English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Straitéis don tseirbhís leabharlainne poiblí

  • Ó: An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

  • Foilsithe: 7 Meitheamh 2022
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 7 Meitheamh 2022
  • Dúnadh na haighneachtaí: 9 Iúil 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Consultation is closed

Tá comhairliúchán poiblí maidir le straitéis nua don tseirbhís leabharlainne poiblí ar oscailt.

Is é príomhchuspóir an chomhairliúcháin seo tuairimí an phobail a lorg agus meon daoine i leith na seirbhíse leabharlainne a thuiscint. Lorgófar aiseolas leis freisin maidir leis an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar sheirbhísí chomh maith le rochtain, úsáid agus feiceálacht na leabharlainne poiblí.

Cuideoidh an comhairliúchán le Straitéis Leabharlainne Poiblí nua a fhorbairt a fhoilseofar an bhliain seo chugainn. Beidh an straitéis seo ina bonn taca d’infheistíocht leanúnach rialtais agus údaráis áitiúil sa tseirbhís leabharlainne poiblí sna cúig bliana atá amach romhainn.

Roinn do thuairimí maidir leis an straitéis anseo

Tiocfaidh an straitéis nua in áit na straitéise ‘Ár Leabharlanna Poiblí 2022 - Pobail a Spreagadh, a Cheangal agus a Chumasú’. Is mar gheall ar an dul chun cinn mór a rinneadh leis na straitéisí roimhe seo go bhfuil sé tábhachtach cur le móiminteam na dtorthaí atá bainte amach cheana. Tá straitéis nua ag teastáil chun é seo a chur in oiriúint i bhfianaise na gcúinsí an-éagsúil, na ndúshlán nua agus na ndeiseanna atá ag teacht chun cinn.

Táthar ag forbairt straitéis nua i gcomhpháirtíocht leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus le Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA) agus foilseofar é ag tús na bliana 2023. Plean cúig bliana a bheidh i gceist leis do thréimhse 2023-2027 agus leagfar amach ann an comhthéacs straitéiseach do thuilleadh infheistíochta i mbonneagar, teicneolaíocht, cláir agus seirbhísí leabharlainne.

Raon an chomhairliúcháin

Tá an comhairliúchán oscailte do gach duine in Éirinn agus in aon tír eile. Déanfar ceistneoir suirbhé a phoibliú go forleathan trí mheáin éagsúla do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí, agus reáchtálfar clár ceardlann, grúpaí fócais agus agallamh aonair le príomhpháirtithe leasmhara.

Tá trí chuid i gcuspóir uileghabhálach an chláir comhairliúcháin:

  • An méid a baineadh amach le cúig bliana anuas agus an chuma atá ar chúrsaí anois agus na leabharlanna ag féachaint chun cinn don chúig bliana atá amach romhainn a chur in iúl agus machnamh a dhéanamh orthu
  • Dul i mbun comhairle maidir leis an bhfís, leis an misean, leis na luachanna agus leis na tosaíochtaí atá beartaithe atá le bheith ina mbonn taca don chomhthéacs straitéiseach don chúig bliana atá amach romhainn
  • Dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, le baill foirne agus le húsáideoirí leabharlainne maidir le téamaí aitheanta agus le línte fiosrúcháin chun machnamh a dhéanamh i dtosach ar an staid reatha, agus ansin chun réimsí a bhféadfaí tosaíocht a thabhairt dóibh nó a d’fhéadfaí a fhorbairt a aithint