Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

An Clár Seirbhísí Pobail

Faoin gClár Seirbhísí Pobail cuirtear maoiniú ar fáil chun foireann bhreise a fhostú in eagraíochtaí chun freastal ar bhearnaí sna seirbhísí áitiúla trí bhíthin shamhail fiontair shóisialta. Tugtar deis faoin gclár seo do phobail rochtain a fháil ar sheirbhísí agus áiseanna nach mbeadh ar fáil dóibh murach é.

Tacaítear le trí shnáithe faoin gclár:

  • seirbhísí pobail do dhaoine faoi mhíbhuntáiste (insliú sa bhaile, iompar do dhaoine faoi mhíbhuntáiste, béilí ar rothaí, cúram lae, gníomhaíochtaí sóisialta, slándáil phearsanta, seirbhísí cuairte, raidió pobail agus meáin eile)
  • daoine atá i bhfad ón margadh saothair a fhostú, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine den lucht siúil, mí-úsáideoirí drugaí atá ag téarnamh agus iar-phríosúnaigh. Ní mór don chuideachta nó don chomharchumann dul chun cinn de shaghas éigin thar ceann na n-oibrithe a léiriú
  • foirgnimh le húsáid ag an bpobal, amhail hallaí baile, agus saoráidí a éascaíonn d’oibriú an bhonneagair phobail ó lá go lá

Chun iarratas a dhéanamh

Community Services Programme EOI
Community Services Programme Expression of Interest 2019.
Amharc amharc

[location 4710 ]

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat