English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Rannóg Forbartha Tuaithe agus Gnóthaí Réigiúnacha

Cuireann an Rannóg Forbartha Tuaithe agus Gnóthaí Réigiúnacha pobail bhríomhara, inbhuanaithe agus uilechuimsitheacha chun cinn agus déanann éascú ar dhul chun cinn eacnamaíochta agus sóisialta inbhuanaithe fadtéarmach i gceantair thuaithe na hÉireann trí chur chuige comhordaithe ar fud an Rialtais.

Ar phríomhionstraim chun an cuspóir seo a sheachadadh tá Plean Gníomhaíochta an Rialtais d’Fhorbairt Tuaithe an rialtais ina bhfuil sraith bearta le hacmhainneacht pobail agus fiontair thuaithe a nochtadh trí chreat tacaíochtaí ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

Áirítear ar réimsí eile de ghníomhaíochtaí na rannóige, feidhmiú Chlár Tuaithe LEADER 2014-2020, seachadadh raon scéimeanna eile a thacaíonn le turasóireacht agus le háineas, recreation, An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile , and Scéim athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, agus feabhsúcháin áitiúla agus comhordú na mBailte Slachtmhara .

Tá na tionscadail seo á maoiniú trí CLÁR agus trí Ciste na gCuntas Díomhaoin .

Tá ról tábhachtach ag an rannóg freisin i bhforbairt réigiúnach, go háirithe trí éascú a dhéanamh ar choincheap Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh agus tacú le bonneagar leathanbhanda ardluais agus teileachumarsáide a leathadh amach ar fud cheantair thuaithe na hÉireann.