Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€1.9m ceadaithe ag an Aire Calleary do Scéim na gCúntóirí Teanga

Ardú pá ceadaithe do Chúntóirí Teanga don scoilbhliain 2025/2026

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil síneadh bliana á chur le Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2025/26 agus go bhfuil ardú pá de 10% á thabhairt do na cúntóirí teanga mar chuid de phacáiste ar fiú €1.964m é don bhliain.

Is iad na heagrais, Muintearas i nDún na nGall agus Réigiún an Iarthair, Oidhreacht Chorca Dhuibhne i Réigiún an Deiscirt, agus Glór na nGael sna Bailte Seirbhíse Gaeilge (BSG) agus Líonraí Gaeilge atá ag riar na scéime seo thar ceann na Roinne - scéim atá ar an bhfód ón mbliain 1992.

Tá an scéim ag feidhmiú i 102 bunscoil, 29 iarbhunscoil agus scoil speisialta amháin ar fud na Gaeltachta agus i 11 bunscoil agus 5 iarbhunscoil atá lonnaithe i mBailte Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonraí Gaeilge a bhfuil pleananna teanga i bhfeidhm iontu.

Mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga agus de bharr éilimh ón bpobal, tá sé i gceist anois an scéim a leathnú amach go dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta eile, Cathair Chorcaí agus Baile Dhún na nGall agus beidh 13 scoil nua ag teacht faoi scáth na Scéime, dá bharr.

Fágann sin go mbeidh 161 scoil ar fad ag baint leas as an scéim anois.

De thoradh an ardaithe seo, beidh ráta pá na gcúntóirí teanga ag ardú ó €23.20 go €25.52 in aghaidh na huaire ó thus na scoilbliana nua.

Agus é ag déanamh an fhógra seo, dúirt an tAire Calleary:

“Tréaslaím le lucht riar na scéime agus na cúntóirí atá ag obair sna scoileanna as an obair den scoth atá ar bun acu chun deiseanna a chur ar fáil don aos óg an Ghaeilge a shealbhú agus a shaibhriú. Tá an tacaíocht a thugann na cúntóirí teanga atá fostaithe faoin scéim seo ag cuidiú go mór le hobair na scoileanna Gaeltachta agus lán-Gaeilge, ag spreagadh an chéad ghlúin eile agus ag cinntiú go rachaidh an Ghaeilge chun cinn. Tugann an t-ardú seo aitheantas don obair sin. Tabharfaidh an síneadh bliana seo freisin deis do mo Roinn labhairt leis na páirtithe leasmhara cuí le breis forbairtí a dhéanamh ar an scéim sna blianta amach romhainn.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat