Maoiniú ceadaithe ag an Aire Calleary do sheirbhís lastais throm nua do 6 oileáin bheag amach ó chósta Dhún na nGall
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Lúnasa 2025
- Tá maoiniú ceadaithe ag an Aire Calleary do sheirbhís nua lastas trom do 6 oileáin bheag amach ó chósta Dhún na nGall
- Déanfaidh Comharchumann na nOileán Beag an tseirbhís nua a bhainistiú
- Díreoidh an tseirbhís ar na hoileáin beaga nach bhfuil aon seirbhís lastais throm rialta acu faoi láthair
- Inis Bó Finne, Gabhla, Inis Oirthir, Inis Caorach, Inis Mhic an Doirn agus Inis Fraoigh na hoileáin atá i gceist
- Cuirfear 8 sheoladh ar fáil le linn na chéad bliana
Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil maoiniú de €9,900 á chur ar fáil do Chomharchumann na nOileán Beag le tús a chur le seirbhís nua lastas trom a fhreastalóidh ar 6 oileáin bheag amach ó chósta Dhún na nGall.
Is conradh bliana atá i gceist agus cuirfear 8 gcinn do sheoltaí ar fáil d'Inis Bó Finne, Gabhla, Inis Oirthir, Inis Caorach, Inis Mhic an Doirn agus Inis Fraoigh. Le linn an tréimhse sin, déanfar measúnú ar an éileamh a bheidh ar an tseirbhís amach anseo.
Ag fógairt an maoiniú nua seo, dúirt an tAire Calleary:
“Tá ríméad orm an maoiniú seo a chur ar fáil do Chomharchumann na nOileán Beag le go mbunófaí an tseirbhís nua seo.
“Tá fíor thábhacht ag baint le seirbhísí lastais agus cé gur seirbhís bheag í seo, beidh tionchar dearfach aici ar na pobail bheaga atá lonnaithe ar na hoileáin sin. Cinnteoidh an tseirbhís seo go mbeidh teacht acu ar sheirbhís lastais leanúnach, rialta, ar phraghas réasúnta, don chéad uair.
“Tá roinnt mhaith obair thógála ar bun ar na hoileáin bheaga sin faoi láthair, idir foirgnimh nua á dtógáil agus seanfhoirgnimh á n-athchóiriú. Táim cinnte gur cabhair mhór don phobal í an tseirbhís nua seo.”
Déanfaidh Comharchumann na nOileán Beag an tseirbhís a bhainistiú agus cinnteoidh siadsan go bhfuil an tseirbhís á reáchtáil i gceart agus ag freastal ar riachtanais na n-oileánaí.
Nóta
Tá an comórtas soláthair ar mhaithe le soláthraí a roghnú curtha i gcríoch ag Comharchumann na nOileán Beag, agus de thoradh an chomórtais sin tá Réalt na Maidne Teo roghnaithe leis an tseirbhís a reáchtáil.