Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Aláram Pearsanta Éigeandála

Cuirtear maoiniú ar fáil faoin Scéim Rabhaidh do Sheanóirí le haghaidh aláraim phearsanta éigeandála do sheanóirí.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit a bheith 65 bliain d’aois nó níos sine agus ní mór ceann de na nithe seo a leanas a bheith ag baint leat:

  • tá teacht isteach nó acmhainní teoranta agat
  • tá tú i do chónaí leat féin
  • tá tú i do chónaí leat féin ar feadh tréimhsí suntasacha ama i rith an lae
  • tá tú i do chónaí le duine éigin eile atá incháilithe freisin
  • tá tú ag tabhairt aire do dhuine éigin eile i d’áras cónaithe
  • tá tú i do chónaí i limistéar arna chumhdach ag an ngrúpa cláraithe a riarann an tacaíocht deontais
  • bainfidh tú leas as an trealamh
  • tá tú toilteanach fanacht i dteagmháil leis an ngrúpa cláraithe

Is féidir Foirm Iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ó do chumann cónaitheoirí/do ghrúpa pobail áitiúil ach cliceáil ar an nasc thíos.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat