Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary €8.7 milliún do 221 tionscadal áineasa lasmuigh

  • Infheistíocht leanúnach in áiseanna áineasa ar nós conairí siúil, bealaí rothaíochta, áiseanna uiscebhunaithe agus bealaí rochtana sléibhe tríd an Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh (SIÁA)
  • Tacaíonn sé go díreach le huaillmhian na Straitéise Náisiúnta Áineasa Allamuigh ‘Ag Glacadh le Saol na hÉireann faoin Aer’

Inniu, Déardaoin, an 14 Lúnasa 2025, le linn cuairte ar chonair an Bhairínigh i gContae Shligigh, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, €8.7 milliún chun 221 tionscadal áineasa a sheachadadh ar fud na tíre tríd an Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh (SIÁA).

Tá an maoiniú a fógraíodh inniu i leith Beart 1 (deisiú agus forbairt infreastruchtúr áineasa ar scála beag) agus Beart Forbartha Tionscadail na Scéime. Déanfar tuilleadh fógraí maidir le Bearta 2 agus 3 den Scéim níos déanaí i mbliana.

Clúdaíonn na 221 tionscadal a fógraíodh inniu gach contae agus áirítear leo oibreacha feabhsúcháin ar chosáin siúil agus rothaíochta, feabhsuithe ar chomharthaíocht, soláthar páirceála agus troscáin cosáin, agus tacaíocht do mhargaíocht agus do chur chun cinn ár n-áiseanna áineasa lasmuigh.

I measc na dtionscadal atá á maoiniú tá conairí siúil, bealaí rochtana sléibhe agus áiseanna snámha lasmuigh ar nós:

  • Contae Dhún na nGall – An Clochán Liath: Chun Abhainn an Chlocháin Léith agus Siúlóid Lúbtha na Sléibhe a fheabhsú - €40,000.
  • Contae Chiarraí – Na Cruacha Dubha: Chun oibreacha a dhéanamh ar chosán Shliabh na Cathrach sna Cruacha Dubha - €39,870.
  • Contae Chill Mhantáin – Cill Mhantáin: Suiteáil chóras Sea-Trac i gcuan Chill Mhantáin chun rochtain snámha neamhspleách a chruthú dóibh siúd atá faoi mhíchumas fisiciúil - €40,000.
  • Contae Mhaigh Eo - Leathardán: Forbairt conaire ó Pháirc Titanic i Leathardán i dtreo charrchlós Néifinne - €40,000.
  • Contae Mhuineacháin – Loch Mhucnú: Céim II de limistéar céadfach Loch Mhucnú agus spás áineasa lasmuigh cuimsitheach - €40,000.
  • Contae Shligigh – Slí an Bhairínigh: Dromchlú ceann conaire agus athdhromchlú conaire ar Shlí an Bhairínigh - €40,000.
  • Contae an Chláir – Abhainn na Scairbhe: Ullmhúchán dearadh mionsonraithe le haghaidh pleanáil conair canú, cúrsa slalóim agus ionad raftála uisce bán ar abhainn na Scairbhe.
  • Contae Luimnigh – Baile an Londraigh: Scagthástáil agus comhairliúcháin chun nasc easbhóthair a fhorbairt idir Portach na gCríostúnach agus Baile an Londraigh. - €50,000.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá infheistíocht in áiseanna áinéasa thar a bheith tábhachtach dúinn go léir ó thaobh na sláinte coirp agus meabhrach de. Tá an-áthas orm an fógra seo a dhéanamh inniu ina ndéanfar réimse leathan tionscadal caipitil a fhorbairt agus a sheachadadh ar fud na tíre, ag cur lenár dtairiscint áineasa faoin aer atá suntasach cheana féin.

“Leanann an Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh de bheith ag comhlíonadh na ngealltanas in Ár dTodhchaí Tuaithe agus sa Straitéis Náisiúnta Áineasa Allamuigh, ‘Ag Glacadh le Saol na hÉireann faoin Aer’, agus tógann sí ar leibhéil infheistíochta nach bhfacthas riamh cheana san earnáil le blianta beaga anuas.”

