Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary maoiniú €2m le haghaidh theagasc na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip

  • Fuair os cionn 20 ollscoil maoiniú sa tréimhse 2022-23 go 2024-25.
  • Tá 23 iarratas faighte ag an Roinn don tréimhse acadúil 2025-26 go 2027-28.
  • Maoiniú €1.979m ceadaithe ag an Aire Calleary don bhabhta seo den scéim – méadú 20% ón tréimhse dheireanach.

Tá áthas ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, a fhógairt go bhfuil suas le €681,146 in aghaidh na bliana acadúla (€1.979m san iomlán) á cheadú aige don tréimhse 2025-26 go 2027-28 le haghaidh theagasc na Gaeilge in ollscoileanna ar Mhór-roinn na hEorpa agus sa Ríocht Aontaithe faoi scéim an Chiste Tríú Leibhéal Thar Lear, 2025-2028.

Cuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip lasmuigh den Stát. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn taobh amuigh den Stát agus ardán a chur ar fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur chun tosaigh mar theanga idirnáisiúnta. Tá an ciste oscailte d’iarratais ó institiúidí tríú leibhéal thar lear ar mian leo cúrsaí Gaeilge a sholáthar mar chuid dá gclár acadúil.

Agus an maoiniú á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Dara Calleary:

‘‘Tá mé thar a bheith bródúil go bhfuil mo Roinn in ann maoiniú trí bliana a fhógairt inniu do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip faoin gCiste Tríú Leibhéal Thar Lear, 2025-28. Sna trí bliana acadúla amach romhainn, leanfaidh

an scéim seo ar aghaidh ag ceiliúradh agus ag spreagadh úsáid na Gaeilge in ollscoileanna sa Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-roinn na hEorpa. Is dea-scéala é go bhfuil 23 iarratas faighte ag mo Roinn cheana féin i dtaca leis an scéim seo agus táim ag súil go gcuirfidh tuilleadh ollscoileanna fós isteach ar an scéim amach anseo.”

Fuair os cionn 20 ollscoil maoiniú sa tréimhse 2022-23 go 2024-25 agus ollscoileanna in Albain, an Bhreatain Bheag, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ostair, an Pholainn, Sasana, an tSeic, an tSlóvaic, agus an tSualainn páirteach sa scéim. Tá an tréimhse sin ag teacht chun críche i mbliana agus tá 23 iarratas faighte ag an Roinn arís don chéad tréimhse eile, ó 2025-26 go 2027-28.

Clúdóidh na deontais atá á gcur ar fáil do na hollscoileanna costais tuarastal agus riaracháin na gcúrsaí chomh maith le 80% den chostas a bhíonn ar na mic léinn chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta sa samhradh. Seasann gach ollscoil/mac léinn fuílleach an chostais sin.