English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Binse Achomhairc do Charthanais

Bunaíodh an Binse Achomhairc do Charthanais le héifeacht ón 1 Lúnasa 2016.

Tá sé mar aidhm leis an mbinse achomhairc in aghaidh cinntí áirithe an Rialtóra Carthanais a éisteacht agus breith a thabhairt ina leith, faoi faoi Alt 45 den Acht Carthanas 2009 . Tá an binse neamhspleách ó thaobh a chuid feidhmeanna reachtúla a fheidhmiú. Tháinig rialacha an bhinse i bhfeidhm ar an 4 Iúil 2018.

Déantar foráil in Alt 79 den Acht Carthanas 2009 gur féidir leis an mbinse a chuid rialacha agus nósanna imeachta féin a dhéanamh (le cead ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail).

Cuirfidh an roinn tacaíocht rúnaíochta ar fáil don bhinse achomhairc.

Rialacha an Bhinse Achomhairc do Charthanais (Acht Charthanas 2009) 2018 Uimh. IR. 209 de 2018

Comhaltaí Boird an Bhinse Achomhairc do Charthanais

  • Pat O’Connor – Cathaoirleach
  • Deirdre Kiely
  • Karen Smyth
  • Bill Holohan
  • Carol Fawsitt

________________________________________

Chun achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh an Rialtóra Carthanais, íoslódáil an fhoirm iarratais thíos.

Foirm Iarratais an Bhinse Achomhairc do Charthanais

Foirm iarratais chun gearán a chur faoi bhráid an Bhinse Achomharc do Charthanais.

Íoslódáil