Freastalaíonn an tAire Calleary ar an Dara Comhdháil Fóillíochta faoin Aer
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2025
- Tá an chomhdháil lárnach i seachadadh ‘Ag Glacadh le Saol na hÉireann Amuigh faoin Aer’, straitéis na hÉireann chun earnáil fóillíochta faoin aer a fhás.
- Sheol an tAire Calleary leabhrán treorach freisin arna fhorbairt ag Comhairle na Tuaithe chun tacú le húinéirí talún atá ag soláthar rochtana ar a gcuid talún.
Inniu (Déardaoin, an 26 Meitheamh), chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, fáilte roimh bhreis is 200 toscaire ón earnáil fóillíochta faoin aer chuig an Dara Comhdháil Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer in Éirinn a tionóladh in Óstán Radisson Blu, Co. Luimnigh.
Ba é téama na comhdhála ná ‘Ag Glacadh le Saol na hÉireann faoin Aer – ag obair le chéile chun deiseanna fóillíochta ardchaighdeáin agus inbhuanaithe faoin aer a sholáthar’. Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil bhliantúil na príomhpháirtithe leasmhara náisiúnta san fhóillíocht faoin aer a thabhairt le chéile chun deiseanna líonraithe a sholáthar, dea-chleachtas a roinnt agus cur i bhfeidhm beartais agus forbairt beartais amach anseo a threorú. Áiríodh seisiún ann ar iompar freagrach lasmuigh agus chualathas dearcthaí de chuid na heagraíochtaí ceannródaíocha san earnáil freisin.
Ag an gcomhdháil, sheol an tAire Calleary an leabhrán ‘Fóillíocht na hÉireann faoin Aer’ i gcomhréir le gealltanas i nGlacadh le Saol nah Éireann faoin Aer, an Straitéis Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer 2023-2027. Forbraíodh an leabhrán d’úinéirí talún a sholáthraíonn rochtain fóillíochta ar a gcuid tailte, agus d’úsáideoirí áineasa, agus cuireann sé ar an eolas iad faoina gcearta agus a n-oibleagáidí.
Ag labhairt ag an gcomhdháil, dúirt an tAire Calleary:
"Aithnímid go léir na buntáistí a bhaineann lena bheith gníomhach agus am a chaitheamh amuigh faoin aer. Tá am a chaitear sa dúlra go maith don chorp agus don anam araon. Anseo in Éirinn, tá an t-ádh linn go bhfuil an oiread sin deiseanna iontacha againn chun a bheith gníomhach sa dúlra. Leis sin tagann freagracht freisin a chinntiú go gcosnaímid ár dtimpeallacht trí ghníomhú i gcónaí ar bhealach freagrach agus muid gníomhach amuigh faoin aer."
"Ag an am céanna, ní mór dúinn a bheith aireach freisin go bhfuil cuid mhaith dár gcosáin agus dár mbealaí siúil iontacha ar thalamh príobháideach. Gan dea-thoil úinéirí talún ní bheadh rochtain againn ar go leor ceantar faoin tuath. Tá sé ríthábhachtach go ngníomhóimid go léir go freagrach, agus go dtacaímid agus go dtugaimid meas ar na húinéirí talún a thugann rochtain ar a gcuid tailte."
“Inniu, tá áthas orm leabhrán ‘Fóillíocht na hÉireann faoin Aer’ a sheoladh chun tacú le feirmeoirí agus úinéirí talún agus chun cabhrú leo siúd a bhaineann úsáid as ár dtuath álainn é sin a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe agus freagrach. Beidh sé seo chun leasa úinéirí talún, siúlóirí agus turasóirí araon.”
Agus an chomhdháil á hoscailt aici inniu, dúirt an Dr Úna May, Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann:
“Tá áthas orm an Chomhdháil Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer a oscailt inniu i Luimneach.
"Is iontach an rud é a bheith anseo i measc an oiread sin eagraíochtaí agus daoine aonair a roinneann paisean Spórt Éireann do chaitheamh aimsire faoin aer. In Éirinn táimid an-bhuíoch as timpeallachtaí ardchaighdeáin a bheith againn i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon atá oiriúnach do spórt agus do ghníomhaíocht choirp.
