a fháil ar thacaíochtaí fostaíochta agus/nó oiliúna agus oideachais. |
598,550 |
17 |
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige |
Tacaíocht Chúraim do Dhaoine Leochaileacha sa Phobal |
1,226,453 |
18 |
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige |
Tionscnaimh Oiliúna Champas Coinneála Bhaile an Oibricigh |
347,500 |
19 |
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige |
Tionscnaimh Phobail don Lucht Siúil agus/nó Romaigh |
1,905,112 |
20 |
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige |
Tionscnaimh Óige agus/nó Teaghlaigh |
3,023,584 |
21 |
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige |
Babaithe agus/nó Páistí Óga |
302,364 |
22 |
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige |
Tionscnamh Feasachta Míchumais |
171,120 |
23 |
An Roinn Oideachais |
I dTreo an Ionchuimsithe |
32,311 |
24 |
An Roinn Oideachais |
Time to Count - Tacaíocht Uimhearthachta do Leanaí |
20,000 |
25 |
An Roinn Oideachais |
Network for Teaching Entrepreneurship (NFTE) |
300,000 |
26 |
An Roinn Oideachais |
Clár Idirbhliana The Big Idea |
200,000 |
27 |
An Roinn Oideachais |
Clár um Chríochnú Scoile do leanaí atá ag lorg cosanta idirnáisiúnta |
200,000 |
28 |
An Roinn Oideachais |
Comhordaitheoirí Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) |
790,000 |
29 |
An Roinn Oideachais |
Glasnevin Trust Transportations |
20,000 |
30 |
An Roinn Oideachais |
Pacáistí Seachanta Scoile a uasdátú, a atáirgeadh agus a sheoladh do gach scoile |
14,000 |
31 |
An Roinn Oideachais |
Aistrithe agus Tinreamh Scoile a Neartú do Pháistí agus Daoine Óga |
107,000 |
32 |
An Roinn Oideachais |
Torthaí oideachasúla a fheabhsú do pháistí agus daoine óga ó phobail an Lucht Siúil agus na Romach |
180,000 |
33 |
An Roinn Oideachais |
Tionscadal saibhrithe scoile chun tacú le páistí i mbun aistrithe scoile |
50,000 |
34 |
An Roinn Oideachais |
Lánpháirtíocht Inimirceach CDETB |
120,000 |
35 |
An Roinn Oideachais |
Tionscadal chun dul i ngleic le míbhuntáiste eacnamaíoch agus oideachasúil atá á fhulaingt ag grúpa scoláirí 2ú leibhéal in 4 scoil nach Scoileanna DEIS iad i réigiún an *Oirthuaiscirt |
146,760 |
36 |
An Roinn Oideachais |
Tacaíocht iompair eatramhach a thabhairt do pháistí atá gan dídean |
20,000 |
37 |
An Roinn Oideachais |
Seimineáir ghréasáin shaincheaptha do LADTI+ |
20,000 |
38 |
An Roinn Oideachais |
Clár Píolótach d’fhoghlaimeoirí RSO [riachtanais speisialta oideachais] i mbun aistrithe |
500,000 |
39 |
An Roinn Oideachais |
Nuálaithe Sóisialta Óga |
180,000 |
40 |
An Roinn Cosanta |
Flít Feithiclí agus Bád Cosanta Sibhialta a Uasghrádú |
378,589 |
41 |
An Roinn Cosanta |
Maoiniú ó Chuntais Dhíomhaoine do Chumainn Iarshaighdiúirí |
44,345 |
42 |
An Roinn Cosanta |
Sail Training Ireland |
50,000 |
43 |
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán |
Moil Phobail Spóirt agus Gníomhaíochta Fisiciúla |
1,842,500 |
44 |
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán |
Mol Náisiúnta Oideachais agus Traenála Spóirt |
1,877,500 |
45 |
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán |
Bearta Spóirt do Phobail faoi Mhíbhuntáiste chun tacú leis an Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp |
6,780,000 |
46 |
R/Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta |
Clár Dreasachta Printíseachtaí don Lucht Siúil |
450,000 |
47 |
R/Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta |
Sparánacht do Dhaoine ag Fágáil Cúraim |
100,000 |
48 |
R/Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta |
Sparánacht um Loistín Mac Léinn ar son phobail an Lucht Siúil agus na Romach |
390,000 |
49 |
An Roinn Sláinte |
Leathadh amach uirlis mheasúnaithe do riachtanais cúramóirí |
710,000 |
50 |
An Roinn Fiontar, Trádála & Fostaíochta |
Balance for Better Business |
201,250 |
51 |
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide |
Beart spriocdhírithe d’iascairí faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí lúith acu |
40,000 |
Iomlán |
|
|
44,870,505 |