Ag labhairt ag an bhfógra, dúirt an tAire Stáit le freagracht speisialta as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer T.D.:

“Cuirim fáilte mhór roimh fhógra 221 tionscadal breise á dtabhairt chun críche tríd an Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh. Leanann an maoiniú a chuirtear ar fáil faoin Scéim seo de bheith ag soláthar agus ag feabhsú ár dtairiscint áineasa, rud atá thar a bheith tábhachtach dúinn ó thaobh folláine an phobail de, chomh maith le turasóireacht faoin tuath a spreagadh.

“Molaim na grúpaí pobail éagsúla a chomhoibríonn le páirtithe leasmhara tábhachtacha chun áiseanna áineasa a fhorbairt agus a fheabhsú ina gceantar áitiúil.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Calleary:

“Chonaic mé féin an difríocht shuntasach a dhéanann infheistíocht faoin gCiste seo. D’fhreastail mé le déanaí ar an gcomhdháil náisiúnta áineasa lasmuigh i Luimneach, agus bhí sé soiléir go bhfuil na páirtithe leasmhara tábhachtacha go léir ag obair le chéile chun an earnáil ríthábhachtach seo a fhorbairt agus a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe agus cuimsitheach. Mar Aire atá freagrach as an réimse seo, táim tiomanta do leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag fás ár n-áiseanna áineasa.

“Déanaim comhghairdeas leis na hiarratasóirí rathúla a fógraíodh inniu agus táim ag tnúth le fógairt na dtionscadal níos mó faoi bhearta 2 agus 3 de Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh 2024/25 sna míonna amach romhainn.”

Tá sonraí na 221 tionscadal a fógraíodh inniu ar fáil anseo.

Nótaí

Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh 2024/25

Riarann údaráis áitiúla agus cuideachtaí forbartha áitiúla an Scéim ar leibhéal áitiúil. Tabharfar tús áite do thionscadail a bhfuil fianaise iontu ar rannpháirtíocht láidir ón bpobal. I measc na samplaí de ghníomhaíochtaí ar cheart d’iarratasóirí a bheith i gcuimhne acu agus iarratais á gcur isteach acu don Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh (SIÁA) 2024/25 tá:

Bunaithe ar an Talamh

Bunaithe ar an Uisce

Bunaithe san Aer

Siúl

Canúáil/Cadhcáil/SUP

Parafaoileoireacht

Cnocadóireacht/Siúlóireacht

Rámhaíocht

Faoileoireacht foluana

Rothaíocht Fóillíochta

Snámh in Uisce Oscailte lena n-áirítear Linnte Taoide

 

Rothaíocht Sléibhe

Surfáil

 

Conairí Marcaíochta

Treodóireacht Chósta

 

Rith Conaire/Easbhóthair

Surfáil gaoithe/Surfáil eitleoige/SUP

 

Treodóireacht

Seoltóireacht

 

Bollánóireacht, Scraimbil, Ailleadóireacht, Sléibhteoireacht

Tumadóireacht

 

Soláthraítear maoiniú Scéim 2024/25 mar seo a leanas:

  • Beart 1 –
    • Deisiú/forbairt/cur chun cinn agus margaíocht ar scála beag.
    • Maoiniú suas le €40,000 ag ráta cúnaimh 90%.
  • Beart 2 –
    • Deisiú/uasghrádú meánmhéide agus forbairt conaire/áiseanna nua.
    • Maoiniú suas le €200,000 ag ráta cúnaimh 90%.
  • Beart 3 –
    • Deisiú/uasghrádú ar scála mór agus forbairt conaire/áiseanna straitéiseacha nua
    • Maoiniú suas le €500,000 ag ráta cúnaimh 90%.
  • Beart Forbartha Tionscadail –
    • Forbairt mhionsonraithe tionscadal a chuirfeadh ar a gcumas caighdeán a bhaint amach le haghaidh iarratais faoi Bheart 2 nó Beart 3 den Scéim.
    • Maoiniú suas le €50,000 ag ráta cúnaimh 90%.

Is féidir sonraí faoi thionscadail rathúla roimhe seo faoin Scéim a fháil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat