Beartas Forbartha Tuaithe 2020+ Comhairliúchán Poiblí
- Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2019
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 4 Meán Fómhair 2019
- Dúnadh na haighneachtaí: 11 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Meán Fómhair 2019
Consultation is closed
Tá beartas forbartha tuaithe uile-Rialtais nua á fhorbairt d'Éirinn faoi láthair ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Leanfaidh sin ón Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a foilsíodh in Eanáir 2017 a dtiocfaidh deireadh lena thréimhse trí bliana in 2019.
Beidh an beartas tuaithe nua réamhbhreathnaitheach, beidh tréimhse cúig bliana i gceist, agus díreofar ar phobail agus ar gheilleagair thuaithe a neartú. Tabharfar forbairtí geilleagracha, sochaíocha agus idirnáisiúnta san áireamh:
- lena n-áirítear athruithe déimeagrafacha laistigh de phobail tuaithe,
- an bhéim níos mó atá anois ar oiriúnú don athrú aeráide, an earnáil agraibhia a éagsúlú,
- an chéad leagan eile de na scéimeanna maoinithe tuaithe (mar shampla CAP agus LEADER)
- bealaí nua oibre agus an t-athrú atá ag teacht ar na cineálacha post a bhíonn ar fáil,
- agus an Breatimeacht.
Suirbhé Comhairliúcháin Phoiblí
D'fhonn an beartas nua a fhorbairt, reáchtáil an Roinn sraith imeachtaí comhairliúcháin le roinnt míonna anuas chun tuairimí a fháil ó pháirtithe leasmhara maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá roimh phobal na tuaithe in Éirinn. De bharr na n-imeachtaí sin, tá an Roinn ag cur fáilte anois roimh aiseolas níos leithne, trí shuirbhé ar líne, maidir leis na dúshláin atá roimh dhaoine atá ag maireachtáil agus ag obair faoin tuath in Éirinn chomh maith leis na deiseanna atá acu. Léirítear na príomhthéamaí atá tagtha chun cinn go dtí seo sna ceisteanna atá sa suirbhé.
Tá an Roinn anois chun suirbhé comhairliúcháin phoiblí a óstáil https://www.surveymonkey.com/r/K2PJ323, a bheidh ar fáil ar líne ó Dé Máirt an 3 Meán Fómhair go dtí Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair 2019.
Tríd an suirbhé ar líne seo, fáiltímid roimh thuairimí ó dhuine ar bith ar mian leis/léi cuidiú leis an mbeartas nua seo a fhorbairt, go háirithe daoine atá ag maireachtáil agus ag obair faoin tuath in Éirinn.
Ceardlanna Comhairliúcháin Phoiblí
Chomh maith leis sin, óstálfaidh an Roinn dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí d'fhonn eolas a dhéanamh don chéad chéim eile den pholasaí forbartha tuaithe in Éirinn. Trí na ceardlanna seo, féachfar le tuairimí a fháil ó dhaoine maidir leis na dúshláin atá rompu agus na deiseanna atá acu agus a bpobail féin sna chúig bliana atá le teacht, agus na gníomhartha atá ag teastáil chun cuidiú le pobail faoin tuath in Éirinn le go mbainfidh siad barr a n-acmhainne amach. Reáchtálfar na himeachtaí seo Dé Luain an 30 Meán Fómhair in Óstán Hibernian i Mala, Co. Chorcaí agus Dé Máirt an 01 Deireadh Fómhair in Óstán an Heritage i gCoill an Aird, Co. Laoise. Is féidir le duine ar bith a bhfuil spéis acu a bheith i láthair clárú ar Eventbrite anseo .
Is cuid de shraith tionscnamh ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an polasaí tuaithe nua seo chun tacú le pobail faoin tuath agus iad a fhorbairt.