Áras Pobail Jim Lynch i Leitir Ceanainn oscailte ag an Aire Calleary ar an 25ú Meán Fómhair 2025
- Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meán Fómhair 2025
- Cuireadh maoiniú de €300,000 ar fáil do Leitir Ceanainn faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobal chun síneadh ar an fhoirgneamh seo a mhaoiniú.
Ar cuairt go Leitir Ceanainn, inniu (Déardaoin, 25ú Meán Fómhair 2025) d’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, Áras Pobail Jim Lynch go hoifigiúil, i ndiaidh an síneadh agus an t-athchóiriú a rinneadh air le déanaí.
Agus é ag oscailt Áras Pobail Jim Lynch, dúirt an tAire Calleary:
“Is cúis áthais dom an tsárobair go léir a rinneadh leis an maoiniú de €300,000 a chuir mo Roinn ar fáil trí Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2022 i gcomhair an síneadh ar an áis phobail seo, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a d’oibrigh chun an obair a thabhairt i gcrích.
“An aidhm atá le Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail ná aontacht agus acmhainneacht a chothú trí thacú le pobail chun a n-áiseanna pobail a fheabhsú agus a athchóiriú, le go mbeadh siad mar lárionad do chruinnithe, d’imeachtaí sóisialta agus don phobal i gcoitinne chun dul i mbun réimse seirbhísí sóisialta, spóirt agus pobail.”
Bunaíodh Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail in 2022. Ó bunaíodh é, tá timpeall €110 milliún curtha ar fáil faoin chiste i gcomhair feabhsú agus athchóiriú ar ionaid phobail atá ann cheana, agus chun ionaid nua a thógáil in áiteanna nach raibh seirbhísí sásúla iontu.
Tá gealltanas daingean sa Chlár Rialtais le cinntiú go ndéantar buanchiste leanúnach de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail chun ionaid phobail áitiúla a uasghrádú, a athchóiriú agus a thógáil.
Faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2022, ceadaíodh maoiniú a raibh luach de bhreis is €2.9 milliún aige do níos mó ná 55 ionad i nDún na nGall. Ceadaíodh os cionn €1.6 milliún i gcomhair níos mó ná 40 ionad i nDún na nGall faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024, a d’fhág gurb ionann an maoiniú iomlán a cuireadh ar fáil do Dhún na nGall agus €4.6 milliún.
Dúirt an tAire Calleary:
“Leis na hoibreacha athchóirithe a rinneadh anseo i Leitir Ceanainn, beidh breis spáis ar fáil do ghrúpaí pobail, grúpaí sláinte agus grúpaí oideachais. Rachaidh na seomraí feistis chun tairbhe na gclubanna áitiúla agus is fearr a mbeifear in ann pleanáil a dhéanamh do bhainistiú imeachtaí dá mbarr.
“Rinneadh gealltanas daingean sa Chlár Rialtais le cinntiú go ndéantar buanchiste leanúnach de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail chun ionaid phobail áitiúla a uasghrádú, a athchóiriú agus a thógáil, agus táim ag súil, in éineacht le mo chomhghleacaithe sa Rialtas, go ndéanfar é seo agus go dtabharfar na tionscadail fhaofa i gcrích sna blianta amach romhainn.”
Nótaí d’Eagarthóirí
- Seoladh Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail (CILP) ar dtús in Aibreán 2022 chun maoiniú a chur ar fáil i gcomhair feabhsúchán agus athchóiriú ionad pobail i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon.
- Sa chéad bhabhta den chiste in 2022 cuireadh tacaíochtaí ar fáil a raibh luach idir €10,000 agus €300,000 acu faoi thrí chatagóir. Tríd is tríd, cuireadh €45 milliún ar fáil i gcomhair 860 tionscadal. Faoi CILP 22, leithdháileadh os cionn €2.9 milliún ar Dhún na nGall chun tacú le 56 ionad pobail a athchóiriú agus a uasghrádú.
- In 2023, díríodh CILP ar ionaid phobail nua a thógáil, le maoiniú de €30 milliún leithdháilte ar 12 ionad pobail nua in Aibreán 2024.
- Seoladh babhta eile de CILP in 2024, arís chun tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar áiseanna atá ann cheana. Rinneadh 1,060 iarratas ar CILP 2024 i gcomhair athchóiriú ar ionaid atá ann cheana.
- Ceadaíodh 405 iarratas i gcomhair maoiniú de bhreis is €7.8 milliún faoi chatagóir 1 de scéim 2024 (i.e. tionscadail le maoiniú de suas le €25,000).
- Ceadaíodh 369 iarratas ar an 11ú Márta i gcomhair maoiniú de bheagnach €26.1 milliún faoi chatagóir 2 de scéim 2024 (i.e. tionscadail le maoiniú de suas le €100,000).
- Faoi CILP 2024, leithdháileadh os cionn €1.6 milliún ar Dhún na nGall chun tacú le 41 ionad pobail a athchóiriú.
- Óna bhunú in 2022 i leith, tá timpeall €110 milliún curtha ar fáil ag Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail i gcomhair ionaid phobail atá ann cheana a fheabhsú agus a athchóiriú, agus chun ionaid nua a thógáil in áiteanna nach raibh seirbhísí sásúla ar fáil iontu.
- Tá gealltanas daingean sa Chlár Rialtais le cinntiú go ndéantar buanchiste leanúnach de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail chun ionaid phobail áitiúla a uasghrádú, a athchóiriú agus a thógáil.
- Déanfar cinneadh maidir le cathain a seolfar babhtaí eile agus maidir leis na bearta a bheith san áireamh iontu, ag féachaint do bhainistiú na ngealltanas leanúnach faoin scéim agus don phróiseas bhliantúil bhuiséadach.