English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer

  • Ó: An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

  • Foilsithe: 3 Bealtaine 2022
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 3 Bealtaine 2022
  • Dúnadh na haighneachtaí: 17 Bealtaine 2022
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Consultation is closed


Maidir leis an gComhairliúchán

Tá Straitéis Naisiúnta Áineasa Faoin Aer á forbairt faoi láthair ag Comhairle na Tuaithe i gcomhar leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, comhairliúchán poiblí chun tuairimí páirtithe leasmhara agus an phobail a lorg d'fhonn eolas a dhéanamh do Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer nua an Rialtais.

Dúirt an tAire Humphreys:

"Ní raibh an oiread luacha riamh leis na saoráidí faoin aer atá againn is a bhí le bliain anuas, agus is fearr an tuiscint atá againn ar a thábhachtach atá siad don fholláine mheabhrach agus coirp - conairí siúlóireachta, rotharbhealaí, aibhneacha, foraoisí agus sléibhte san áireamh. Beidh ról fiúntach ag an áineas faoin aer chun tacú le téarnamh na hÉireann de réir mar a mhaolófar na srianta atá ar ghluaiseacht daoine agus mar a osclóidh earnáil na turasóireachta ina hiomlán. Beidh sé d'acmhainn ag Straitéis Naisiúnta Áineasa Faoin Aer atá comhtháite dul chun tairbhe gheilleagair na tíre agus coinsiasacht i leith na tuaithe a chur chun cinn ag an am céanna."

"Tá ríméad orm go bhfuil Comhairle na Tuaithe ag stiúradh na hoibre seo i gcomhar leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail."

Cuirfear fís agus creat uileghabhálach ar fáil sa straitéis seo d'fhás agus d'fhorbairt áineasa faoin aer in Éirinn, ag cruthú cur chuige comhroinnte do na straitéisí, cláir, gníomhaireachtaí agus gnéithe ar fad in earnáil áineasa faoin aer na hÉireann.


Céard is Áineas Faoin Aer ann?

Is éard atá i gceist le 'áineas faoin aer' ná na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sa timpeallacht nádúrtha, amhail siúl, canúáil, rothaíocht sléibhe, treodóireacht agus snámh fiáin. Níl na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl lasmuigh ar chúrsaí nó ar pháirceanna imeartha teoranta san áireamh, (amhail galf, peil, seóléimneach), ná mótarghníomhaíochtaí (amhail cuadrothair).


Forléargas ar an gComhairliúchán

Is próiseas comhairliúcháin dhá chéime atá i gceist ina spreagtar páirtithe leasmhara agus daoine aonair a gcuid tuairimí maidir le háineas faoin aer a roinnt.

  • Céim 1

Tá an chéim seo ag dul ar aghaidh faoi láthair (féach thíos comhairle maidir le hionchur a dhéanamh).

  • Céim 2

Nuair a bheidh Dréachtstraitéis ullmhaithe, reáchtálfar glao ar aiseolas ar an gcáipéis níos déanaí i mbliana.


Céim 1 den Chomhairliúchán Poiblí

Le Céim 1 den Chomhairliúchán Poiblí, tugtar deis don phobal ionchur a bheith acu ag luathchéim d'fhorbairt na Straitéise. An aidhm atá ann ná réimse leathan tuairimí a fháil chun príomhthéamaí na Straitéise a mhúnlú.

Tá Céim 1 den Chomhairliúchán Poiblí ar oscailt faoi láthair. Is é an 23 Meitheamh 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.


Céim 2 den Chomhairliúchán Poiblí

Níl Céim 2 den Chomhairliúchán Poiblí ar oscailt go fóill.

Ag an gcéim seo den chomhairliúchán poiblí, eiseofar cáipéis Dréachtstraitéise ina dtabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara agus do dhaoine aonair aiseolas mionsonraithe a thabhairt sula gcuirfear an Straitéis i gcrích.


Tuilleadh Eolais

Is féidir ceist ar bith a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin a sheoladh ar ríomhphost chuig NORS@drcd.gov.ie


Céard a dhéanfaimid le do fhreagra?

Déanfaidh na freagraí eolas don Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer atá le hullmhú.


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do theagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a dhéanamh i dtaca leis an gcomhairliúchán seo. Cuirfear gach aighneacht agus aiseolas san áireamh sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer.

Tabhair ar aird go mbeidh freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol 2007-20014 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.

Má tá faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála nó faisnéis faoi rún san áireamh mar chuid de fhreagra ar an gcomhairliúchán, faisnéis nár mhian leis an bpáirtí a scaoileadh faoi FOI, AIE ná a fhoilsiú ar aon bhealach eile, ba chóir sin a chur in iúl go soiléir.

Ba mhaith linn d'aird a dhíriú ar Fhógra Príobháideachais na Roinne maidir le Cosaint Sonraí atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ina mínítear an bealach agus an uair a bhailímid sonraí pearsanta, an chúis go mbailímid sonraí pearsanta agus mar a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Mínítear freisin ann do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus mar is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.