English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Dréacht den Bheartas don Chomhairliúchán Poiblí: An Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn 2019-2022

  • Ó: An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

  • Foilsithe: 23 Aibreán 2019
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 23 Aibreán 2019
  • Dúnadh na haighneachtaí: 14 Bealtaine 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Consultation is closed

Dréacht den Bheartas don Chomhairliúchán Poiblí: An Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn 2019-2022
Amharc amharc

Maidir leis an gComhairliúchán

Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas chun Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta a

fhorbairt agus a fhoilsiú (féach Gníomh 99 den Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe). An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá ag stiúradh fhorbairt an bheartais seo agus tá taighde deisce, ceardlanna agus comhairliúcháin le go leor páirtithe leasmhara le linn tréimhse 18 mí mar bhonn agus mar thaca aige.

Tá dréacht den Bheartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta foilsithe ag an Roinn anois le haghaidh comhairliúchán poiblí. Is ón 23 Aibreán go dtí an 14 Bealtaine 2019 a bheidh an tréimhse comhairliúcháin ar siúl.


An bealach le bheith rannpháirteach

Is é an bealach atá molta ná ríomhphost a sheoladh chuig: SEConsultation@drcd.gov.ie

Nó mar mhalairt air sin, is féidir freagraí a sheoladh ar an bpost chuig:

Comhairliúchán ar an mBeartas maidir le Fiontraíocht Shóisialta, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Trinity Point, 10-11 Sráid Laighean Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 EF85.

Cuir do chuid sonraí teagmhála iomlána agus ainm na heagraíochta nó an eintitis a bhfuil tú ag cur freagra ar aghaidh thar a ceann nó a cheann, más cuí.

Ba chóir aighneachtaí a choinneáil chomh gonta agus is féidir agus gan dul thar 10 leathanach i gcás ar bith. Ní bhreithneofar aon aighneachtaí a fhaightear i ndiaidh an dáta deiridh an 14 Bealtaine 2019.


Saoráil Faisnéise

Ba chóir do fhreagróirí a thabhairt ar aird go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil

Faisnéise 2014 agus faoi réir na reachtaíochta Cosanta Sonraí.

Níor chóir aon fhaisnéis phearsanta, faoi rún nó atá íogaireach ar bhonn tráchtála a bheith i

d'aighneacht agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá i d'aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.


Cad a dhéanfaimid le do fhreagra?

Beidh na freagraí ina lón eolais don Bheartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta atá le hullmhú.

D'fhéadfaí aon aighneacht a fhaightear a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Roinne.

Dréacht den Bheartas don Chomhairliúchán Poiblí: An Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn 2019-2022
Amharc amharc