"Tá a fhios againn, ó fhoinsí cosúil le suirbhé Mhonatóir Spóirt na hÉireann, go bhfuil spéis agus rátaí rannpháirtíochta ag fás in go leor spórt faoin aer. Tá Spórt Éireann, trí aonad Spórt Allamuigh na hÉireann, tiomanta do rannpháirtíocht a mhéadú tuilleadh sna blianta amach romhainn i ngach cineál spóirt agus gníomhaíochta coirp lasmuigh.
"Táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta chun deiseanna a chruthú do gach duine páirt a ghlacadh sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp lasmuigh agus taitneamh a bhaint astu."
Nótaí don Eagarthóir:
Ár dTodhchaí Tuaithe
Is é Ár dTodhchaí Tuaithe an beartas uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025. Is cloch mhíle nua é i gcur chuige beartas forbartha tuaithe na hÉireann agus glacann sé cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomlánaíche maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i gceantair thuaithe agus deiseanna a uasmhéadú dóibh.
Comhairle na Tuaithe
Bunaíodh Comhairle na Tuaithe i mí Feabhra 2004 chun comhairle a chur ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta maidir le forbairt na hearnála. Tagann siad le chéile ceithre huaire sa bhliain. Tá ionadaithe páirtithe leasmhara ar an gcomhairle ó eagraíochtaí feirmeoireachta, úsáideoirí áineasa na tuaithe, agus comhlachtaí stáit a bhfuil freagracht nó leas acu sa tuath.
I mí an Mheithimh 2019, cuireadh fís agus sainordú nua faoi bhráid Chomhairle na Tuaithe chun a ról comhairleach maidir le forbairt inbhuanaithe earnáil fóillíochta faoin aer na hÉireann a threisiú agus a neartú agus ceapadh Cathaoirleach neamhspleách, an Dr Liam Twomey.
Ag Glacadh le Saol na hÉireann faoin Aer: Straitéis Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer 2023-2027 Seoladh Ag Glacadh le Saol na hÉireann faoin Aer i mí na Samhna 2022. Forbraíodh an straitéis i gcomhar le Comhairle na Tuaithe agus is straitéis chomhoibríoch tras-Rialtais í atá faoi stiúir páirtithe leasmhara.
Tabharfar treoir sa straitéis maidir le forbairt agus bainistíocht inbhuanaithe earnáil fóillíochta faoin aer don chéad chúig bliana eile. Tá sé mar aidhm aici freisin rannpháirtíocht a mhéadú, agus buntáistí sóisialta, sláinte agus eacnamaíocha a bhaint amach. Tá 95 phríomhghníomh inti atá le cur i gcrích ag raon páirtithe leasmhara thar an tréimhse 5 bliana. Tá an RFTPG agus Spórt Éireann i gcomhcheannas ar chur i gcrích na straitéise.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Straitéis Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer 2023-2027 féach anseo.
Fóillíocht na hÉireann faoin Aer
Forbraíodh leabhrán Fóillíocht nah Éireann faoin Aer trí Chomhairle na Tuaithe chun tuiscint a thabhairt d’úinéirí talún ar a seasamh maidir le rochtain agus dliteanas. Soláthraítear faisnéis ann freisin d’úsáideoirí fóillíochta faoina bhfreagracht phearsanta as a sábháilteacht féin.
Gach seachtain, téann na mílte duine ag siúl agus ag déanamh gníomhaíochtaí áineasa eile faoin aer in Éirinn. In go leor cásanna, bíonn na gníomhaíochtaí seo ar siúl ar thalamh príobháideach, m.sh. téann go leor conairí siúlóide trí thalamh feirme príobháideach. Ba é an imní i measc úinéirí talún go bhféadfaidís a bheith faoi dhliteanas dá ndéanfaí daoine a bhí ag gabháil do ghníomhaíocht áineasa a ghortú ar a dtalamh ceann de na tosca a spreag tabhairt isteach Acht Dliteanais Áititheoirí in 1995 agus an leasú ina dhiaidh sin i mí Iúil 2023.