English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Ráiteas Straitéise 2025-2028 - gairm ar aighneachtaí

Tá Ráiteas Straitéise nua á ullmhú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus na Gaeltachta faoi láthair chun tréimhse 2025-2028 a chlúdach.

Leagfar amach sa doiciméad tábhachtach seo fís straitéiseach na Roinne agus muid ag féachaint le cur leis an dul chun cinn a rinneadh ó bunaíodh muid in 2017.

Déanfaidh gealltanais a tugadh i gclár an Rialtais - Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, chomh maith le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030; Ár dTodhchaí Tuaithe; Pobail Inbhuanaithe, Uilechuimsitheacha agus Cumhachtaithe agus beartais ábhartha eile eolas d’fhorbairt ár Ráiteas Straitéise.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, tugtar cuireadh duit do thuairimí a chur in iúl a thabharfaidh tuilleadh eolais d’fhorbairt ár gcéad Ráiteas Straitéise eile.

Is féidir ár Ráiteas Straitéise reatha a léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Aighneachtaí

Ba chóir aighneachtaí a sheoladh chuig coordination@drcd.gov.ie agus “Ráiteas Straitéise 2025-2028” sa líne ábhair.

Is é 5 i.n. ar an 25 Aibreán an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.

Saoráil Faisnéise

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil sé beartaithe go gcuirfear gach aighneacht a gheofar ar fáil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus mar sin go bhféadfaí iad a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin tar éis fhoilsiú an Ráiteas Straitéise.